Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 27 Iúil 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,764 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 26 Iúil, cuireadh 11 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,892 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Le 14 lá anuas, is ionann líon iomlán na gcásanna deimhnithe a cuireadh in iúl don HPSC agus 196. Astu sin;
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Ar ámharaí an tsaoil, bhí líon na gcásanna a tuairiscíodh an tseachtain seo caite (124) níos lú ná an tseachtain roimhe sin (143).
“Léiríonn sé seo cumhacht gníomhaíochta aonair chun cúrsa COVID-19 inár dtír a athrú. Is muid an chosaint is fearr dá chéile. Tá a fhios againn cad a oibríonn - trí dhlúthpháirtíocht, airdeall leanúnach agus tiomantas do bhearta sláinte poiblí is féidir linn go léir ár gcuid a dhéanamh chun scaipeadh an víris seo a chosc."
Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte;
“Agus muid ag fanacht le vacsaín COVID-19 tá go leor galair thógálacha ann a ndéanaimid vacsaíniú ina gcoinne faoi láthair lena n-áirítear an bhruitíneach, an bhruitíneach dhearg, meiningíteas agus HPV. Cuireadh stop le cláir imdhíonta mar gheall ar COVID-19. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh leanaí scoile a gcláir vacsaínithe i gcrích anois go bhfuil sé sábháilte déanamh amhlaidh. Tá sceidil imdhíonta do leanaí ar fáil ar [external-link https://www.hse.ie/eng/health/immunisation/ | immunisation.ie. ]"
Dúirt an Dr. Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannaire Cúraim Chomhtháite, FSS;
“Ag teacht isteach i séasúr an gheimhridh molaimid go láidir go bhfaigheadh gach oibrí cúram sláinte an vacsaíniú fliú chun iad féin, a dteaghlaigh agus othair a chosaint toisc go bhféadfadh an geimhreadh a bheith dúshlánach."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
**CRÍOCH*
Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhféintuairiscíonn 86% den daonra anois go bhfuil clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu.
Léiríonn an sampla ionadaíoch náisiúnta de 1,900 duine a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte inniu an méid seo a leanas;