Fógraíonn an tAire Martin socruithe do Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2021 Dé Domhnaigh an 16 Bealtaine
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Cathaoirleach Choiste Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir socruithe inniu do Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mbliana.
Beidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn i gceannas ar an searmanas a bheidh ar siúl i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath ar 12 i.n. Dé Domhnaigh an 16 Bealtaine le honóracha míleata agus leagan bláthfhleisce i ndilchuimhne orthu siúd a d’fhulaing nó a fuair bás le linn an Ghorta Mhóir. Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn príomhóráid an tsearmanais. Leagfaidh a Shoilse Jude Thaddeus Okolo, Déan an Chóir Taidhleoireachta, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, agus Cathaoirleach Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath, David Bunworth bláthfhleasc chomh maith.
Reáchtálfar an searmanas de réir treoirlínte sláinte agus sábháilteachta agus, mar a bhí in 2020, ní bheidh sé oscailte don phobal. Craolfar an searmanas ar chainéal nuachta RTÉ, RTE.ie agus ar mheáin shóisialta Nuacht RTÉ. Beidh sé ar fáil chomh maith ar chainéal YouTube na Roinne.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
“Mar Chathaoirleach Choiste Chomóradh an Ghorta Mhóir tá an-áthas orm go bhfuil an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn sásta a bheith i gceannas ar shearmanas na bliana seo. Léiríonn rannpháirtíocht Uachtarán Uí Uiginn teacht aniar agus misneach mhuintir na hÉireann agus muid ag teacht amach ó dhorchadas phaindéim COVID-19.
Tháinig méadú ar spéis an phobail sa Ghorta Mór le míonna beaga anuas tar éis chraoladh na sraithe faisnéise suntasaí “The Hunger” an Nollaig seo caite a mheall figiúirí féachana an-ard. D’fhéach 250,000 duine ar na háiseanna a bhaineann leis an gclár ar láithreán gréasáin staire RTÉ agus eiseofar an scannán fada de “The Hunger - The Story of the Great Irish Famine” a bhuaigh gradam an lucht féachana ag Féile Scannán Washington, go hidirnáisiúnta i mbliana.
Tugaim faoi deara, chomh maith, gurb í seo an dara huair a reáchtálfar an comóradh i Reilig Ghlas Naíon. Is áit chuí í seo mar beidh an comóradh ar siúl thart ar chothrom an lae a bhásaigh bunaitheoir na reilige, Dónall Ó Conaill.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Cuirfidh RTÉ píosaí scannánaíochta de Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar fáil do na meáin uile. Déan teagmháil le Margaret Bennett, Léiritheoir Feidhmiúcháin Imeachtaí Speisalta ar 086 6043923 nó margaret.bennett@rte.ie .
Bhí sé beartaithe Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2021 a reáchtáil i mBun Cranncha, Co. Dhún na nGall. Bhí ról lárnach le bheith ag an bpobal sa searmanas cosúil le blianta eile, ach cuireadh siar é mar gheall ar phaindéim COVID-19. Is í seo an dara huair a reáchtálfar an comóradh i Reilig Ghlas Naíon. Bhásaigh bunaitheoir na reilige, Dónall Ó Conaill, in Genoa ar an 15 Bealtaine 1847.
Mheall The Great Hunger figiúirí féachana an-ard nuair a craoladh é i mí na Nollag 2020. Tá an scannán fada de “The Hunger - The Story of the Great Irish Famine” á thaispeáint ag Féilte Scannán ar fud Mheiriceá Thuaidh agus craolfar é ar ARTE sa Fhrainc agus sa Ghearmáin níos déanaí i mbliana. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi “The Hunger” ó Cholm Crowley, Léiritheoir Feidhmiúcháin The Famine agus Ceann RTÉ Chorcaí ag Colm.Crowley@rte.ie .
Reáchtáil Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir i bPáirc Bhéal na mBuillí agus Iontaobhas Oidreacht na hÉireann Seó Bóthair Ghuthanna an Ghorta Mhóir 2021 ó mhí na Bealtaine i leith (http://greatfaminevoices.ie/famine-heroes/ ) dar teideal “Laochra an Ghorta Mhóir”, sraith gearrscannán. Tugtar ómós do chúramóirí agus insítear scéalta spreagúla faoina bheith ag déileáil le heipidéim i scannáin “Laochra an Ghora Mhóir”, i lár an naoú haois déag agus sa lá atá inniu ann. Maoiníonn Clár Tacaíochta Eisimircigh Rialtas na hÉireann iad.
Mar chuid den chlár seo, reáchtálfaidh An Dr Jason King agus aoi speisialta Brendan Graham plé ar líne ar an 16 Bealtaine ar théama “Amhráin an Ghorta Mhóir” díreach tar éis shearmanas Chomóradh Náisiúnta an Ghórta Mhóir. Reáchtálfar an plé ar líne ar http://greatfaminevoices.ie/famine-heroes/ .