Fógraíonn an Roinn Iarraidh ar Thairiscintí chun tionscnamh Fiontraithe Ban Tuaithe a fhorbairt faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara nós imeachta iomaíoch um sholáthar poiblí faoi Chiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe 2024 le haghaidh Clár um Fhorbairt Fiontraíochta Ban Tuaithe Nuaghinte.
Tá an Roinn ar thóir tograí ó sholáthraithe seirbhíse oiriúnacha oilte a bhfuil sé de chumas agus d’fhís acu clár oibre saincheaptha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí scileanna, fiontraíochta agus inniúlachta i measc fiontraithe ban atá ag teacht chun cinn faoin tuath agus cuirtear san áireamh na bacainní atá in ann teorainn a chur le gníomhaíocht fiontraíochta i limistéir thuaithe.
Tá maoiniú á chur ar fáil chun clár a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm atá dírithe ar mhná fiontraíochta atá ag teacht chun cinn agus atá ag cur fúthu i limistéir thuaithe.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
• Tháinig Ciste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe na Roinne ar an bhfód ó thuarascáil an Choimisiúin um Fhorbairt Eacnamaíoch Limistéar Tuaithe (CEDRA) ina raibh moladh gur cheart Ciste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe a fhorbairt, chun tacú le ‘tionscnaimh phíolótacha nuálacha, ar scála beag ina ndéantar iniúchadh ar an raon éagsúil acmhainneachta a sainaithníodh trí phróiseas CEDRA. Tá an tionscnamh seo d’Fhiontraithe Ban Tuaithe i gcomhréir go hiomlán le plean CEDRA.
• Eisíodh Iarraidh ar Thairiscintí (RFT) lena foilsiú an 7 Bealtaine 2024 ar shuíomh gréasáin eTenders leis an uimhir CFT / ID Tairisceana 3535759 agus ar shuíomh gréasáin Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (Uimhir foilseacháin 269700-2024; Uimhir eisiúna OJ S: 89/2024). Beidh gá clárú ar shuíomh eTenders ag www.etenders.gov.ie/ chun teacht ar an Iarraidh ar Thairiscintí. Baineann an Iarraidh ar Thairiscintí seo le seirbhísí a fháil chun clár forbartha fiontraíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, clár a bheidh dírithe ar mhná fiontraíochta atá ag teacht chun cinn agus atá ina gcónaí i limistéir thuaithe. Is é 17.00 ar an 10 Meitheamh 2024 an spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach. Déanfar measúnú ar na tairiscintí trí phróiseas iomaíoch chun tionscadail mholta a mhaoiniú.