Fáiltíonn an tAire Donnelly roimh fhoilsiú na bPáipéar Athbhreithnithe Caiteachais Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh fhoilsiú dhá Pháipéar Athbhreithnithe Caiteachais arna dtáirgeadh ag oifigigh laistigh dá Roinn.
Is príomh-ardán é an próiseas athbhreithnithe caiteachais, faoi stiúir DPER, le haghaidh fianaise ar cheapadh beartais ar fud na Státseirbhíse. Le tacaíocht ó fhoireann Sheirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann (IGEES) atá ag obair go díreach i ngach Roinn, tá an próiseas anois ina phointe fócasach don raon leathan anailíse ar fud na Státseirbhíse.
Déanann an chéad pháipéar:
"Fachtóirí a Bhaineann le Caiteachas Gníomhaireachta agus Ragoibre i Seirbhís Sláinte na hÉireann", imscrúdú ar an méid a bhí taobh thiar den chaiteachas ar fhoireann ghníomhaireachta agus uaireanta ragoibre san earnáil sláinte Soláthraíonn sé anailís dhomhain ar threochtaí caiteachais agus ar líon coibhéiseach lánaimseartha ó 2012 sna sé réimse seirbhíse ar fud na hearnála sláinte. Feabhsaíonn an taighde seo ár dtuiscint ar an nasc idir leibhéil bhuana foirne agus úsáid gníomhaireachta agus ragoibre. Cuirfidh sé seo le buiséadú níos fearr ar chaiteachas gníomhaireachta agus ragoibre agus beidh sé mar bhonn le haghaidh taighde sa todhchaí chun beartais a shainaithint d'fhonn spleáchas ar ghníomhaireacht agus ragobair a laghdú.
Déanann an dara páipéar:
“Soláthar Leathnaithe ar Thacaíocht Baile agus Costais Iomlán Cúraim Fadtéarmaigh do Dhaoine Aosta”, iniúchadh ar an tionchar atá ag soláthar méadaithe seirbhísí tacaíochta baile ar chostais fhoriomlána an chúraim fhadtéarmaigh do dhaoine aosta agus leagtar béim ann ar an gcaoi ar féidir le hathruithe ar phríomh-athróga dul i bhfeidhm ar na costais sin. Cé go bhfuil an páipéar turgnamhach den chuid is mó, feictear ann má dhírítear seirbhísí agus rialuithe éifeachtacha costais go cúramach gur féidir soláthar seirbhíse feabhsaithe a bhaint amach gan méaduithe suntasacha caiteachais. Cuirfidh an taighde seo bonn eolais faoi fhorbairt beartais agus cuideoidh sé le plean meastóireachta clár a dhearadh maidir le scéim reachtúil tacaíochta baile a chur i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Fáiltím roimh thorthaí na n-athbhreithnithe seo agus an méid a dhéanann siad chun tuiscint níos fearr a fháil ar an raon tosca a chuirtear san áireamh lena n-áirítear úsáid gníomhaireachta agus ragoibre agus ar chaiteachais pá. Rinne an chéad pháipéar ceann de na hanailísí is mionsonraithe ar chaiteachas gníomhaireachta agus ragoibre i seirbhís sláinte na hÉireann go dtí seo, agus déanann an dara ceann iniúchadh ar cheann de na príomhréimsí cúraim a sholáthraíonn an tseirbhís sláinte do dhaoine aosta."
CRÍOCH