Ardú ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers do Mhná Tí Earnáil na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers T.D., go bhfuil ardú 10% ceadaithe aige ar an deontas laethúil atá iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gColáistí Gaeilge. Fágfaidh sé seo go mbeidh €11 in áit €10 in aghaidh na hoíche in aghaidh an scoláire iníoctha feasta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le lucht lóistín earnáil na gcoláistí Gaeilge. Meastar gur fiú €460,000 an t-ardú seo.
Bainfidh tuairim is 700 teaghlach, ó cheann ceann na Gaeltachta atá cláraithe leis an Roinn faoin scéim, leas as an ardú seo a thagann i bhfeidhm láithreach. Is é seo an chéad ardú atá ceadaithe ag an Roinn ar dheontas na scéime le cúig bliana anuas.
Tá ardú ceadaithe chomh maith sa deontas laethúil a íoctar faoin scéim i leith lucht freastail na gcoláistí cónaithe atá aitheanta fúithi– an chéad ardú dóibh le deich mbliana anuas, mar aon le hardú ar an deontas laethúil faoi leith a íoctar faoi na beartais ÁRAINN Gaeltachta agus ERASMUS Gaeltachta a thugann deis do scoláirí iar-bhunscoile agus mic léinn tríú leibhéil seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht.
Is é cuspóir foriomlán an bheartais seo atá fógartha tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht de réir cuspóirí Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Táimid ar fad ag súil go mór le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre ar an nGaeltacht an samhradh seo. Tá tábhacht faoi leith ag Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta araon agus í 50 bliain ar an bhfód i mbliana. Ag croílár an scéil, tá na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na mílte scoláire bliain i ndiaidh bliana. Mar aitheantas air sin agus an t-ardú atá tagtha ó 2017 ar na costais a thiteann orthu, tá sé tráthúil go n-ardófaí an deontas a íoctar faoin scéim anois agus na coláistí ar tí athoscailt. Cabhróidh an t-ardú atá fógartha agam leis an tuairim is 700 teaghlach fud fad na Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil agus leis na coláistí cónaithe go deimhin atá aitheanta faoin scéim. Lena chois sin, cabhróidh an t-ardú leis na coláistí ar fad chun na táillí a ghearrtar a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus lena gcuid iarrachtaí féin chun teaghlaigh nua a earcú agus a choinneáil.”
Bhí plé le gairid ag feidhmeannaigh na Roinne le hionadaíocht lucht lóistín na hearnála agus le scáthghrúpa na gcoláistí, CONCOS. Cuireadh san áireamh an t-aiseolas a fuarthas de thoradh an phlé sin agus an beartas seo á ullmhú.
Tagann an t-ardú sna sála ar an méid a fógraíodh le gairid maidir le cursaí nach giorra ná 3 lá a bheith á n-aithint mar bheart aon uaire, agus i ndiaidh cúig chiste cobhsaithe faoi leith a bheith bunaithe ag an Roinn thar thréimhse dhá bhliain chun cabhrú le lucht lóistín, hallaí pobail agus coláistí na hearnála araon.
Beidh an Roinn i dteagmháil le teaghlaigh na scéime go ríghairid faoi seo uile.
Is é cuspóir Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) - atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre. Ceaptar go bhfuil tuairim is 1m foghlaimeoir tar éis leas a bhaint as an scéim ó bunaíodh í 50 bliain ó shin in 1972.
Ó 2017 i leith d’íoctaí deontas laethúil €10 in aghaidh an scoláire faoin scéim le c. 700 teaghlach cáilithe a chuireann lóistín ar fáil don bhreis agus 26,000 foghlaimeoir a dhéanann freastal ar na cúrsaí Gaeilge a aithnítear ó cheann ceann na Gaeltachta.
De thoradh an ardaithe atá fógartha, beidh tuairim is €4.8m á infheistiú go bliantúil feasta ag an Roinn ar leas na hearnála.
Faoi réir na socruithe i bhfeidhm, íocann na coláistí féin suim ionann le tuairim is €1.20 leis na teaghlaigh i leith gach €1 a íocann an Roinn. Fágfaidh sé seo go mbeidh ioncam breise c. €14 sa tseachtain in aghaidh an fhoghlaimeora á shaothrú ag teaghlaigh na hearnála nuair a chuirtear ardú na Roinne agus cúiteamh na gcoláistí san áireamh.
Sampla ar thionchar an ardaithe
Léargas ar bheartais na Roinne le cabhrú le cobhsú na hearnála ó 2021 i leith
Feabhra 2022: Gearrchúrsaí Gaeltachta nach lú ná 3 lá le bheith aitheanta mar eisceacht i mbliana chun tacú tuilleadh le hathoscailt na gColáistí Gaeilge https://www.gov.ie/ga/preasraitis/gearrchursaigaeltachta-nach-lu-na-3-la-le-bheith-aitheanta-mar-eisceacht-i-mbliana-chun-tacu-tuilleadh-le-hathoscailt-na-gcolaisti-gaeilge-/
Deireadh Fómhair 2021: Cúnamh faoi leith do Choláistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers https://www.gov.ie/ga/preasraitis/55f0d-cunamh-faoi-leith-do-cholaisti-samhraidh-fogartha-ag-an-aire-martin-agus-ag-an-aire-stait-chambers/
Iúil 2021: Ciste Cobhsaithe €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit Chambers https://www.gov.ie/ga/preasraitis/4b2fe-ciste-cobhsaithe-240000-do-hallai-pobail-na-gaeltachta-fogartha-ag-an-aire-stait-chambers/
Iúil 2021: Ciste Cobhsaithe do mhná tí na gColáistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers https://www.gov.ie/ga/preasraitis/a89ae-ciste-cobhsaithe-do-mhna-ti-na-gcolaisti-samhraidh-fogartha-ag-an-aire-martin-agus-ag-an-aire-stait-chambers/
Bunaíodh dhá chiste faoi leith chomh maith in 2020; sonraí ar fáil ar shuíomh na Roinne.