D’fhógair an tAire tuarascáil faoi chomhaontuithe um neamhnochtadh (NDA) agus a n-úsáid i gcásanna idirdhealúcháin agus gnéaschiaptha
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair Roderic O’Gorman TD, an tAire Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige tuarascáil. An teideal atá ar an tuarascáil ná Leitheadúlacht agus úsáid comhaontuithe um neamhnochtadh i gcásanna idirdhealúcháin agus gnéaschiaptha. Sa tuarascáil a rinne oifigigh ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige faightear imscrúdú ar úsáid agus ar leitheadúlacht comhaontuithe um neamhnochtadh, agus ag díriú go háirithe ar chásanna ina bhfuil idirdhealúchán agus gnéaschiapadh líomhnaithe in Éirinn agus i roinnt dlínsí eile, san áireamh an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Astráil. Cuireadh sa tuarascáil na fíricí atá ar eolas faoi chomhaontuithe um neamhnochtadh ionas go mbeadh acmhainní ann do lucht déanta beartas agus iad i mbun rialacha a dhéanamh faoi úsáid comhaontuithe um neamhnochtadh in Éirinn as seo amach.
Mar chuid de na torthaí taighde faightear:
• Úsáidtear comhaontuithe um neamhnochtadh i réimse leathan in Éirinn agus i ndlínsí eile ach is deacair do thaighdeoirí agus do lucht déanta eolas a fháil fúthu de bharr stádas rúnmhar a bhaineann leis na comhaontuithe.
• I ngach dlínse a scrúdaíodh bhí aird an phobail dírithe ar chomhaontuithe um neamhnochtadh i gcásanna mí-iompar gnéis ó cúrsaí fostaíochta de.
• Go minic sínítear comhaontuithe um neamhnochtadh i roinnt mhaith cásanna ina mbíonn éagothroime shuntasach ó thaobh cumhachta de idir na sínitheoirí.
• Creidtear go forleathan gur chóir an bealach a úsáidtear comhaontuithe um neamhnochtadh a athrú. Tá roinnt tráchtairí agus cleachtóirí i bhfabhar bac éifeachtach a chur orthu i gcásanna gnéaschiaptha nó i gcásanna idirdhealaithe, ach tá tuairim ag daoine eile gur chóir iad a rialú mar tá ról tábhachtach fós ann dóibh ó thaobh cásanna a réiteach go cuí.
Ag cur fáilte roimh an tuarascáil dúirt an tAire:
“Is cúis áthais dom fáilte a chur roimh fhoilsiú na tuarascála seo, an chéad fhoilsiú den chineál tuarascála seo in Éirinn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaí sa Seanad an Seanadóir Senator Lynn Ruane as an aird a tharraingt sí ar an ábhar agus an méid a rinne sí nuair a chuir sí tús leis mBille Comhalta Príobháideach. Is rud ceart agus cuí go bhfuil aird dírithe sna blianta beaga anuas ar úsáid comhaontuithe um neamhnochtadh iarracht a dhéanamh íospartaigh ar dearnadh gnéaschiapadh nó idirdhealaithe orthu a chur ina dtost.
Mar bhuíochas leis na mná cróga a gcuid taithí #MiseFosta a chur in iúl dúinn, agus is trí an tacaíocht seo a thugann siad cabhair dó na mná a cuireadh ina dtost trí úsáid comhaontuithe um neamhnochtadh. Is rud suntasach é go seolfar an tuarascáil seo ar an lá roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan.”
Toisc gur aontuithe rúnda iad comhaontuithe um neamhnochtadh, tá sé an-deacair taighde a dhéanamh orthu, agus de bharr sin is céim shuntasach é foilsiú na tuarascála seo chun níos mó a fháil amach faoin ábhar Comhionannais seo agus cabhróidh sé linn polasaithe a chur le chéile”.
I measc na n-ábhar suntasach a scrúdaíodh sa tuarascáil seo faightear torthaí taighde ar nós: tionchar comhaontuithe um neamhnochtadh ar shínitheoirí, ar leibhéal pearsanta agus ar leibhéal proifisiúnta, an tionchar ar eagrais agus ar an tsochaí go ginearálta, úsáid comhaontuithe um neamhnochtadh mar choinníoll fostaíochta nó úsáid comhaontuithe um neamhnochtadh réamhghabhálacha a chuireann cosc ar dhaoine labhairt faoina dtaithí féin. Chomh maith leis sin tá cur síos ann faoi dhá chor chuige reachtaíochta arna moladh ag páirtithe leasmhara agus feachtasóirí; 1 An cosc agus 2. Úsáid comhaontuithe um neamhnochtadh i gcásanna gnéaschiaptha nó i gcásanna idirdhealaithe a rialú.
Íoslódáil anseo (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil)