Scéim €25m chun Tacú le Taibhithe Beo 2021 Oscailte d’Iarratais Anois
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. Scéim €25m chun Tacú le Taibhithe Beo le hAghaidh Iarratas
Tar éis an tsraith bearta €50m a fógraíodh le déanaí chun tacú leis an earnáil siamsaíochta beo, tá an tAire Martin i ndiaidh Scéim 2021 chun Tacú le Taibhithe Beo a oscailt i gcomhair iarratas anois. Chuir lucht na hearnála fáilte mhór roimh an scéim seo a chuirfidh leis na torthaí rathúla a bhí ag an scéim phíolótach a d’fhostaigh na céadta ceoltóir, aisteoir, criú agus teicneoir ar feadh na mílte lá nuair nach raibh aon deiseanna eile ar fáil. Cuirfidh an scéim fheabhasaithe seo deiseanna suntasacha fostaíochta ar fáil agus bainfidh na mílte ceoltóir, taibheoir, criú agus foireann tacaíochta leas aisti. Tacóidh sí le cruthú leanúnach aschur ealaíonta ardchaighdeáin, mar a léiríodh le linn tréimhse phíolótach na scéime.
Is é cuspóir na scéime seo ná tacú le deiseanna fostaíochta agus folláine in earnáil na taibhithe beo i ngach seánra, ó ealaíontóirí nua ag teacht chun cinn go healaíontóirí níos aitheanta, agus aschur ealaíonta ardchaighdeáin a chruthú go leanúnach don phobal.
Áirítear ar phríomhghnéithe na Scéime chun Tacú le Taibhithe Beo:
Glactar le hiarratais i gcomhair na scéime seo anois. Is féidir teacht ar fhoirmeacha iarratais, treoir maidir leis an bpróiséas iarratais agus níos mó eolais ar láithreán gréasáin na Roinne anseo: Live Performance Support Scheme 2021 . Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais ná an 14 Aibreán 2021 ar 1 i.n.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm an scéim nua, feabhsaithe chun tacú le taibhithe beo a oscailt i gcomhair iarratas inniu. Cuireadh fáilte roimh an scéim seo mar chuid de shraith bearta €50m a fógraíodh le déanaí chun tacú le hearnáil na siamsaíochta beo. Cuirfidh an scéim seo tacaíochtaí agus deiseanna fíorthábhachtacha ar fáil i gcomhair gníomhaíocht leanúnach san earnáil, mar aon le siamsaíocht ar bhaineamar go léir an-taitneamh aisti le déanaí.
“Cabhróidh an scéim le hionaid, poiblitheoirí agus léiritheoirí níos mó pleanála a dhéanamh i gcomhair imeachtaí. Chomh maith leis sin, bainfidh réimse leathan daoine leas as an scéim, cabhróidh sí le poiblitheoirí agus ionaid ealaíontóirí, ceoltóirí, taibheoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a fhostú i gcomhair taibhithe beo.”