Cuireann an tAire McConalogue fáilte roimh iarratais ar Scéim Deontais 2023 um Leas Ainmhithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., fáilte inniu roimh iarratais ó charthanachtaí leasa ainmhithe in Éirinn ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad le haghaidh maoinithe do sholáthar seirbhísí in 2024.
Agus an próiseas iarratais á sheoladh aige, dúirt an tAire:
“Mar aitheantas ar thiomantas mo chuid Roinne do leas ainmhithe tá fáilte á chur anois againn roimh iarratais ar Chlár Deontais 2023 um Leas Ainmhithe.
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt do na seirbhísí luachmhara a chuireann eagraíochtaí leasa ainmhithe ar fáil agus cosc á chur acu ar fhadhbanna leasa ainmhithe ar fud na hÉireann agus iad ag freagairt dóibh freisin. Tá ardmholadh ag dul d'obair chrua, do thiomantas agus an dúthracht a thaispeánann foireann agus saorálaithe na gcarthanachtaí seo agus aithním an tábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanann siad, agus ainmhithe géillte, tréigthe agus ainmhithe atá i mbaol á gcosaint acu agus cúram á dhéanamh acu díobh.
“Tá ról ríthábhachtach ag na heagraíochtaí seo freisin agus an pobal á chur ar an eolas acu i ndáil le húinéireacht fhreagrach ar pheataí agus leas ainmhithe go ginearálta.”
Labhair an tAire faoina thiomantas do thosaíochtaí Chlár an Rialtais maidir le leas ainmhithe:
“Tá dul chun cinn maith déanta agus sinn ag cur lenár ngealltanas faoi Chlár an Rialtais agus táim meáite ar leanúint ag tacú leis an obair riachtanach a dhéanann na heagraíochtaí seo.”
“Aithnítear leis an ngealltanas seo ról na n-eagraíochtaí seo, atá ag éirí níos tábhachtaí fós, i ndáil le leas ainmhithe. In 2022, d'fhógair mé an maoiniú is mó ariamh, os cionn €5.8 milliún agus a deonaíodh ar 99 eagraíocht leasa ainmhithe ar fud na tíre, ar méadú os cionn €2 mhilliún é ar mhaoiniú a cuireadh ar fáil in 2021.”
Tá tuilleadh eolais, an Fhoirm Iarratais san áireamh, ar fáil ag: Maoiniú d'Eagraíochtaí Leasa Ainmhithe
Tá foirmeacha iarratais ar fáil freisin ar ríomhphost ó: welfaregrants@agriculture.gov.ie
Ní mór do gach iarratasóir a bheith cláraithe leis an Rialálaí Carthanas agus ní mór dóibh a bheith ar an bhfód le breis is dhá bhliain.
Is é an 21 Iúil 2023 an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe.
CRÍOCH