Fógraíonn an tAire Sláinte an dul chun cinn maidir le 'Moil Mháinliachta' a fhorbairt
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag fógairt inniu go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le 'Moil Mháinliachta' atá beartaithe a chur ar fáil go náisiúnta.
Tá na moil á bhforbairt in áiteanna tábhachtacha ar fud na tíre, ar shuíomh ospidéil Mhúnla 4, nó ar shuíomhanna a fheidhmíonn faoi rialú na n-ospidéal. Tá na moil á bhforbairt agus é mar aidhm acu tionchar a bheith acu ar liostaí feithimh cásanna lae roimh fhorbairt ospidéil roghnacha réigiúnacha.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá laghdú ar liostaí feithimh feicthe againn, anois an dara bliain as a chéile agus táim tiomanta go bhfeicfimid laghdú eile ar líon na n-othar atá ag fanacht in 2024. Cabhróidh na moil mháinliachta seo lenár n-amanna feithimh a laghdú d’obráidí lae in 2024."
Luaigh an tAire an dul chun cinn atá déanta maidir le seachadadh na sé mhol máinliachta nua mar seo a leanas:
Tá oibreacha feistithe ar bun agus beidh an chéad chéim críochnaithe go luath in 2024.
Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall don mhol ag Campas Gnó Shoird. Tá an próiseas tairisceana críochnaithe freisin agus cuirfear tús leis an obair go luath.
Cead pleanála i bPáirc Mhuirlinne tugtha. Tá an próiseas tairisceana críochnaithe agus tá conradh le bronnadh.
Tá iarratas pleanála curtha isteach chun mol a fhorbairt ag CUH agus tá oibreacha cumasúcháin ar bun.
Iarratas pleanála curtha isteach chun mol a fhorbairt ag UHW
Iarratas pleanála curtha isteach chun mol a fhorbairt ar shuíomh Scoil Carmel.
Nótaí
Tá na moil nua bunaithe ar Ionad Reeves ar éirigh go han-mhaith leis in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, ionad a bhfuil laghdú suntasach tagtha ar na hamanna feithimh d’obráidí lae.