Ceadaíonn an Rialtas Téarmaí agus Coinníollacha don chéad cheant le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an rialtas inniu Téarmaí agus Coinníollacha ORESS 1, an chéad cheant le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite.
Is ócáid bharrthábhachtach í seo i ngaoth amach ón gcósta a sholáthar in Éirinn. Maidir leis an gceant le haghaidh gaoth amach ón gcósta, a bheidh ar an gcéad cheann riamh i stair na hÉireann, meastar go soláthrófar leis bealach chun margaidh do suas le 2.5 GW d’fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta d’eangach na hÉireann. Is leor an méid sin fuinnimh chun 2.5 milliún teach in Éirinn a chumhachtú le leictreachas glan. Agus é ag titim amach le linn na seachtainí ina mbeidh COP27 ar siúl, is é an toradh atá ar na mionsonraí faoin gceant a fhoilsiú ná go dtugtar comhartha idirnáisiúnta láidir go bhfuil Éire dáiríre faoi fhuinneamh amach ón gcósta agus faoinár gcuid spriocanna agus oibleagáidí náisiúnta ó thaobh na haeráide de.
Agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach a bheidh ag pobail óstála áitiúla sa bhonneagar criticiúil sin a fhorbairt, ceanglófar ar na tionscadail uile um ghaoth amach ón gcósta arna bhforbairt trí ORESS ranníocaíochtaí a dhéanamh le Ciste Sochair Pobail ó chéim na tógála agus ar fud na tréimhse tacaíochta, a mhairfidh 25 bliana ar fad i bhformhór na gcásanna. Cruthóidh sé sin tairbhí inláimhsithe marthanacha le haghaidh na bpobal sin.
Ag labhairt dó faoin bhforbairt seo, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Céim ollmhór eile ar aghaidh is ea Téarmaí agus Coinníollacha ORESS 1 a fhoilsiú – maidir le gaoth amach ón gcósta, le ceannaireacht aeráide na hÉireann agus le todhchaí na hÉireann mar mhol idirnáisiúnta fuinnimh ghlais. Tosóidh an chéad chéim den cheant bunathraitheach seo roimh an Nollaig agus cuirfidh sí ar an gconair sinn i dtreo líon i bhfad níos mó dár gcuid tithe agus gnólachtaí a chumhachtú ónár n-acmhainní fuinnimh ghlais féin sna blianta atá le teacht. Tagann sí sna sála ar achtú an Achta um Pleanáil Limistéir Mhuirí anuraidh agus ar an bhfógra maidir le Toilithe Limistéir Mhuirí a bhronnadh ar thionscadail Chéim a hAon an mhí seo caite."
Foilseoidh EirGrid leagan críochnaitheach d’fhéilire ceantanna ORESS 1 ar ball. Seolfar an chéim réamhcháiliúcháin an mhí seo chugainn (mí na Nollag). Cuirfear an chéim cáiliúcháin agus an próiseas ceant ar siúl i gcéad leath na bliana 2023. Foilseofar torthaí deiridh an cheant faoi mhí an Mheithimh 2023.
Is incháilithe le haghaidh páirt a ghlacadh i gceant ORESS 1 atá aon tionscadal ar bronnadh Toiliú Limistéir Mhuirí air. Measadh seacht dtionscadal – ar a dtugtar 'Tionscadail Iomchuí' – a bheith réidh le hiarratas a dhéanamh ar Thoilithe Limistéir Mhuirí in earrach na bliana 2022. A luaithe a dheonaítear Toilithe Limistéir Mhuirí, féadfaidh na tionscadail sin dul in iomaíocht le haghaidh tacaíocht Stáit trí ORESS agus iarratas a dhéanamh ar chead pleanála ón mBord Pleanála freisin.
Meastar gurb é an toradh a bheidh ar ORESS 1 ná go soláthrófar thart ar 2.5 GW d’acmhainn ginte leictreachais.
Beidh tuilleadh ceantanna ag teastáil chun go mbeimid in ann ár n-uaillmhianta fuinnimh inathnuaite agus aeráide a bhaint amach. Tá sé beartaithe faoi láthair trí cinn ar a laghad de cheantanna fuinnimh amach ón gcósta a sheoladh sna deich mbliana seo. Is é an aidhm ná dul chun cinn a dhéanamh ar go leor tionscadal inmharthana amach ón gcósta tríd an gcóras toilithe chun go mbeidh ceantanna iomaíocha againn. Is é an toradh a bheidh air sin sa deireadh ná go mbrúfar costais do thomhaltóirí leictreachais anuas.
CRÍOCH
D’óstáil an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide comhairliúchán poiblí ar an dréachtleagan de na Téarmaí agus Coinníollacha don chéad cheant le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (ORESS 1) idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag 2021. Tar éis di breithniú cúramach a dhéanamh ar na haighneachtaí uile a fuarthas, d’eisigh an roinn freagra foirmiúil ar an gcomhairliúchán i mí na Bealtaine 2022. De bhreis air sin, d’fhoilsigh EirGrid féilire sealadach ceantanna i mí an Mheithimh 2022.
Ós rud é gur ceadaithe ag an Rialtas anois atá Téarmaí agus Coinníollacha críochnaitheacha, foilseoidh EirGrid féilire críochnaitheach ceantanna ar ball. Ní mheastar go dtiocfaidh aon athrú san fhéilire críochnaitheach ar dháta críochnaithe an cheant (mí an Mheithimh 2023).
A luaithe a bhronntar litir thairisceana orthu trí cheant ORESS 1, ceanglófar ar thionscadail garspriocanna imscartha a bhaint amach thar na blianta ina dhiaidh sin. Tugtar dreasacht d’úinéirí tionscadail imscaradh a luaithe is féidir trí thréimhsí tacaíochta níos faide a thairiscint dóibh, agus spreagtar iad gan imscaradh go déanach trí thréimhsí tacaíochta níos giorra a chur i bhfeidhm agus trí phionóis airgeadais a ghearradh.
Ceanglaítear ar na cistí sin a bheith i mbun oibre roimh chéim tógála aon tionscadail. Géaraítear ar na híocaíochtaí de réir mar a théann an tionscadal i mbun oibre agus leanann siad ar aghaidh ar feadh shaolré na tréimhse tacaíochta. Is é an toradh atá air sin ná go dtéitear chun tairbhe go mór do phobail chósta agus mhuirí (atá gar do thionscadail um ghaoth amach ón gcósta).
D’óstáil an roinn comhairliúchán poiblí tiomnaithe ar chistí pobail amach ón gcósta ní ba luaithe i mbliana (idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair). Ag teacht sna sála ar an gcomhairliúchán sin, foilseoidh an roinn Leabhar Rialacha do Ghineadóirí agus do Riarthóirí Ciste Cistí Sochair Pobail Amach ón gCósta ar ball.