D’fhógair an tAire Humphreys athruithe maidir le hÍocaíochtaí Cothabhála Leanaí chun tacú le Tuismitheoirí Aonair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’achtaigh Heather Humphreys TD, an tAire Coimirce Sóisialaí, rialacháin, rud a chiallaíonn nach gá do thuismitheoirí aonair a chruthú a thuilleadh go bhfuil iarrachtaí déanta acu cothabháil leanaí a lorg ó thuismitheoir eile a linbh, agus iarratas á dhéanamh acu ar an íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó ar Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist.
Agus na hathruithe á bhfógairt aici, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá rialacháin sínithe agam, rud a chiallaíonn nach mbeidh ar iarratasóirí ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus ar Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist iarrachtaí a dhéanamh cothabháil a lorg ó thuismitheoir eile a linbh a thuilleadh.
“De dheasca an riachtanais seo ba mhinic a b’éigean do thuismitheoirí aonair dul chun na Cúirte chun ordú cothabhála a lorg, ach mar thoradh ar an athrú seo cuirfear deireadh le haon strus breise a d’fhéadfadh a bheith orthu. Chomh maith leis seo cuideoidh sé leis an ualach ar ár gcóras cúirteanna a laghdú.”
Lena chois sin, bainfidh os cionn 16,000 tuismitheoir aonair tairbhe as athruithe a fhágfaidh go dtabharfar neamhaird ar íocaíochtaí Cothabhála Leanaí sa tástáil mhaoine le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Feicfidh cuid mhór tuismitheoirí aonair ar rátaí laghdaithe íocaíochta ardú ina n-íocaíochtaí agus beidh daoine eile incháilithe le haghaidh íocaíochta. Meastar go gcosnóidh an beart seo thart ar €10 milliún in aghaidh na bliana.
Níor cuireadh na forálacha coibhneasta dliteanacha i bhfeidhm ar éilimh nua ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora. Dá bhrí sin, ní fhéachann an Roinn a thuilleadh le cuid de chostais éilimh a fháil ar ais ó na tuismitheoirí neamhchónaitheacha. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach sáróidh deireadh a chur leis na forálacha seo an phríomhfhreagracht a luíonn faoi thuismitheoirí soláthar a dhéanamh do chothabháil a leanaí agus nach ionann é agus a rá nach luíonn an phríomhfhreagracht seo fúthu.
Cuirfear an dá athrú seo i bhfeidhm tar éis leasuithe ar an reachtaíocht, atá beagnach curtha i gcrích anois mar thoradh ar cheadú an Rialtais.
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Tá lúcháir orm go bhfuair mé cead le déanaí ón Rialtas chun na hathruithe ar an reachtaíocht phríomha a dhréachtú, athruithe a theastaíonn maidir le forálacha na ngaolta faoi dhliteanas agus baint íocaíochtaí cothabhála leanaí den mheasúnú sa tástáil mhaoine.
“Tá dréacht de Cheannteidil an Bhille seolta agam chuig an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach. Tá súil agam an Bille a fhoilsiú chomh luath agus is féidir san fhómhar.
“Is leasuithe an-suntasach iad seo ar an gcóras leasa shóisialaigh a rachaidh go mór chun tairbhe do thuismitheoirí aonair.”
Tá na hathruithe bunaithe ar mholtaí Thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Leanaí maidir leis an gcóras leasa shóisialaigh, ar ghlac an Rialtas leis. Bhunaigh an Rialtas an Grúpa Athbhreithnithe chun scrúdú a dhéanamh ar raon saincheisteanna a bhaineann le cothabháil leanaí in Éirinn. Rinne iar-Bhreitheamh Cúirte Cuarda Catherine Murphy cathaoirleacht ar an ngrúpa, agus bhí gairmithe beartais, dlí agus acadúla mar chuid de.
Nótaí d’Eagarthóirí
Cuireadh de chúram ar an nGrúpa Athbhreithnithe um Chothabháil Leanaí measúnú agus moltaí a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:
Mar chuid den obair seo, rinne an Grúpa mionchomhairliúchán poiblí cuimsitheach agus scrúdaigh siad cleachtas idirnáisiúnta.
I dtaca leis na hathruithe leasa shóisialaigh, mhol an Grúpa an méid seo a leanas:
Ghlac an Rialtas leis na moltaí sin ar fad. Shínigh an tAire Coimirce Sóisialaí Rialacháin le déanaí chun deireadh a chur leis an riachtanas d’iarratasóirí ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus ar Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist chun iarrachtaí a dhéanamh cothabháil a lorg ó thuismitheoir eile a linbh. Tá an tAire agus a Roinn ag obair ar an reachtaíocht riachtanach chun na leasuithe eile a chur i bhfeidhm