Bealaí chun Oibre: Fógraíonn an tAire Humphreys agus an tAire O'Brien breis agus 2,600 áit bhreise ar scéimeanna Fostaíochta Pobail agus Tús
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit, Joe O’Brien TD, inniu os cionn 2,600 áit bhreise ar scéimeanna Fostaíochta Pobail (CE) agus Tús ar fud na tíre.
Léiríonn an ceadú do 1,475 áit bhreise ar scéimeanna CE agus 1,164 áit ar scéimeanna Tús tiomantas lárnach i Bealaí chun Oibre - straitéis uaillmhianach nua seirbhísí fostaíochta an Rialtais.
Maidir le Fostaíocht Pobail, leithdháilfear an 1,475 áit bhreise ar scéimeanna i ngach contae.
Idir an dá linn, leithdháilfear na 1,164 áit bhreise ar scéimeanna Tús ar na 19 gcontae a rinne iarratas.
Tá liosta iomlán de na scéimeanna CE agus Tús a fhaigheann áiteanna breise ar fáil in Aguisíní 1 agus 2 thíos.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Is éard atá i gceist le ‘Bealaí chun Oibre’ na huirlisí agus na deiseanna a theastaíonn uathu chun fostaíocht a fháil a thabhairt do dhaoine. Tá ár scéimeanna Fostaíochta Pobail agus Tús lárnach sa straitéis sin - ag soláthar réimse leathan taithí oibre, forbairt scileanna agus meantóireachta do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.
“Faoi láthair, tá os cionn 19,000 duine rannpháirteach i scéimeanna CE agus os cionn 4,000 ar scéimeanna Tús. In 2020, d’infheistigh an Roinn Coimirce Sóisialaí €425 milliún sna scéimeanna seo - rud a léirigh a dtábhacht do phobail ar fud na tíre.
“Bhí tionchar diúltach ag Covid-19 ar an oiread sin dár mbailte agus sráidbhailte.
“Ach agus muid ag teacht amach as an bPaindéim seo, tá rún daingean againn tacú lenár saoránaigh atá as obair ar gach bealach is féidir.
“Tá áthas orm na 2,639 áit bhreise seo a sholáthar, a bhfuil a fhios agam a rachaidh chun leasa go mór don oiread sin daoine agus a bpobail.
Dúirt an tAire O'Brien:
“Ó thús na héigeandála Covid-19 i Márta 2020 agus na srianta ina dhiaidh sin, lean an Roinn Coimirce Sóisialaí ag tacú le scéimeanna CE agus Tús agus ag tabhairt isteach bearta teagmhasacha eile freisin, chun socrúcháin agus seirbhísí atá ann cheana a sholáthraíonn scéimeanna CE agus Tús a chosaint, lena n-áirítear síneadh a chur le conarthaí rannpháirtithe CE.
“Tá an Rialtas seo tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’údaráis urraíochta CE agus na seirbhísí luachmhara a sholáthraíonn siad ar fud na bpobal agus is fianaise eile é sin inniu.
“Oibreoidh mo Roinn go dlúth anois leis na scéimeanna seo chun a chinntiú go líonfar na socrúcháin nua seo, a sholáthraíonn deiseanna do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, a luaithe is féidir agus go n-úsáideann scéimeanna CE agus Tús an acmhainn leathnaithe seo chun leasa na bpobal ar a soláthraíonn siad seirbhísí áitiúla ríthábhachtach."
Bearta tacaíochta fostaíochta is ea scéimeanna CE agus Tús do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile a fhaigheann íocaíochtaí fadtéarmacha ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Fostaíonn na scéimeanna rannpháirtithe chun raon seirbhísí a sholáthar do phobail áitiúla ar fud na tíre.
Ina measc sin tá bainistíocht taitneamhachtaí áitiúla, tionscadail chomhshaoil, na healaíona agus cultúr, spóirt, cúram leanaí, Bailte Slachtmhara, seirbhísí a bhaineann le sláinte, béilí ar rothaí agus scéimeanna athshlánaithe drugaí.
Chomh maith le rannchuidiú le seachadadh seirbhísí áitiúla, forbraíonn na rannpháirtithe raon scileanna gairme agus taithí oibre a chabhraíonn lena n-ionchais féin maidir le fostaíocht lánaimseartha a fháil a fheabhsú.
Eascraíonn leithdháileadh na n-áiteanna breise ó phríomhthiomantas i mBealaí chun Oibre chun 3,000 áit bhreise a sholáthar ar na scéimeanna tacaíochta fostaíochta CE agus Tús do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh dhá mhí dhéag nó níos mó, lena n-áirítear am a chaitear ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime ( PUP).
Is é seo an chéad chéim chun na háiteanna breise seo a leithdháileadh.
Go luath sa samhradh, thug an Roinn cuireadh d’údaráis urraíochta CE agus do chomhlachtaí forfheidhmithe Tús léirithe spéise a chur isteach a thabharfadh deiseanna tacaíochta fostaíochta do shocrúcháin den sórt sin.
Tar éis an phróisis tosaigh ‘léirithe spéise’, thug an Roinn cuireadh d’iarratais ar na socrúcháin bhreise a ndearnadh measúnú orthu, i gcomhpháirtíocht le Pobal, leo siúd a chomhlíonann príomhchritéir a ceadaíodh d’áiteanna breise.
210827 - Appendix 1 - Profile of CE application approvals by County
210827 - Appendix 2 - Profile of Tús application approvals by County