Ráiteas maidir le Tairbhithe de Chosaint Shealadach (BOTPanna) i gCill Airne
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is mian leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige a dhearbhú nach bhfuiltear chun leanúint ar aghaidh anois leis an athlonnú a bhí beartaithe chun daoine easáitithe ón Úcráin a aistriú ó Chill Airne go Cathair na Mart.
Tá foireann na Roinne tar éis obair go dian thar oíche chun lóistín eile, ar lóistín é atá lonnaithe i gCill Airne, a aimsiú do na hÚcránaigh lena mbaineann. Mar gheall ar na hiarrachtaí sin, níl an t-aistriú go Cathair na Mart chun leanúint ar aghaidh, agus beidh na daoine i gceist ag fanacht i gCill Airne, i gcóiríocht nua. Beidh Foireann na Cóiríochta Sealadaí don Ghéarchéim san Úcráin (UCTAT) ag dul i dteagmháil leis na teaghlaigh chun iad a chur ar an eolas faoi na socruithe cóiríochta.
Tá an staid cúrsaí maidir leis an gcóiríocht i gcoitinne fós thar a bheith dúshlánach. Tá an lárionad idirthurais atá lonnaithe ag Iarthar na Cathrach beagnach ag lán a acmhainneachta agus níl aon éalú as an bhféidearthacht go mbeidh gá fionraí a chur ar dhaoine nua a thabhairt isteach nuair a thagann siad go hIarthar na Cathrach mar gheall ar ghanntanas cóiríochta ar fud na tíre. Ag an bpointe seo, tá lóistín curtha ar fáil do 55,000 duine in Éirinn, idir dhaoine atá ag éalú ón Úcráin agus iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta, i gcomparáid le 7,500 duine anuraidh.
Tá an Roinn aireach ar an tionchar a mbíonn ag gach uile bheart dá leithéid ar na daoine sin lena mbaineann, agus leanfaimid linn freagra ar mhodh daonnúil a thabhairt ar riachtanais daoine easáitithe ón Úcráin agus orthu siúd atá ag lorg na Cosanta Idirnáisiúnta freisin.