Preasráitis
Fógraíonn an tAire O'Donovan gur faomhadh maoiniú le haghaidh oibreacha cosanta tuile ag An Éill, An Chrois, Co. Mhaigh Eo
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí , Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi Scéim OPW um Mionoibreacha Cosanta Tule agus Cosaint Chósta. Faoin scéim seo, tá maoiniú breise €51,850 faofa ag OPW um staidéar réamhfhéidearthachta, staidéar féidearthachta céim 1, léiriú rogha inmholta agus suirbhéanna ag An Éill, An Chrois, Co. Mhaigh Eo. Is maoiniú breise é seo ar €151,635 faofa ag OPW le haghaidh an tionscadail ar 1 Lúnasa 2018.
CRÍOCH
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works