Síneadh le cur le Clár Éire Ildánach go dtí an bhliain 2027
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cinneadh an rialtais síneadh a chur leis an gclár cultúir agus folláine a athraíonn daoine, áiteanna agus pobail ó bhun tríd an gcruthaitheacht fógartha ag an Aire Martin
Tá cinneadh an Rialtais i bprionsabal chun síneadh a chur leis an gClár Éire Ildánach go dtí 2027 fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD inniu.
Seoladh Éire Ildánach sa bhliain 2017 mar chlár cultúir agus folláine uile-rialtais a bhí tiomanta don fhís gur cheart go mbeadh deis ag gach uile dhuine teacht in inmhe go hiomlán ó thaobh cruthaitheachta de. Bunaíodh an clár ina thionscnamh leagáide de Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, agus is é an t-aon chlár dá leithéid ar domhan.
Is é fís bhunaidh an chláir ná go gcaithfidh an chruthaitheacht a bheith i gcroílár beartas poiblí agus go gcuireann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúir agus chruthaitheachta le folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin i gcoitinne. Comhoibríonn Éire Ildánach le ranna rialtais agus le heagraíochtaí ealaíon, pobail agus deonacha chun leas a bhaint as an gcruthaitheacht mar straitéis don folláine, do chomhtháthú sóisialta agus do rath eacnamaíochta.
I dteannta an tionscnaimh Óige Ildánach, a bhfuil an-rath air, bhí ról an-tábhachtach ag Pobail Ildánacha, comhpháirtíocht an chláir leis na 31 údarás áitiúil, agus ag na tionscadail chruthaitheacha a sheachaid siad go dtí seo, a bhfuil breis is 5,700 acu ann, maidir le rannpháirtíocht faoi stiúir an phobail ar fud na tíre a chumasú.
Dúirt an tAire Martin:
“Cuirim fáilte ó chroí roimh chinneadh an Rialtais chun an Clár Éire Ildánach, ar clár uile-rialtais é, a chur i bhfeidhm go ceann cúig bliana eile, agus chun bheith ag obair in éineacht liomsa sna míonna atá amach romhainn chun creat an chláir a fhorbairt. Clár nuálach agus éifeachtach a bhí sa chlár seo maidir leis an deis a chur ar fáil do dhaoine an cumas cruthaitheachta atá iontu a fhiosrú. Rinneadh príomh-thionscnaimh amhail Cruinniú na nÓg agus Scoileanna Ildánacha a leabú i mbonneagar cultúir na tíre. Tá tionscadail nua a fhreagraíonn do shaincheisteanna comhaimseartha sóisialta amhail gníomhú ar son na haeráide agus uaigneas tagtha chun cinn. Le tacaíocht mo chomhghleacaithe comh-aireachta, tá mé ag súil go mór le Clár Éire Ildánach a fhorbairt, clár lena leanfar d’fheabhas a chur ar shaol na ndaoine sna blianta atá romhainn.
Is é atá i gceist le cinneadh an Rialtais i bprionsabal ná go leanfar leis an gClár Éire Ildánach go ceann cúig bliana eile, a chlúdóidh an tréimhse 2023-2027, agus go leagfar béim ar na réimse seo a leanas:
I. Óige Ildánach;
II. Pobail Ildánacha;
III. Tionscail Ildánacha;
IV. Sláinte agus Folláine Ildánach; agus
V. Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht Ildánach.
Táthar ag súil go dtabharfar creat deiridh de Chlár Éire Ildánach 2023-2027 os comhair an Rialtais lena chomhaontú deiridh i bhFómhar na bliana 2022 sula ndéanfar é a fhoilsiú, a sheoladh agus a chur i bhfeidhm ar bhonn uile-rialtais.
Clár Éire Ildánach
Is clár cúig bliana é Éire Ildánach trína ndéantar nasc idir daoine, cruthaitheacht agus folláine. Is clár cultúir agus folláine uile-rialtais muid a spreagann daoine, áiteanna agus pobail tríd an gcruthaitheacht agus a athraíonn ó bhonn iad. Táimid tiomanta don fhís gur cheart go mbeadh deis ag gach uile dhuine teacht in inmhe go hiomlán ó thaobh cruthaitheachta de.