Fáiltíonn an tAire Eamon Ryan roimh thoscairí ó 37 Suirbhéireacht Gheolaíochta san Eoraip go Baile Átha Cliath
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, aitheasc os comhair ionadaithe ó Shuirbhéireachtaí Geolaíochta na hEorpa, EuroGeoSurveys, ag Óstán Ashling i mBaile Átha Cliath inniu (Dé Céadaoin an 22 Márta). Tá na baill de 37 Suirbhéireacht Gheolaíochta i mBaile Átha Cliath chun amhábhair chriticiúla, an t-aistriú fuinnimh agus an t-aistriú digiteach a phlé. Síneofar Dearbhú Bhaile Átha Cliath ag deireadh na hócáide trí lá, rud ina dtabharfar gealltanas tacú le beartas an Aontais Eorpaigh a fhorbairt trí rannpháirtíocht sa tionscadal um Sheirbhís Gheolaíochta don Eoraip. Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, rannán den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, a d’óstáil an ócáid.
Áirítear leis an éileamh carnach ar mhiotail agus ar ábhair atá tuartha le haghaidh earnálacha fuinnimh agus iompair na hÉireann a dhícharbónú (ar nithe iad a theastaíonn do ghrianphainéil agus do cheallraí), mar atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid, 68,000 tona de chopar, 67,000 tona de shinc, 5,000 tona de litiam, beagnach 4 mhilliún tona de choincréit agus 1.6 milliún tona de chruach. Tá an réamhaisnéis sin ar áireamh i dtuarascáil maidir leis na hacmhainní nádúrtha a theastaíonn chun gealltanais an Phlean Gnímh don Aeráid a chomhlíonadh, is é sin Green Metals: Miotail Ghlasa: An tÉileamh a Eascróidh as na hEarnálacha Fuinnimh agus Iompair a Dhícharbónú. D’eisigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus Rannán Beartais Geo-eolaíochta na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an tuarascáil sin le déanaí.
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Ryan:
"I ngach tionscadal straitéiseach ar gá dúinn tabhairt faoi, cibé acu a bhaineann sé leis an iompar, le foinsí fuinnimh inathnuaite nó le teas geoiteirmeach, is gá dúinn a chinntiú go bhfuil rochtain againn ar na mianraí agus na hacmhainní lómhara tearc-chré a theastaíonn uainn. Chun déanamh amhlaidh, beidh comhoibriú agus comhar domhanda cóir ag teastáil i réimse na haeráide agus an fhuinnimh. Tá níos mó i gceist leis sin ná an úsáid leantach a bhaintear as miotail lómhara tearc-chré, áfach. Is é atá i gceist leis freisin acmhainní athchúrsáilte tearc-chré a úsáid tríd an ngeilleagar ciorclach chun a chinntiú go n-úsáidfimid aon ábhair lómhara go stuama. Is gá dúinn ár gcumas a fheabhsú go tapa sa réimse sin, agus tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí suirbhéireachta geolaíochta maidir leis na sonraí bonnlíne, an fhaisnéis agus na hábhair a sholáthar a theastaíonn uainn chun a léiriú dúinn conas is féidir linn déanamh amhlaidh go hinbhuanaithe éifeachtach."
Beidh sé riachtanach acmhainní an domhain a bhainistiú go héifeachtúil inbhuanaithe chun freastal ar an riachtanas atá ann le miotail tearc-chré in Éirinn agus ar na riachtanais choibhéiseacha atá ann san Eoraip agus ar fud an domhain. Soláthraíonn Suirbhéireachtaí Geolaíochta na hEorpa, lena n-áirítear Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, sonraí agus eolas maidir leis an bhfodhromchla. Chomh maith leis sin, soláthraíonn siad comhairle don bheartas náisiúnta agus do bheartas an Aontais Eorpaigh maidir leis an soláthar mianraí criticiúla a theastaíonn do theicneolaíochtaí fuinnimh ghlais, maidir le foinse agus cosaint an screamhuisce a theastaíonn d’uisce óil, don talmhaíocht agus do mhaolú tuilte, agus maidir le léarscáiliú an fhodhromchla chun rioscaí a bhaineann le forbairt uirbeach inbhuanaithe a laghdú agus chun forbairt gheoiteirmeach a éascú. Is é atá sa tionscadal um Sheirbhís Gheolaíochta don Eoraip ná tionscadal cúig bliana €24 mhilliún de chuid Fhís Eorpach atá ceaptha chun tacú le tionscadail chomhoibríocha ar fud Shuirbhéireachtaí Geolaíochta na hEorpa. Agus Dearbhú Bhaile Átha Cliath á shíniú acu, geallfaidh na hionadaithe do Shuirbhéireachtaí Geolaíochta na hEorpa cloí le misean agus fís na Seirbhíse Geolaíochta don Eoraip.
CRÍOCH
Ionad poiblí eolais Domhaneolaíochta na hÉireann agus rannán den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide is ea Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, a bunaíodh sa bhliain 1845. Tá sí tiomanta do shonraí agus léarscáileanna atá cruinn, oscailte agus saor in aisce maidir le fodhromchla na hÉireann a sholáthar d’úinéirí talún, don phobal, don lucht tionscail agus do gach geallsealbhóir eile in Éirinn agus thar lear. Gníomhaíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann mar chomhpháirtí tionscadail maidir le sonraí a léirmhíniú agus maidir le samhlacha agus amharcóirí a fhorbairt chun daoine a chumasú an limistéar faoi thalamh a thuiscint. Pléann sí le raon éagsúil topaicí, lena n-áirítear leochaileacht cósta, screamhuisce, léarscáiliú ghrinneall na farraige, tubaistí nádúrtha, agus rioscaí sláinte poiblí. Soláthraíonn sí seirbhís 'geolaí ar dualgas' don phobal freisin chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna agus ábhair imní a bhaineann leis an ngeolaíocht. Léigh tuilleadh faoi Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann ag: www.gsi.ie.
Eagraíocht neamhbhrabúis a dhéanann ionadaíocht do Shuirbhéireachtaí Geolaíochta na hEorpa is ea EuroGeoSurveys. Tríd an taighde comhoibríoch agus na gníomhaíochtaí comhoibríocha de chuid a sainghrúpaí agus a tascfhórsaí agus trí léarscáileanna geolaíocha, sonraí geolaíocha agus bonneagar sonraí geolaíocha atá comhchuibhithe agus a bhfuil rochtain oscailte orthu a sholáthar, soláthraíonn an eagraíocht sonraí geo-eolaíochta uile-Eorpacha agus comhairle gheo-eolaíochta uile-Eorpach atá saineolach, cothromaithe agus praiticiúil do na hInstitiúidí Eorpacha, do rialálaithe, don lucht tionscail agus don phobal chun beartas a threorú agus chun dul i ngleic le príomhdhúshláin shochaíocha.
Léigh tuilleadh faoi Shuirbhéireachtaí Geolaíochta na hEorpa ag: Eurogeosurveys.org.
Is féidir leat amharc ar an tuarascáil 'Miotail Ghlasa' ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.