Conradh 1921 – Taifid ón gCartlann ar taispeáint i gCill Mhantáin tar éis trí mhí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann an taispeántas comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921
Osclófar Conradh 1921: Taifid ón gCartlann i Leabharlann agus Cartlann Chill Mhantáin ar an 25 Aibreán, áit a mbeidh sé ar taispeáint go dtí an 17 Bealtaine. Tagann sé seo tar éis taispeántais trí mhí ar éirigh thar barr leis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath áit ar cuireadh an Conradh Angla-Éireannach 1921 ar taispeáint go poiblí den chéad uair. Déanann an taispeántas comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921.
Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta an taispeántas i láthair i gcomhpháirtíocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí, le taifid ó bhailiúcháin na Cartlainne Míleata agus Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ta turas fíorúil ar fáil chomh maith ar www.nationalarchives.ie
Tá an Conradh Angla-Éireannach ar cheann de na doiciméid stairiúla is suntasaí atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta. Tá taispeántas á chur i láthair ag an gCartlann Náisiúnta a thugann áit lárnach don Chonradh agus a léiríonn ról na Cartlainne mar stór oifigiúil thaifid an Stáit, céad bliain ó bunaíodh é. LéiríonnTaifid ón gCartlann taifid shuntasacha stairiúla, cáipéisí oifigiúla agus páipéir phríobháideacha den chéad uair, lena n-áirítear an chéad chur i láthair poiblí taobh le taobh de chóipeanna Éireannacha agus Briotanacha den Chonradh.
Ag baint úsáide as tuairisciú comhaimseartha, íomhánna agus píosaí scannánaíochta, cuireann Conradh 1921: Taifid ón gCartlann idirbheartaíocht an Chonartha i gcomhthéacs polaitiúil réabhlóid na hÉireann agus saol a chuir an Chéad Chogadh Domhanda agus cúrsaí a tharla ina dhiaidh sin trí chéile. Ag tosú leis na réamhchainteanna idir Éamon de Valera, Uachtarán Dháil Éireann, agus Príomh-Aire na Breataine David Lloyd George i rith shamhradh 1921, tugtar léargas ann ar obair lánchumhachtaigh na hÉireann agus a rúnaíocht, tríd an taifead faisnéise a d’fhág siad ina ndiaidh a chur i láthair.
Tugann an taispeántas léargas freisin ar an saol ó lá go lá i Londain do na fir agus na mná a bhí ina mbaill de thoscaireacht na hÉireann, ó chóisírí, dinnéir, drámaí agus féilte ar fhreastail siad orthu, go dtí na laethanta agus na huaireanta deiridh ag druidim le síniú an Conartha díreach tar éis 2 r.n. ar an 6 Nollaig 1921. Mar bhuille scoir, tugann sé léargas ar fhilleadh na toscaireachta ar Bhaile Átha Cliath, agus ar chruinniú Comh-Aireachta Dháil Éireann a léirigh an scoilt sa ghluaiseacht neamhspleáchais a tháinig chun cinn faoi théarmaí an Chonartha, agus na deighiltí a mbeadh an Cogadh Cathartha mar thoradh orthu.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Mar Aire le freagracht as Clár Comórtha an Stáit, táim tiomanta don tréimhse chasta seo dár gcuid staire a chomóradh ar bhealach cuí agus fiúntach. Tá lúcháir orm mar sin go bhfuil an taispeántas tábhachtach seo a dhéanann comóradh ar idirbheartaíocht an Chonartha agus síniú deiridh an Chonartha Angla-Éireannaigh in 1921, ag dul ar camchuairt réigiúnach ag tabhairt deis do dhaoine ar fud na tíre a dtuiscint ar an tréimhse seo inár gcuid staire a fhorbairt trí thaifid bhunaidh a choinnítear i mbailiúcháin an Chartlann Náisiúnta. Tugann an taispeántas seans do gach duine a thugann cuairt air machnamh níos fearr a dhéanamh ar na cinntí deacra a rinneadh ag an am sin”.
Dúirt Brian Gleeson, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae Chill Mhantáin:
“Táim ag súil le fáilte a chur roimh an taispeántas tábhachtach seo chuig ár Leabharlann agus Cartlann nua i mBaile Chill Mhantáin i mbliana. Beidh páipéir Robert Childers Barton ó Theach Ghleann Dá Loch, a bhí ar dhuine de lánchumhachtaigh an chonartha, le feiceáil sa chuid den taispeántas a bhaineann le Cill Mhantáin, chomh maith le taifid áitiúla eile ó bhailiúcháin Chartlann Chontae Chill Mhantáin. Go deimhin, baineadh úsáid fhorleathan as foinsí cartlainne inár gclár do Dheich mBliana na gCuimhneachán, áit ar cuireadh scéalta agus eispéiris áitiúla le chéile le taighde agus scoláireacht. Agus é sin á dhéanamh, cuireann sé tuiscint níos fearr ar imeachtaí stairiúla agus a n-oidhreacht ar fáil agus mar sin spreagann sé pobail i dtreo tuilleadh iniúchta agus machnaimh. Is léiriú follasach é ar na buntáistí a bhaineann le rochtain saor in aisce don phobal ar ábhar barántúil cartlainne, atá ag croílár an taispeántais seo.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:
“Tá an-áthas orainn an taispeántas seo a thabhairt ar camchuairt go Cill Mhantáin. Tugtar léargas níos fearr ná riamh ar dhaonnacht idirbheartaíocht an Chonartha sa taispeántas seo trína raon leathan doiciméad, grianghraf agus nuachtscannán agus déantar é sin ar bhealach a thaispeánann na scéalta pearsanta, na pearsantachtaí, an teannas, an dóchas agus an t-easaontas go léir a bhí ann. Cuireann sé go mór lenár dtuiscint ar cheann de na seachtainí is tábhachtaí i stair na tíre.”
Tá sé saor in aisce dul isteach chuig an taispeántas.
Murar féidir leat freastal ar an taispeántas, tá turas fíorúil ar fáil ar líne freisin www.nationalarchives.ie
Cuirtear an taispeántas seo i láthair mar chuid de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann.
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.
Eolas faoin taispeántas
Dátaí: 25 Aibreán – 17 Bealtaine 2022
Uaireanta Oscailte: 10-4 i.n. Luan go hAoine
Áit: Leabharlann agus Cartlann Chill Mhantáin, Baile Chill Mhantáin
Cead isteach saor in aisce