Seolann an tAire Donnelly agus an tAire Harris Creat an Champais Sláintiúil Fógra faoi chistiú do gach Institiúid Ardoideachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chomhsheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D. agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, T.D., Creat an Champais Shláintiúil Náisiúnta de chuid Éire Shláintiúil inniu a chabhróidh le hinstitiúidí ardoideachais ar fud na hÉireann chun sláinte agus folláine a leabú isteach i mbeatha an champais don fhoireann agus mic léinn. Tacófar leis an gCreat le síolchistiú do gach ceann de na hinstitiúidí a gheallann do Chairt an Champais Shláintiúil a chur i bhfeidhm agus comhordaitheoir náisiúnta a chistiú ar feadh 3 bliana.
Cuireann Creat an Champais Shláintiúil Náisiúnta seo treoirlínte ar fáil d’institiúidí tríú leibhéal chun cur le gníomhartha folláine reatha, agus cabhróidh sé leis an tsláinte agus an fholláine a chomhtháthú isteach i gcinntí a bhaineann le múinteoireacht agus foghlaim. Cabhróidh sé freisin le deiseanna a shainaithint i dtimpeallacht an choláiste, bíodh siad ina ndeiseanna sóisialta nó acadúla, ar féidir leo cabhrú le héiteas cúraim, atrua agus ionchuimsithe ar champais. Forbraíodh an Creat i gcomhar leis na hinstitiúidí ardoideachais, FSS agus Éire Shláintiúil.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá gliondar croí ar mo Roinn a bheith ag oibriú lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta chun sláinte agus folláine chlár i measc na n-institiúidí ardoideachais go léir. Ceann de phríomhaidhmeanna Éire Shláintiúil is ea a chinntiú gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as meabhairshláinte agus folláine fhisiciúil i suíomhanna a saoil laethúil.
“Tá an iarracht seo ag na hinstitiúidí ardoideachais le moladh mar gheall go bhféadfaidís freastal ar riachtanais thart ar 235,000 mac léinn gach bliain agus iad a mhealladh bheith sláintiúil ina mblianta múnlaitheacha. Cabhróidh an creat leis na hinstitiúidí treochlár a sholáthar don timpeallacht is mian leo a chruthú ar an gcampas agus imreoidh sé tionchar ní hamháin ar na mic léinn ach ar fholláine a dteaghlach, fhoireann na dáimhe an phobail áitiúil.”
Dúirt sé freisin:
“Tugtar tús áite faoi chlár athchóirithe Sláintecare don tsláinte agus folláine a chur chun cinn agus táimid tiomanta do thacú le agus acmhainní a sholáthar don obair seo agus is deas liom a fhógairt gur leithdháileamar síolchistiú €300,000 do na hinstitiúidí ardoideachais in 2021 agus go mbeidh cistiú breise ar fáil ar feadh trí bliana chun tacú le Comhordaitheoir Náisiúnta a cheapadh san Údarás um Ard-Oideachas”.
Forbraíodh an creat seo ar aon dul le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus tá sé bunaithe ar Chairt Idirnáisiúnta Okanagan um Ollscoileanna ina gCuirtear an tSláinte chun Cinn. Leagtar amach ann na príomhchéimeanna do champais pleananna um chur i bhfeidhm áitiúla a fhorbairt ina léirítear tosaíochtaí náisiúnta agus áitiúla chun feabhas a chur ar an tsláinte agus folláine.
Dúirt an tAire Harris:
“Deis ollmhór é seo dár n-institiúidí Creat an Champais Shláintiúil seo a chothú, agus cur chuige réamhghníomhach agus dearfach a ghlacadh i leith tacú le sláinte agus folláine na foirne agus na mac léinn go léir agus athléimneacht a fhorbairt inár bpobail champais agus áitiúla.
“Baineann ríthábhacht le do shláinte agus folláine maidir le d’fhorbairt mar mhac léinn agus go deimhin mar léachtóir nó taighdeoir. Baineann tábhacht ollmhór leis an timpeallacht ina bhfuil tú i dtaobh d’fholláine, agus sin an fáth go bhfuil an Creat seo á sheoladh inniu againn. Is féidir linn sláinte agus folláine mhaith a dhéanamh inrochtana agus inbhainte amach do dhuine agus déanfaimid é seo, cibé acu trínár gcampais a choimeád saor ó thobac, teacht a sholáthar ar sheirbhísí sláinte ghnéis nó trí réimse deiseanna le bheith gníomhach i gcónaí.
“Is mian liom an méid a chuir ár n-institiúidí ardoideachais leis an gCreat seo a fhorbairt agus a dtiomantas mór a aithint do shláinte agus folláine a mac léinn agus a bhfoirne. Scríobhfaidh mé chuig Uachtaráin na n-institiúidí sna laethanta amach romhainn le cuireadh a thabhairt dóibh clárú agus teacht ar an gcistiú a chuirimid ar fáil.”
Chuir Laura Magahy, Stiúrthóir Sláintecare, fáilte roimh Chreat an Champais Shláintiúil agus d’aithin sí an obair atá ar bun cheana féin i gcoláistí fud fad na tíre.
Dúirt sí:
“Gné ríthábhachtach é feabhas a chur ar shláinte agus folláine sna háiteanna agus na spásanna ina gcónaímid agus ina n-oibrímid de Phlean nua Sláintecare agus suíomh tábhacht iad institiúidí sa phlean seo. Táim ag tnúth le hidirchaidreamh leanúnach a dhéanamh leis na hinstitiúidí chun an clár seo a chur chun cinn, agus ba mhaith liom rannchuidiú na gcomhpháirtithe go dtí seo a aithint, go háirithe an cheannaireacht a léirigh FSS chun an creat agus an chairt a fhorbairt.”
CRÍOCH