Faigheann an tAire Ryan ceadú ón rialtas le haghaidh bearta chun dlús a chur leis an aistriú aeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceadú ón rialtas inniu le haghaidh dhá mheabhrán lena ndírítear ar sholáthar fuinnimh in-athnuaite agus príomhbhonneagair aeráide na hÉireann a chuíchóiriú agus a bhrostú.
Is é an chéad mheabhrán ná Plean Cur Chun Feidhme an Tascfhórsa um Fhorbairt Leictreachais In-athnuaite a Luathú, rud ina leagtar amach 70 gníomh, beagnach, ar fud na heangaí, na pleanála agus na margaí atá ríthábhachtach maidir le luathsholáthar na sprice ón bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide go soláthrófaí 80% de leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030 a chinntiú. Tá an-chuid de na gníomhartha sin ar bun cheana féin.
Tugtar aghaidh leis an bPlean freisin ar bhacainní ar luathsholáthar, go háirithe maidir le pleanáil agus le ceadú agus leis an ngá práinneach le pleananna áitiúla a ailíniú le spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh in-athnuaite agus le pleanáil agus soláthar an líonra leictreachais. Dá luaithe a sholáthraítear fuinneamh gaoithe agus gréine agus an bonneagar tacaíochta is amhlaidh is fearr do shealbhóirí tí, don iomaíochas agus d’astaíochtaí.
Tugtar le fios in anailís ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta gurb é an toradh a bheidh ar ghiniúint leictreachais in-athnuaite ar talamh a sholáthar go luath sa deacáid seo ná go mbrúfar praghsanna leictreachais mórdhíola síos faoi suas le 10%, rud ba chúis le billí níos ísle do theaghlaigh agus do ghnólachtaí.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tá méid ollmhór oibre déanta againn cheana féin chun treisiú lenár bpleanáil, lenár n-eangach agus lenár margaí le haghaidh leictreachas in-athnuaite. An obair sin a leanfaidh ar aghaidh sa tréimhse trí bliana go ceithre bliana romhainn, beidh sí ríthábhachtach maidir lena chinntiú go gcomhlíonfaidh Éire ár spriocanna don bhliain 2030 le haghaidh leictreachas in-athnuaite agus astaíochtaí carbóin. Tá soláthar tapa foinsí fuinnimh in-athnuaite ina chuid ríthábhachtach de shlándáil fuinnimh na hÉireann agus de chostais fuinnimh a laghdú do thithe agus do ghnólachtaí. Is gá dúinn tús a chur láithreach le cur i bhfeidhm a dhéanamh ar na beartais agus na bearta lena gcumasófar d’imscaradh luathaithe méadaithe na dtionscadal giniúna leictreachais in-athnuaite ar talamh agus d’fhorbairt na heangaí leictreachais ar talamh agus na saoráidí stórála leictreachais."
Áirítear na nithe seo a leanas leis na príomhbhearta a sainaithníodh chun spriocanna na hÉireann maidir le leictreachas in-athnuaite a sholáthar agus le hastaíochtaí carbóin a laghdú:
Beidh Plean Cur Chun Feidhme an Tascfhórsa um Fhorbairt Leictreachais In-athnuaite ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sna laethanta beaga romhainn.
Ag an gComh-Aireacht inniu freisin, cheadaigh an Rialtas an Scéim Ghinearálta don Bhille um Chomhshaol (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024.
Is é bunchuspóir an Bhille ná córas ceadúnúcháin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a chuíchóiriú trí thréimhsí ama cinnte a sholáthar le haghaidh cinntí ceadúnúcháin ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus trí níos mó roghanna a sholáthar don Ghníomhaireacht chun gníomhaíochtaí ísealriosca agus mionathruithe ar cheadúnais a rialáil go héifeachtúil. Cinntítear leis freisin go mbeidh cosaintí cuí comhréireacha comhshaoil i bhfeidhm.
Tá sé mar aidhm leis an gcinneadh a rinneadh inniu níos mó cinnteachta a sholáthar maidir leis an tréimhse ama le haghaidh cinntí ar iarratais ar cheadúnais ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil don earnáil fuinnimh, don earnáil bia, don earnáil cógaisíochta, don earnáil ceimiceán, don earnáil dramhaíola agus d’earnálacha tionsclaíocha eile agus comhlánófar leis na hamlínte reachtúla atá á dtabhairt isteach faoin mBille um Pleanáil agus Forbairt, 2023.
Is é aidhm an Bhille ná forbairt níos inbhuanaithe agus gníomhaíocht gheilleagrach níos inbhuanaithe inár ngeilleagar a éascú. Is é an toradh a bheidh ar an bhfad ama a thógann sé chun cinneadh a áirithiú ar iarratais ar cheadúnais thionsclaíocha agus dramhaíola agus a bheidh ar chinnteacht a thabhairt maidir leis an bhfad ama sin ná go dtacófar le cinntí infheistíochta chun forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar a theastaíonn chun geilleagar ciorclach a bhaint amach, go gcabhrófar lenár slándáil fuinnimh a chinntiú agus go n-éascófar feabhsuithe comhshaoil ar shuiteálacha tionsclaíocha.
Gintear astaíochtaí substaintí éagsúla isteach san aer, san uisce agus sa talamh as gníomhaíochtaí tionsclaíocha áirithe. Gintear dramhaíl astu freisin agus úsáidtear acmhainní amhail fuinneamh agus uisce lena linn. Tá freagracht ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil as ceadúnais a eisiúint chun truailliú ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus dramhaíola a chosc agus a rialú.
Cuirfear an Scéim Ghinearálta don Bhille seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sna laethanta beaga romhainn.
CRÍOCH