An tAire McConalogue: Maolú níotráite - “príomhthosaíocht le rannpháirtíocht maidir le roinnt gnéithe áirithe”
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
“Ba chúis díomá le déanaí, í Tuarascáil an GCC maidir le torthaí an athbhreithnithe ar cháilíocht uisce, a mhair dhá bhliain - a bhí ag teastáil mar chuid de choinníoll maolaithe reatha na hÉireann – nuair a chuimhníonn tú ar iarrachtaí na hearnála talmhaíochta, agus cuirtear fírinne lom na ndúshlán atá os ár gcomhair, ar na súile dúinn, arsa an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue
In 2022, fuair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Maolú Níotráite nua d'Éirinn don tréimhse 2022-2025. Mar gheall ar laghduithe i gcáilíocht uisce na hÉireann ón uair a socraíodh an maolú deireanach in 2017, ba é toradh na hidirbheartaíochta dheacair seo ná gur dtáinig méadú ar an gcoinníollacht ar bhain leis an maolú mar fhreagra.
Tá cáilíocht uisce na hÉireann go maith i gcomparáid le formhór de bhallstáit an AE. Cé go bhfuil feirmeoirí na hÉireann ag dul i ngleic leis an gcoinníollacht mhéadaithe seo chun cailleadh cothaitheach don uisce a laghdú, ar an drochuair, tá leibhéil na gcothaitheach i mórán uiscí sa tír fós ró-ard.
Lean an tAire McConalogue ar aghaidh;
“Leanann oifigigh idir mo Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar aghaidh leis ag gníomhú leis an gCoimisiún maidir le tuarascáil an GCC agus an tionchar atá aici ar an gClár Gníomhaithe Níotráite. Tá cuireadh tugtha acu d'oifigigh teacht go hÉirinn chun na gníomhartha atá idir lámha ar an láthair a fheiceáil. Áirítear leis na gníomhartha seo na cinn atá idir lámha ag feirmeoirí chomh maith le hinfheistíocht an Stáit, lena n-áirítear an infheistíocht €60 milliún an Rialtais i gClár Nuálaíochta ar cháilíocht uisce, a fógraíodh le déanaí agus obair leanúnach an chláir ASSAP.
Tharraing an tAire aird ar an mbealach gur
“príomhthosaíocht í domsa feabhsaithe a bhaint amach sa cháilíocht uisce agus rannpháirtíocht ar bun maidir le roinnt gnéithe áirithe. Is fianaise í an infheistíocht is déanaí, ar bhain luach €60 milliún léi, a chuir mé ar fáil, i gcomhar leis an Aire O’Brien, do mo thiomantas chun comhoibriú le feirmeoirí agus leis an earnáil, don tosaíocht seo.
“Agus fad is a oibríonn m'oifigigh go gníomhach leis an gCoimisiún chun solúbthacht a bhaint amach, ba í an chéad chéim ná dul i dteagmháil leo siúd a raibh tionchar orthu. Chun dul chun cinn a dhéanamh air seo, bhuail an Grúpa Oibre Talmhaíochta um Cháilíocht Uisce, atá ag feidhmiú go dian ag cruinnithe rialta le déanaí anuas, le chéile arís le linn na seachtaine.
Ag an gcruinniú seo, iarradh ar na páirtithe leasmhara tuairimí a chur ar fáil maidir le solúbthachtaí ar cheap siad gur chóir a lorg maidir le riachtanas an Choimisiúin chun an teorainn d'fheirmeoirí maolaithe a laghdú ó 250 kg aoileach beostoic N/ha go 220 kg in aghaidh an heicteáir.
Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an maolú don té a úsáideann é agus ba mhaith liom a chinntiú go gcosnaítear agus go gcaomhnaítear é. Caithfimid a bheith ag obair le chéile chun rátaí stocála fiúntacha, éifeachtacha a fháil d'fheirmeoirí na hÉireann le haghaidh na mblianta atá romhainn.”
CRÍOCH