Tá síneadh curtha le dáta deiridh na Scéime Náisiúnta um Leas Mairteola 2023 fógraithe ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go raibh síneadh á chur aige ar an spriocdháta don Scéim Náisiúnta um Leas Mairteola (NBWS) go meán oíche an 26 Meán Fómhair 2023. Rinneadh é seo chun ligean don oiread feirmeoir agus is féidir cur isteach ar an scéim.
Cuirfidh an scéim seo tacaíocht ar fáil chun beathú mine a thabhairt do laonna diúla roimh agus i ndiaidh iad a bhaint den diúl, agus tástáil le haghaidh Rineatraicéíteas Tógálach Buaibheach (IBR) ina dtréada. Tá an dá ghníomh éigeantach d'fheirmeoirí ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim.
Is féidir le feirmeoirí a ghlacann páirt sa NBWS chomh maith leis an gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil (SCEP), €200/péire lao bó suas go huaslíon ainmhithe a thuilleamh.
Agus é ag tagairt don síneadh, leag an tAire McConalogue béim ar a thábhachtaí atá sé go rachadh rannpháirtithe na scéime i dteagmháil lena dtréidlia a luaithe is féidir, toisc nach mór an eilimint IBR den scéim a chomhlánú agus na samplaí fola a bheith leis an tsaotharlann faoi 5.30pm ar 1 Samhain 2023 ar a dhéanaí.
Ní mór do rannpháirtithe a dtréad a thástáil le haghaidh IBR trí thréidlia a fhostú chun suas le fiche ainmhí a roghnú, sampla fola a thógáil agus a thástáil le haghaidh antasubstaintí IBR. I gcás ina bhfuil fiche buaibheach nó níos mó i dtréad, ní mór fiche acu a chur faoi thástáil. I gcás go bhfuil níos lú ná fiche buaibheach, ansin ní mór gach ceann acu a chur faoi thástáil. Íocfar suas le €300 le feirmeoirí in aghaidh an tréada, ag brath ar líon na n-ainmhithe a ndéantar tástáil orthu do IBR.
Meabhraítear do rannpháirtithe freisin nach mór dóibh beathú mine a thabhairt ar feadh tréimhse ceithre seachtaine roimh scoitheadh agus ar feadh dhá sheachtain tar éis scoite chun an strus ar laonna a laghdú tráth scoite. Íocfar €35 le feirmeoirí in aghaidh gach lao incháilithe suas le 40 lao ar a mhéad.
Ní mór iarratais a chur isteach ar líne trí agfood.ie
Níl aon áis ann d’iarratais dhéanacha tar éis an dáta deiridh nua a cuireadh síneadh leis, an 26 Meán Fómhair 2023 agus tá an Roinn ag súil le tús a chur le híocaíochtaí do chásanna imréitithe go luath i mí na Nollag 2023.
Chríochnaigh an tAire McConalogue a chuid cainte ag rá
‘Tá ról fíorthábhachtach ag na hearnálacha diúil agus mairteola inár ngeilleagair thuaithe agus tá íocaíochtaí díreacha ríthábhachtach chun tacú le feirmeoirí sa ról seo. Mar aitheantas air sin, chinntigh mé go bhféadfaidh feirmeoirí diúil rochtain a fháil ar an scéim náisiúnta seo i 2023 chomh maith le híocaíochtaí suntasacha faoin bPlean Straitéiseach CBT.
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána den scéim ar fáil ag an nasc seo a leanas:
• Tá an tréimhse tógála laonna ríthábhachtach i bhfiontair mhairteola mar is féidir leis an ráta fáis a bhaintear amach le linn na míonna sin tionchar a imirt ar fheidhmíocht saoil an ainmhí. Tugann barrfheabhsú cothaithe lao an seans is mó chun a acmhainn fáis géiniteach agus éifeachtúlacht tiontaithe bia iomlán a bhaint amach.
• Is galar víreasach eallaigh é IBR a bhaineann go príomha le niúmóine agus bás ach is féidir go dtiocfadh caillteanais atáirgthe dá bharr chomh maith, go háirithe ginmhilltí. Tá ionfhabhtú coitianta i dtréada déiríochta agus mairteola na hÉireann, ag cur le laghduithe ar a n-inbhuanaitheacht shóisialta, timpeallachta agus eacnamaíochta. Meastar go mbeidh tionchar eacnamaíoch an ghalair níos mó ná €100 milliún sa bhliain.
• Mar chuid den iarracht fhoriomlán chun feabhas a chur ar shláinte ainmhithe a sainaithníodh laistigh den MACC Éifeachtúlacht Thalmhaíochta arna fhoilsiú ag Teagasc le déanaí, tá díriú ar IBR ar bhonn náisiúnta.
• Soláthróidh an beart IBR laistigh den Scéim Náisiúnta Leasa Mairteola faisnéis do gach rannpháirtí ar láithreacht agus méid an ionfhabhtaithe laistigh dá dtréad, nó mar mhalairt air sin, fianaise go bhféadfadh an tréad a bheith saor ó ionfhabhtú. Cuirfidh an faisnéis seo bonn láidir faoi tuilleadh plé a dhéanamh lena (d)tréidlia-chleachtóir ar chur chuige saincheaptha do IBR a fhorbairt laistigh dá bplean sláinte tréada, lena n-áirítear athbhreithniú agus mionathrú, de réir mar is gá, ar bhearta rialaithe reatha lena n-áirítear bithshlándáil agus vacsaíniú.
• I dteannta a chéile, rannchuideoidh na torthaí freisin le plé leanúnach le páirtithe leasmhara ar chlár náisiúnta díothaithe.
Déantar an NBWS a mhaoiniú ó leithdháileadh aonuaire 2023 chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ón gCúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta (BAR) a cuireadh ar fáil chun cuid de thionchair dhiúltacha an Bhreatimeachta ar an earnáil mairteola a fhritháireamh.
Féadfaidh feirmeoirí diúil páirt a ghlacadh sa scéim nua seo agus sa scéim cúig bliana um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil (SCEP) ag an am céanna.
Is é Plean Gniomhu ar son na hAeraide 2023 (CAP23), a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gníomhaíochta Aeráide na hÉireann 2019.
Is é an plean seo an chéad phlean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 agus tar éis tabhairt isteach buiséid charbóin ar fud an gheilleagair agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála.
Cruthóidh cur chun feidhme an Phlean Ghníomhaithe ar son na hAeráide poist, deiseanna nua eacnamaíochta agus cuirfidh cosaint ar fáil do dhaoine agus don phláinéad. Is féidir leat féachaint ar CAP23 agus a iarscríbhinn gníomhartha ANSEO nó tabhair cuairt ar www.gov.ie/climateaction