D’fhógair an tAire O’Gorman an chéad staidéar náisiúnta ar sheirbhísí cuairtíocht bhaile do theaghlaigh le leanaí agus páistí óga.
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil tús le hathbhreithniú tábhachtach ar sheirbhísí cuairtíocht bhaile do theaghlaigh le leanaí agus páistí óga in Éirinn
Tabharfaidh foireann in Ionad Taighde Meabhair-Shláinte agus Pobail Ollscoil Mhá Nuad (Roinn Síceolaíochta agus Institiúid Eolaíochtaí Sóisialta) agus Roinn Froebel um Oideachas Bunscoile agus Luath-Óige Froebel faoin tionscadal UNITES. Tabharfaidh an staidéar seo, a bheidh faoi stiúir an Ollaimh Sinéad McGilloway agus an Dr Deirdre Forde i gcomhar le chéile, eolas d’fhorbairt cur chuige comhaontaithe náisiúnta maidir le seirbhísí cuairtíocht bhaile, ag féachaint don fhianaise idirnáisiúnta agus náisiúnta ar chur i bhfeidhm agus éifeachtacht ar an gcosc agus na luath-bhreithe tionscnaimh idirghabhála.
Féachann cláir chuairtíocht bhaile le tionchar dearfach a imirt ar thorthaí sláinte agus folláine do thuismitheoirí agus páistí óga; féachann siad chomh maith le bheith cuimsitheach agus inrochtana trí idirghabhálacha uilíocha agus spriocdhírithe éifeachtacha a sholáthar chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na páistí is mó atá i mbaol. Aithnítear sa Chéad 5, Straitéis Uile-Rialtais do Leanaí, Páistí Óga agus a dTeaghlaigh 2019-2028, an tábhacht a bhaineann le timpeallacht an bhaile agus tacaíochtaí tuismitheoireachta chun a chinntiú go mbíonn eispéiris dhearfacha luatha ag gach leanbh agus go bhfaigheann siad an tús is fearr sa saol.
Déanfaidh an staidéar:
• Scrúdú a dhéanamh ar na hacmhainní, na leibhéil ghníomhaíochta, an clúdach tíreolaíoch agus na torthaí ceangailte le cláir cuairtíocht bhaile in Éirinn;
• Breathnaigh ar fhianaise ar éifeachtacht agus ar chur i bhfeidhm na gclár cuairtíocht bhaile in Éirinn agus ar fud an domhain;
• Dul i gcomhairle le tuismitheoirí chun an t-éileamh agus na roghanna atá ann do chineálacha éagsúla seirbhísí cuairtíocht bhaile a fhiosrú; agus
• Dul i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara eile chun roghanna a aithint, a mheasúnú agus a chomhaontú maidir le cur chuige caighdeánaithe in Éirinn maidir le soláthar seirbhísí cuairtíocht bhaile.
Fáiltíonn an tAire O'Gorman an stáidéar seo agus dúirt sé:
“Sa Chlár don Rialtas, thugamar gealltanas rochtain ar chláir éifeachtacha tacaíochta tuismitheoireachta a leathnú. Neartóidh an taighde seo ár dtuiscint ar ról na seirbhísí cuairtíocht bhaile maidir le feabhas a chur ar shaol na leanaí agus na páistí óga, agus cuideoidh sé le forbairt cur chuige comhaontaithe.”
“Táim tiomanta a chinntiú go bhfaigheann tuismitheoirí, agus iad siúd atá i ról tuismitheora, tacaíochtaí tráthúla, ardchaighdeáin agus éifeachtacha, agus go n-aithním an tábhacht a bhaineann le timpeallacht dhearfach agus chothaitheach sa bhaile d’fhorbairt na luath-óige.”
“Tá áthas orm go bhfuil an tionscadal taighde seo ar siúl mar go gcabhróidh sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar na seirbhísí reatha atá againn in Éirinn agus eolas a chur ar a bhforbairt amach anseo”.