Cúigear ball nua le bheith ar Fáilte Éireann - an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na cúig cheapachán nua seo a leanas chuig Fáilte Éireann - an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta fógartha inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.:
• Catherine Corbett
• An Dr. Donagh Davern
• An Dr. Anna M. Kelly
• Daniel Mc Loughlin
• Una Ryder
Ag trácht ar na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh leis an gcúigear a cheapfar, ar léirigh gach duine acu tiomantas iontach do shármhaitheas ina réimsí faoi seach agus guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí. Cuireann ceapacháin na n-iarrthóirí ardcháilíochta seo chuig an Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta tuilleadh le treo straitéiseach agus fís obair Fáilte Éireann.”
Ag labhairt di inniu, dúirt Cathaoirleach Fáilte Éireann Ruth Andrews:
“Thar ceann an Údaráis agus na foirne feidhmiúcháin ag Fáilte Éireann, cuirim fáilte ó chroí roimh chomhaltaí nua an Údaráis agus tréaslaím leo. Tá gach duine acu ardcháilithe, agus tá taithí acu agus meas orthu ina réimsí. Táim ag tnúth le bheith ag obair leo agus muid ag leanúint ar aghaidh ag tacú lenár dtionscal turasóireachta chun forbairt inbhuanaithe agus rathúlacht a dhéanamh. Cuirfidh an saibhreas taithí a thabharfaidh na cúigear ball nua seo an-luach le Fáilte Éireann, le hearnáil na turasóireachta, agus leis an tír i gcoitinne.”
Tagann na ceapacháin i ndiaidh glao poiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Catherine Corbett
Tugann Catherine breis agus tríocha bliain de thaithí ceannaireachta sinsearach airgeadais a chuimsíonn gnólachtaí móra, meánmhéide agus beaga i seirbhísí gairmiúla, dlí agus fógraíocht. Áiríodh lena cuntas teiste láidir a ról feidhmiúcháin is déanaí mar Phríomhoifigeach Airgeadais do Deloitte Ireland agus mar Cheannaire Airgeadais ag EY roimhe sin.
Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin le taithí í Catherine freisin agus í ag fónamh faoi láthair ar Bhoird Chumann Galar Néaróin Mótar na hÉireann agus Zero Waste Scotland, áit a bhfuil sí ina Cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchta & Riosca. Roimhe sin, d’fhóin sí ar Bhord Fhondúireacht Ospidéal Náisiúnta na Leanaí i róil éagsúla ó bhall de na Coistí Airgeadais agus Infheistíochta go Cathaoirleach an Bhoird.
Tar éis di cónaí sa Bhruiséil, i bPáras agus i Londain, ag obair do chuideachtaí ilnáisiúnta Big 4 agus FTSE 100, tá dearcadh leathan idirnáisiúnta ag Catherine freisin.
An Dr Donagh Davern
Is léachtóir fáilteachais agus iar-Bhainisteoir Ginearálta óstán é an Dr Donagh Davern FIHI. Bhain sé céim amach ó Choláiste Bainistíochta Óstáin na Sionainne agus d’oibrigh sé in earnáil na n-óstán in Éirinn, san Eilvéis agus i SAM. Bhainistigh sé a chéad óstán, an Killarney Park Hotel, ag 25 bliain d’aois agus bronnadh Bainisteoir Fáilteachais Óg na Bliana an IHI air ag an am sin. Rinne sé staidéar do M.Sc. i mBainistíocht Fáilteachais ag TUD agus chuaigh sé ar aghaidh lena scrúduithe gairmiúla cuntasaíochta a chríochnú le bheith ainmnithe mar CPA. Bronnadh Comhaltacht Institiúid Fáilteachais na hÉireann air. Rinne sé staidéar páirtaimseartha dochtúireachta i mBainistíocht Fáilteachais in Ollscoil Surrey ar an ábhar Brandáil Fostóirí agus bronnadh PhD air in 2020. Is léachtóir é Donagh sa Roinn Turasóireachta agus Fáilteachais in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus cuireann sé go rialta leis na meáin chumarsáide ar ábhar an tionscail fáilteachais. Bíonn Donagh páirteach go bliantúil in iniúchtaí óstán le haghaidh dámhachtain náisiúnta agus feidhmíonn sé mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin do roinnt cuideachtaí neamhbhrabúis. Is Breitheamh é freisin do Ghradaim Fhostóra Cáilíochta na Bliana de chuid Chónaidhm Óstáin na hÉireann agus Fostaí Náisiúnta na Bliana dá gcuid. Bhí Donagh i gceannas ar an nGrúpa Oibre le déanaí chun an Clár Fostóra Cáilíochta do Chónaidhm Óstáin na hÉireann a athshamhlú agus a athsheoladh.
An Dr Anna M. Kelly
Is saineolaí cuimsitheachta agus inrochtaineachta í an Dr Anna M. Kelly. Thosaigh a gairm mar mhúinteoir Eacnamaíocht Bhaile, a mhair níos mó ná daichead bliain anois, go príomha i mBreisoideachas agus Ardoideachas. Is múinteoir le taithí, príomhoide, ceannaire sinsearach oideachais, údar foilsithe, agus stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin neamhspleách í, a bhfuil saineolas leathan aici ar éagsúlacht, inrochtaineacht agus dearadh cuimsitheach. Tá saineolas suntasach, eolas agus teist shuntasach ag Anna i gceannaireacht institiúideach shinsearach i UCD, FÁS, NRB agus Teach Mhichíl.
D’fhóin Anna mar Stiúrthóir, Rochtana & Foghlaim ar Feadh an tSaoil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar feadh breis agus deich mbliana, áit ar dhear sí samhail na hOllscoile do Chách, an chéad chlár in Éirinn d’athrú institiúideach agus d’athrú cultúir, chun eispéireas oideachasúil cuimsitheach agus éagsúil a fhorbairt do gach mac léinn, beag beann ar chúlra nó imthosca.
Leanann obair Anna ar inrochtaineacht agus cuimsitheacht ar aghaidh: tá sí ina hOllamh Comhlach agus ina Comhstiúrthóir ag Ionad Taighde um Dhearadh Cuimsitheach UCD. Déanann sí meastóireachtaí neamhspleácha freisin ar bhreisoideachas agus ardoideachas, thar ceann Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann. Is Stiúrthóir Neamhspleách Neamhfheidhmiúcháin í ar Fhondúireacht Muiríosa, tá sí ina cathaoirleach ar Phainéal Neamhspleách Achomharc Sparánachta 1916 Chumann na nOllscoileanna Éireannacha, agus ina ball den Bhord Eagarthóireachta agus ina hEagarthóir Cleachtas Nuálaíoch, ag an Iris um Leathnú Rannpháirtíochta agus Foghlama ar feadh an tSaoil, san Ollscoil Oscailte sa Ríocht Aontaithe.
Daniel McLoughlin
D’oibrigh Daniel le breis agus 30 bliain i bpoist cheannaireachta rialtais áitiúil lena n-áirítear mar Phríomhfheidhmeannach i gComhairlí Contae Liatroma, na hIarmhí agus Átha Cliath Theas. Tá taithí fhairsing aige ar fhorbairt straitéise Turasóireachta agus ar sholáthar bonneagair ghaolmhar lena n-áirítear tionscadail iomadúla a chuir le turasóireacht ó thaithí agus inbhuanaitheacht trasna eispéiris ealaíon, cultúir, spóirt agus oidhreachta. Tá clárchosán cois abhann na Sionainne, ionad fóillíochta Liatroma agus an Duga i gCora Droma Rúisc, gailearaí ealaíne an Luáin agus ionad cuairteoirí an Chaisleáin i mBaile Átha Luain, ionad cuairteoirí cloigtheach Chluain Dolcáin, féarbhealach na Dothra, éadáil Theach Leamhcáin, ionad cuairteoirí Shléibhte Bhaile Átha Cliath, agus leathnú agus athfhorbairt Staid Thamhlachta ionadaíoch ar a sheachadadh tionscadal a thacaíonn le agus a chuireann an Turasóireacht chun cinn mar ghníomhaire d'fhás eacnamaíoch. I seachadadh na dtionscadal seo, d’oibrigh sé go dlúth agus chomhoibrigh sé le pobail áitiúla, leasanna gnó, Fáilte Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí, Uiscebhealaí Éireann, ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Bhí baint lárnach aige freisin le forbairt beartais phoiblí agus straitéise ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear róil mar chathaoirleach ar an gCumann Bainistíochta Contae agus Cathrach, cathaoirleach ar Thascfhórsa Soláthair Tithíochta Bhaile Átha Cliath, Cathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha náisiúnta um ghníomhaíocht aeráide na n-údarás áitiúil, ball de Chumann Bainistíochta na Cathrach agus Tascfhórsa Turasóireachta Bhaile Átha Cliath, grúpa stiúrtha comhordaithe Turasóireachta Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus an grúpa ceannaireachta Náisiúnta Spóirt.
Ag tarraingt ar a thaithí chuimsitheach ar phoist cheannaireachta náisiúnta agus áitiúla, cuireann Daniel seirbhísí comhairleoireachta bainistíochta neamhspleácha ar fáil sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha faoi láthair.
Una Ryder
Is stiúrthóir sinsearach í Una Ryder le breis agus 30 bliain de thaithí intíre agus idirnáisiúnta ag obair sna hearnálacha eitlíochta agus turasóireachta agus ag tabhairt comhairle orthu, chomh maith le seirbhísí gairmiúla. Baineann a saineolas lárnach le margaíocht, branda agus straitéis ghnó lena n-áirítear léargas tomhaltóra, deighilt an mhargaidh, nuálaíocht táirgí agus seirbhíse agus cumarsáid mhargaíochta. Tá MBA onóracha aici ó UCD, Scoil Iarchéime Gnó Michael Smurfit agus Dioplóma i dTreoir Comhlachta ó Institiúid na Stiúrthóirí. Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin í ar charthanacht náisiúnta san earnáil cúram sláinte.