Seoladh Scéimeanna Tuairiscithe Dhaonlathas Áitiúil agus na gCúirteanna
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seoladh Scéimeanna Tuairiscithe Dhaonlathas Áitiúil agus na gCúirteanna
Inniu d’fháiltigh Catherine Martin, T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán roimh sheoladh an Scéim Tuairiscithe Dhaonlathas Áitiúil agus Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna. Forbraíodh na Scéimeanna de réir mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus chuathas i gcomhairle le hearnáil níos leithne na meán orthu.
Leithdháileadh maoiniú €6m Státchiste chun na Scéimeanna a bhunú i mbliana. Feidhmeoidh na Scéimeanna mar scéimeanna dámhachtana comórtais ar bhonn ardán-neodrach, faoina dtabharfaidh Coimisiún na Meán maoiniú d’iarratasóirí rathúla chun tacú le léiriú ábhar seirbhíse poiblí thar thréimhse sheasta trí acmhainní iriseoireachta breise a úsáid.
Cabhróidh an Scéim Tuairiscithe Dhaonlathas Áitiúil leis na meáin áitiúla leanúint dá ról ríthábhachtach a chomhlíonadh maidir le clúdach cruinn, cuimsitheach agus cothrom a sholáthar ag iriseoirí oilte ar imeachtaí na nÚdarás Áitiúil agus na gcoistí gaolmhara.
Feabhsóidh agus cothóidh Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna tuairisciú cuimsitheach, ardchaighdeáin agus trédhearcach ar imeachtaí cúirte ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach, chun feasacht an phobail ar an dlí agus ar riaradh an cheartais a chur chun cinn.
Dúirt an tAire Martin:
“Cuirim fáilte mhór roimh sheoladh na Scéimeanna Tuairiscithe Dhaonlathas Áitiúil agus na gCúirteanna ag Coimisiún na Meán inniu. Tá earnáil láidir, éagsúil agus shaor na meán a bhfuil nuacht áitiúil agus réigiúnach ina cuid ríthábhachtach de, riachtanach don daonlathas agus dár sochaí ina hiomláine. Tacóidh na Scéimeanna nua le hiriseoireacht leasa an phobail ag am a bhfuil iriseoireacht thraidisiúnta faoi bhrú.
Rachaidh an €6m a fuair mé i mBuiséad 2024 do na Scéimeanna nua go mór chun tacú le hiriseoireacht ardchaighdeáin neamhspleách leasa phoiblí a sholáthraíonn seirbhís riachtanach don phobal agus a chaomhnaíonn iolrachas, inbhuanaitheacht agus ardchaighdeán ár meán.”
Ag trácht dó ar sheoladh na Scéimeanna Iriseoireachta, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán:
“Tá ríméad orainn a bheith ag seoladh ár Scéimeanna Iriseoireachta tuairiscithe daonlathais áitiúil agus cúirteanna. Seo é an chéad deis atá ag Coimisiún na Meán tacaíocht dhíreach a thairiscint chun iriseoireacht iontaofa ar ardchaighdeán a chur chun cinn do phobail áitiúla ar fud na hÉireann agus é sin a dhéanamh ar bhonn ardáin-neodraigh. Seo é an chéad uair ar féidir tacú le soláthraithe nuachta clóite agus ar líne ar an mbealach seo.”
“Tá na Scéimeanna nua seo á dtabhairt isteach ar bhonn píolótach agus déanfar athbhreithniú orthu ina dhiaidh sin, agus beidh an t-aiseolas a gheofar agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara fíorthábhachtach d’fhorbairt aon tionscnaimh agus scéimeanna maoinithe amach anseo. Molaimid do gach iarratasóir incháilithe iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus táimid ag tnúth le haiseolas a fháil ar chur i bhfeidhm na Scéimeanna nua seo.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbunófaí sé scéim nua de chuid Chiste na Meán ar bhonn céimnithe:
• Scéim Tuairiscithe Dhaonlathas Áitiúil;
• Scéimeanna Tuairiscithe Cúirte;
• Tacaíocht d’Aistriú Digiteach;
• Scéim Tuairiscithe Nuachta;
• Scéim Tuairiscithe Nuachta;
• Scéim Rochtana agus Oiliuna na Meán; agus,
Tugadh tús áite do Scéim Tuairiscithe Dhaonlathais Áitiúil agus do Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna a bhunú in 2024, agus tá na ceithre scéim eile a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán le forbairt agus le cur i bhfeidhm in am trátha.