An chéad Bheartas riamh maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn foilsithe ag an Aire Ring
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring, T.D. Beartas Náisiúnta nua maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn inniu.
Gnóthaí iad fiontair shóisialta arb é a bpríomhchuspóir tionchar sóisialta, sochaíoch nó timpeallachta a bhaint amach. Mar aon le gnóthaí eile, bíonn fiontair i mbun trádáil earraí nó seirbhísí ar bhonn leanúnach. Déantar aon bharrachas a ghineann siad áfach a infheistiú arís d'fhonn tionchar sóisialta a bhaint amach.
Maidir le seoladh an bheartais nua a bhí ar siúl ag Speedpak CLG, fiontar sóisialta atá lonnaithe sa Chúlóg, Baile Átha Cliath,
"Le blianta fada anuas, tá modh solúbtha agus éifeachtach á chur ar fáil ag fiontair shóisialta a bhfuil freagra dearfach tugtha aige ar shaincheisteanna sóisialta agus sochaíocha. Cuireann fiontair shóisialta réimse seirbhísí ar fáil ar feadh raon leathan gníomhaíochtaí lena modh gnó. Tá na fiontair seo nuálach agus fiontraíoch agus is minic leo bealaí nua a aimsiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta, shochaíocha nó timpeallachta a bhaineann le réimsí mar spreagadh fostaíochta, cúram leanaí inacmhainne, agus an geilleagar glas. Dá bharr sin, cuidíonn fiontair shóisialta go mór le maith a dhéanamh de chuspóirí beartais an Rialtais."
"Táthar ag éileamh beartas Rialtais le roinnt blianta anuas d'fhonn cuidiú leis an bhfiontraíocht shóisialta barr a cumais a bhaint amach. Tá ríméad orm mar sin, a bheith ábalta an Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn a fhoilsiú a chuideoidh leis an bhfiontraíocht shóisialta méadú, tacú le poist, agus tionchar dearfach a bheith aige ar dhaoine aonair agus ar phobail i gceantair thuaithe agus uirbeacha araon."
"Is é seo an chéad Bheartas Rialtais don Fhiontraíocht Shóisialta i stair an Stáit, agus dá bhrí sin, is ré shonrach í seo dóibh sin ar fad atá ag obair i dtreo Éire níos fearr a bhaint amach le cur chuige na fiontraíochta sóisialta. Cuirfidh an Beartas agus na gealltanais a thugtar ann ar chumas fiontar sóisialta tuilleadh a chur le dul chun cinn sóisialta agus geilleagrach na hÉireann. Tá tús á chur le ré nua san fhorbairt ar an bhfiontraíocht shóisialta in Éirinn inniu."
Tá an Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn dírithe ar thrí Phríomhaidhm: (1) Aird agus Tuiscint ar Fhiontraíocht Shóisialta a Chothú (2) Fiontraíocht Shóisialta a Chothú agus a Neartú; agus (3) Comhleanúnachas Beartais níos Fearr a Bhaint Amach. Leagtar amach sa Bheartas sraith de 26 ghealltanas atá déanta ag an Rialtas maidir leis na hAidhmeanna sin chun an fhiontraíocht shóisialta a fhorbairt sa tréimhse ó 2019-2022. Déanfar na gealltanais sin a bhaint amach i gcomhar le páirtithe leasmhara fiontraíochta sóisialta.
"Is cuí go ndéanfaí Beartas nua maidir le Fiontraíocht Shóisialta a sheoladh in áitreabh Ghrúpa Speedpak. Is sna 1990í a bunaíodh Speedpak i dTuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb fostaíochta mór a bhí i gceann de na ceantair ba mhó i mBaile Átha Cliath a bhí faoi mhíbhuntáiste. Go dtí seo, tá fostaíocht curtha ar fáil ag Speedpak chomh maith le hoiliúint curtha acu ar bhreis is 1,150 duine, agus bhí tionchar mór aige sin ar dhaoine aonair agus ar theaghlaigh éagsúla sa bpobal anseo. Sampla breá den mhéid atá an fhiontraíocht shóisialta ábalta a bhaint amach í an chuideachta seo agus guím gach rath orthu amach anseo."
De réir mar a bheidh sochaí na hÉireann ag dul i ngleic le dúshláin nua sna blianta atá amach romhainn, creidim go leanfaidh na fiontair shóisialta de bhealaí nua agus nuálacha a aithint agus a chur ar fáil le dul i ngleic leis na dúshláin sin chomh maith le todhchaí inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chruthú do gach uile dhuine. Faoin mBeartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éireann nua seo, tacóidh an Rialtas le fiontair shóisialta chun na haidhmeanna sin a bhaint amach."
Mugshot, fiontar sóisialta a bunaíodh chun oiliúint barista chomh maith le deiseanna fostaíochta a chur ar fáil d'iarchiontóirí, a bhí i mbun lónadóireachta ar an ócáid.
Is féidir teacht ar an mBeartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta anseo .