Tá síneadh curtha leis an spriocdháta don ghairm ar thograí le haghaidh Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht maidir le Lapairí Goir
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu síneadh ar an dáta deiridh don Ghairm ar Thograí de €25 milliún le haghaidh Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht (EIP) ar théama na Lapairí Goir. Dúnfar an Ghairm anois ag 5pm Dé Máirt an 30 Eanáir 2024.
Is iad príomhchuspóirí an tionscadail EIP seo ná pobail lapairí reatha a chaomhnú, an Crotach, an Dún, an Pilibín, agus an Fheadóg Bhuí san áireamh, i measc eile, ag príomhláithreacha agus tacú le téarnamh pobail trí bhainistíocht tírdhreacha níos leithne agus forbairt beartais. Tá stádas caomhantais neamhfhabhrach ag gach pobal, agus tá cuid acu i mbaol díothaithe náisiúnta mar éin ghoir.
Is féidir tuilleadh eolais maidir le tionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuálaíocht agus na treoirlínte don ghairm seo ar thograí a rochtain ar shuíomh gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/en/service/18a855-european-innovation-partnership-scheme/ nó trí dhul i dteagmháil le breedingwaderseip@agriculture.gov.ie
CRÍOCH
Ba cheart ceisteanna maidir leis an nGairm seo a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: breedingwaderseip@agriculture.gov.ie