Seolann an tAire Ryan Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a sheoladh, an chéad ócáid dá leithéid in Éirinn riamh. Beidh an tSeachtain ar siúl ón lá inniu (20 Meán Fómhair) go dtí an 26 Meán Fómhair, agus í ina cuid de Sheachtain Forbartha Inbhuanaithe na hEorpa (ESDW) atá ar siúl i 23 thír ar fud na hEorpa.
Beidh Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar siúl cothrom an lae a comhaontaíodh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna). Le linn na Seachtaine, reáchtálfar gníomhaíochtaí chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a cheiliúradh agus chun feasacht ar na spriocanna sin a mhéadú.
Plean gníomhaíochta ar son an duine, ar son an phláinéid agus ar son an rathúnais is ea na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is é an aidhm atá leo todhchaí níos inbhuanaithe, níos rathúla agus níos síochánta a sholáthar don domhan ar fad. Toisc gur le gach duine na Spriocanna, féadfaidh aon duine páirt a ghlacadh i Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí imeacht a eagrú nó trí pháirt a ghlacadh in imeacht.#
Ag labhairt dó faoi sheoladh Sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Bhí an adhaimsir a bhí againn sa samhradh ina léiriú eile ar an dlúthnasc atá ann idir an aeráid, slándáil bia, sláinte, slite beatha agus deiseanna saoil. Ní liosta uaillmhianach amháin atá sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is iad na caighdeáin bhunúsacha is gá dúinn a chomhlíonadh má táimid chun maireachtáil agus bláthú mar phláinéad.
"Tá lúcháir orm seoladh na seachtaine bliantúla nua gníomhaíochta seo do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a fhógairt, agus mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh inti ionas gur féidir leo tuilleadh eolais a ghnóthú ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus a thuiscint cén dóigh ar féidir leis na gníomhartha a dhéanfaimid inniu ár dtodhchaí a mhúnlú. Tá leas againn go léir i bhforbairt ár ndomhain. Táim ag tnúth le Plean Cur Chun Feidhme Náisiúnta nua a fhoilsiú do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i dtús na chéad mhíosa eile freisin."
Beidh a lán tionscnamh spéisiúil corraitheach agus imeachtaí spéisiúla corraitheacha ar siúl ar fud na hÉireann le linn Sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, nó chun clárú d’imeacht, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Sheachtain Forbartha Inbhuanaithe na hEorpa. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus faoi conas páirt a ghlacadh inti, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Roinne.
CRÍOCH
An 25 Meán Fómhair 2015, rinneadh 'I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe' a ghlacadh ag na Náisiúin Aontaithe. Ba í Éire a chomhstiúir an idirbheartaíocht ar Chlár Oibre 2030 i gcomhar leis an gCéinia. Cuid dhílis de Chlár Oibre 2030 is ea na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), a bhfuil mar aidhm leo 'deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus rathúnas a chinntiú'.
Cumhdaíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na trí ghné den fhorbairt inbhuanaithe, is iad sin: fás geilleagrach, cuimsiú sóisialta, agus cosaint an chomhshaoil. Is Spriocanna uilíocha iad, agus iad ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas: neamh-chomhionannais; fás geilleagrach; poist chuibhiúla; cathracha agus lonnaíochtaí don duine; tionsclaíocht; aigéin; éiceachórais; fuinneamh; an an t-athrú aeráide; tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe; agus an tsíocháin agus an ceartas.
Is comhaontú deonach é Clár Oibre 2030, a fhágann nach bhfuil sé ina cheangal dlí. Mar sin féin, chomhaontaigh gach tír na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus táthar ag súil leis go bhforbróidh gach tír creat náisiúnta ina leagfar amach an dóigh a mbainfear na Spriocanna amach. Tá Éire i bhfách leis an bhforógra ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe atá leagtha amach sa doiciméad dar teideal 'Ár gClár Oibre Coiteann'. Tá sí i bhfách freisin leis an iarraidh uaidh go gcuirfí borradh ollmhór faoin obair i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Ghlac Éire cur chuige uile-rialtais i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a chur chun feidhme, agus an fhormhaoirseacht pholaitiúil fhoriomlán á soláthar tríd an gComh-aireacht. Tá freagracht ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide as na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus as formhaoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme comhleanúnach ar fud an Rialtais.
Tá Plean Cur Chun Feidhme Náisiúnta nua do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le foilsiú i dtús mhí Dheireadh Fómhair. Leagfar amach ann straitéis na hÉireann um rialachas agus cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don tréimhse 2022-2024.
Tionóladh dhá phróiseas comhairliúcháin phoiblí le linn an plean a fhorbairt. Tionóladh an chéad cheann díobh thar shamhradh na bliana 2021, agus chuathas i dteagmháil le breis agus 5,000 duine aonair lena linn. Bhí na gníomhartha a forbraíodh lena gcur ar áireamh sa phlean mar thoradh díreach ar an ionchur a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin. Seoladh babhta deiridh comhairliúcháin ina dhiaidh sin i mí na Bealtaine 2022 chun aiseolas a fháil ar an dréachtphlean. Rinneadh an Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí um na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a athsheoladh freisin, agus cruinniú á thionól an 2 Meitheamh 2022 chun sásra breise ionchuir a sholáthar.
Beidh Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar siúl den chéad uair riamh in Éirinn idir an 20 agus an 26 Meán Fómhair i mbliana, agus é mar aidhm léi forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus feasacht ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus rannpháirtíocht leis na Spriocanna sin, a mhéadú.
Beidh an tseachtain ina cuid de Sheachtain Forbartha Inbhuanaithe na hEorpa (ESDW), ar lena linn a chabhraítear le gníomhaíochtaí ina gcuirtear forbairt inbhuanaithe chun cinn a eagrú agus a chuirtear na hiarrachtaí sin i láthair ar ardán coiteann. Tá sé mar aidhm le ESDW feasacht ar Chlár Oibre 2030 a mhéadú san Eoraip, agus iarrtar lena linn ar gheallsealbhóirí áitiúla gabháil go gníomhach don fhorbairt inbhuanaithe i gcoitinne agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe go háirithe.
Amhail an 20 Meán Fómhair 2022, bhí 4,661 imeacht cláraithe i 23 thír san Eoraip. Chun an scéala is cothroime le dáta a fháil, féach suíomh gréasáin ESDW.