Tús curtha le Réamhíocaíochtaí do Scéim Leasa na gCaorach fógartha ag an Aire McConalogue €14.7 milliún á eisiúint chuig os cionn 18,000 feirmeoir caorach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí faoi bhliain a ceathair de Scéim Leasa na gCaorach.
Dúirt an tAire,
"Táim sásta a fhógairt go bhfuil €14.7 milliún á eisiúint inniu chuig thart ar 18,000 feirmeoir atá páirteach i Scéim Leasa na gCaorach. Tugtar léiriú leis an scéim seo ar ghealltanas an Rialtais i dtaobh earnáil na caorach in Éirinn agus cuirtear borradh airgeadais suntasach ar fáil d'fheirmeoirí aonair agus don earnáil caorach go ginearálta."
Dúirt an tAire chomh maith
"Táim sásta freisin a dheimhniú go bhfuair mé maoiniú sa phróiseas buiséid le déanaí chun bliain bhreise de Scéim Leasa na gCaorach a chur ar fáil agus tús á chur againn le tréimhse idirthréimhse CAP. Cuirfear tús leis an mbliain bhreise den Scéim i mí Feabhra 2021 agus, mar aon le blianta roimhe seo, beidh deis ann d'iarrthóirí nua chuig an earnáil páirt a ghlacadh sa scéim."
Dheimhnigh an tAire McConalogue gur ag 85% a bheidh an ráta don réamhíocaíocht. Tá an Scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann, 2014-2020. Mar aon le blianta roimhe seo, íocfar an íocaíocht chomhardaithe 15% sa tríú ráithe den chéad bhliain eile.
Mar fhocal scoir, d'iarr an tAire ar fheirmeoir ar bith a bhfuil fiosruithe fós le réiteach acu freagra a chur chuig an Roinn ar an bpointe chun go mbeifear ábalta an íocaíocht a dhéanamh.
CRÍOCH