Fáiltíonn an tAire Rabbitte roimh mhaoluithe sonracha do Sheirbhísí Míchumais faoi Shos Earcaíochta an FSS
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Stáit um Míchumas, Anne Rabbitte, fáilte roimh mhaoluithe sonracha do chatagóirí foirne atá fostaithe trasna an FSS agus do sheirbhísí míchumais Alt 38 faoi shos earcaíochta an FSS.
Ó ghlac sí freagracht as seirbhísí míchumais i Márta na bliana seo, tá gealltanas tugtha ag an Roinn infheistíocht a dhéanamh san earnáil agus torthaí a fheabhsú d'úsáideoirí seirbhíse; trí sheirbhísí a leathnú, a fheabhsú agus a athchóiriú, lena n-áirítear poist bhreise seirbhíse míchumais a chruthú agus earcaíocht chuig na poist sin.
Bhí an tAire Rabbitte agus an Roinn araon i dteagmháil i rith an ama leis an FSS ó fógraíodh an sos, lena chinntiú nach gcuifear isteach ar sheirbhísí míchumais an iomarca. Dheimhnigh an FSS go raibh díolúine ann do phoist Sláinte agus Cúraim Shóisialta, agus go dtabharfaí tús áite agus ath-imlonnú ó laistigh de na hacmhainní atá ann cheana féin. Tá maoluithe breise aontaithe anois ag an FSS maidir le catagóirí sonracha foirne laistigh de sheirbhísí míchumais, chun na seirbhísí riachtanacha seo a chosaint arís eile.
Tá meamram nua eisithe ón FSS chuig Príomhoifigigh i ngach ECSP (Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail) inniu maidir leis seo, a scaipfear ar aghaidh chuig eagraíochtaí Alt 38. Leis na bearta seo, is féidir baill foirne riachtanacha thar roinnt grád a athsholáthar ar bhonn "duine ar dhuine", chun seirbhísí do chliaint a chosaint agus chun leibhéil shábháilte foirne a chinntiú.
Ag fáiltiú dó roimh an bhfógra is déanaí, dúirt an tAire Rabbitte:
“Tá an-áthas orm a dheimhniú gur comhaontaíodh bearta breise leis an FSS chun gur féidir poist riachtanacha a líonadh thar chatagóirí sonracha foirne laistigh de sheirbhísí míchumais.”
“Tá bainisteoirí sinsearacha laistigh den FSS tiomanta freisin do chúnamh a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse an sos a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, agus tuigim go bhfuil roinnt eagraíochtaí i mbun plé díreach leis an FSS ina leith seo cheana féin.”
“Is tosaíocht domsa í earcaíocht isteach i Seirbhísí Míchumais agus ní mór dom a chinntiú go bhfuil flít iomlán foirne ar fáil do leanaí, do dhaoine fásta agus do theaghlaigh chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar thacaíochtaí atá á lorg acu. Tá an maolú seo ríthábhachtach chuige sin faoi láthair agus is mór agam gur tháinig an FSS ar réiteach don earnáil.”
“Leanfaidh mo Roinn leis an bplé leis an FSS chun a chinntiú go gcosnaítear na seirbhísí riachtanacha seo le linn chur i bhfeidhm shos an FSS.”
Sos Earcaíochta an FSS
Thug an sos, a d'fhógair Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an FSS trí mheamram dar dáta an 4 Deireadh Fómhair 2023, srianta earcaíochta isteach ar ghráid Bhainistíochta agus Riaracháin ar fud na hearnála cúraim sláinte. I meamram ina dhiaidh sin ar an 13 Deireadh Fómhair, leathnaíodh an sos níos faide ná an catagóir foirne seo chun catagóirí Cúram Othar agus Cliant agus Tacaíocht Ghinearálta a chur san áireamh, agus tugadh isteach scor láithreach d'fhoireann bhreise gníomhaireachta thar na leibhéil atá ann cheana féin.
Bearta Maolaithe a Bhaineann go Sonrach le Míchumas
Cuimseofar leis na bearta foirne cónaithe, faoisimh, cúnaimh phearsanta, seirbhísí lae agus Foirne Líonra do Leanaí faoi Mhíchumas (FLLManna), agus beidh siad teoranta do na róil seo a leanas:
1. Foireann leighis (gráid 1012 agus 1538)
2. Foireann tí (grád 4110)
3. Tiománaithe (grád 4737)
4. Comhordaitheoirí Seirbhíse agus Bainisteoirí ceantair (gráid 6006, 6024,6006)
5. Oibrithe tacaíochta teaghlaigh (grád 6416)
6. Maoirseoirí seirbhíse lae (gráid 6402,6425)
7. Cúntóirí Cúraim (grád 6482)
8. Oibrithe Cúraim Shóisialta
9. Cúntóirí Pearsanta
Ní bhaineann an sos leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Alt 39 d'eagraíochtaí agus coinneofar leibhéil foirne gníomhaireachta de réir na leibhéal a bheidh i bhfeidhm ar an 13 Deireadh Fómhair, rud a laghdóidh an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar sheirbhísí riachtanacha míchumais.