Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 16 Bealtaine 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 15 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,533 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail 11am Dé Sathairn an 16 Bealtaine, tugadh fógra don HPSC faoi 92 cás nua dearbhaithe de COVID-19. Tá 24,048 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Déardaoin an 14 Bealtaine (23,879 cás):
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:
“Is é inniu an chéad uair a chonaic muid go bhfuil líon na gcásanna dearbhaithe ag titim faoi bhun 100 ó lár mhí an Mhárta.
“Cé go raibh na naoi seachtaine seo caite an-deacair dóibh siúd a bhí ag cocúnú, agus do thuismitheoirí le leanaí óga, is ábhar misnigh dúinn uimhreacha an lae inniu go bhfuil iompraíochtaí nua foghlamtha agus glactha againn go léir maidir le níochán lámh, béasa riospráide agus scaradh sóisialta a chabhróidh linn agus muid ag obair le chéile chun ionaid miondíola, gnó agus an tsochaí a athoscailt."
CRÍOCH