Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Heydon €24.2 milliún i ndeontaistaighde
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit le freagracht speisialta air as Taighde agus Forbairt Martin Heydon T.D., maoiniú 20 deontas taighde ar fiú díreach os cionn €24 milliún iad inniu chun tacú le taighde thar 16 institiúid.
Tacóidh an Ghairm ar Thaighde Téamach de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara 2023 le taighde ar fud na n-earnálacha agraibhia, foraoiseachta agus bithgheilleagair i réimsí lena n-áirítear:
• Athrú aeráide
• Cáilíocht uisce agus bithéagsúlacht
• Leas ainmhithe
• Eitinn bólachta
• Críonadh siar na fuinseoige
• Talmhaíocht orgánach
• An Fhoraoiseacht
• Sláinte agus cothú bia
• Sábháilteacht bhia
• Meabhairshláinte feirmeoirí
I dtionscadail rathúla na bliana seo baineann beagnach leath den infheistíocht iomlán, €11.6 milliún thar naoi dtionscadal, le gníomhú ar son na haeráide agus leis an taighde agra-chomhshaoil.
Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt an tAire McConalogue
“Tá lúcháir orm maoiniú de bhreis is €24 milliún a fhógairt do 20 tionscadal taighde ag eascairt as an nGairm ar Thaighde Téamach 2023. “Tá an obair atá maoinithe faoinár ngairmeacha ar thaighde riachtanach leis na huirlisí atá de dhíth ar fheirmeoirí, ar fhoraoiseoirí agus ar an mórearnáil agraibhia le feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht eacnamaíochta, comhshaoil agus sóisialta a chur ar fáil dóibh sna blianta atá amach romhainn. Tá sé ríthábhachtach freisin chun an chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt, a chinnteoidh go mbeimid tarraingteach agus iomaíoch mar oileán bia ar fud an domhain.’’
Lean an tAire ar aghaidh le rá
‘‘Tá mé thar a bheith tógtha le fairsinge na réimsí atá á maoiniú, ó mhaolú aeráide, feabhsú cáilíochta uisce agus athchóiriú bithéagsúlachta go sláinte agus leas ainmhithe, sábháilteacht bhia, agus sláinte agus cothú bia, i measc nithe eile. Is ábhar misnigh dom freisin go mbeidh oideachas agus oiliúint breis is 40 mac léinn iarchéime agus os cionn 60 taighdeoir ar conradh i gceist leis na tionscadail, rud a chinnteoidh sruth leanúnach de thallann eolaíoch ardoilte ag teacht tríd ár dtionscal.”
Dúirt an tAire Stáit Heydon:
“Nuair a sheol mé an Ghairm ar Thaighde Téamach 2023 níos luaithe i mbliana, ba iad na cuspóirí a bhí agam ná cumas taighde, saineolas agus cáil a fhorbairt i réimsí ríthábhachtacha, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí taighde agus deiseanna a sholáthar do thaighdeoirí luathchéime, rud a spreagfaidh comhoibrithe thar institiúidí agus trasna disciplíní eolaíochta. Agus an maoiniú seo de bhreis is €24 milliún ó cheathrar maoinitheoirí taighde ar fud an oileáin á fhógairt agam inniu, creidim go láidir go gcomhlíonfaidh na fiche tionscadal atá i gceist na cuspóirí sin.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Heydon
“Táimid in am ina bhfuil éiginnteacht agus dúshláin ag méadú, agus tá sé ríthábhachtach inniúlacht agus cumas bhonn taighde náisiúnta agraibhia, foraoise agus bithgheilleagair na hÉireann a neartú chun tacú lena hiomaíochas agus lena hinbhuanaitheacht amach anseo. Tá sé ríthábhachtach mar sin nach gcuirfí torthaí an taighde seo i leataobh. Ní mór é a chur in iúl agus a nuálaíochtaí, teicneolaíochtaí, táirgí, beartais, nó táirgí insoláthartha eile a bhaint as ionas go mbeidh fíorthionchar domhanda ag an taighde leasa pobail seo. Tréaslaím leis na fiche comhordaitheoir tionscadail agus guím gach rath orthu féin agus ar a bhfoirne sna blianta amach romhainn.”
Mar chuid den chomhoibriú thuaidh-theas a leanann go fóill ar thaighde agus nuálaíocht agraibhia, tá an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Forbartha Tuaithe i dTuaisceart Éireann ag comhoibriú ar an ngairm ar thaighde seo trí mhaoiniú a chur ar fáil le seans a thabhairt d’eagraíochtaí taighde incháilithe i dTuaisceart Éireann rannpháirtíocht a ghlacadh i dtionscadail le comhpháirtithe in Éirinn. Ar an iomlán, bainfidh cúig thionscadal leas as an gcomhoibriú seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) cuid de na tionscadail a chómhaoiniú freisin.
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí:
A. Tionscadail a fhaigheann tacaíocht
1. Teicneolaíochtaí bainistíochta géinitice, cothaithe agus bainistithe aoiligh claochlaitheacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí meatáin ó chórais táirgthe mairteola agus déiríochta féarachbhunaithe na hÉireann a laghdú; Comhordaitheoir – Sinead Watters, Teagasc
2. Creat atá dírithe ar réitigh chun an aois mharaithe d’eallach mairteola na hÉireann a laghdú; Comhordaitheoir – Paul Smith, Teagasc
3. Astaíochtaí meatáin eintreach ó bheostoc athchogantach féarachbhunaithe; Gnéithe maolaithe agus astaíochtaí a bhaineann go sonrach le tír; Comhordaitheoir – Ben Lahart; Teagasc
4. Mapáil bhraite ar stádas draenála geospásúla na n-ithreacha an-orgánach le haghaidh NIR agus riachtanais tacaíochta beartais; Comhordaitheoir – Owen Fenton, Teagasc
5. Monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chuige maolaithe spriocdhírithe chun Cáilíocht Uisce a fheabhsú; Comhordaitheoir – Daire Ó hUallacháin, Teagasc
6. Measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag athrú aeráide ar idirghníomhaíochtaí seamair-phailneoirí i bhféarthailte na hÉireann; Comhordaitheoir – Rossana Henriques, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
7. Fraxinus excelsior (fuinseog Choiteann nó Eorpach) a phórú le haghaidh fulaingt i gcoinne an ghalair 'críonadh siar' chun fuinseog a chaomhnú agus a athbhunú ar oileán na hÉireann; Comhordaitheoir – Dheeraj Rathore, Teagasc
8. Bithspreagthaigh le haghaidh Táirgeadh Féir; Comhordaitheoir – Carl Ng, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
9. Teicneolaíocht seamhain a fhorbairt chun inbhuanaitheacht an tréada náisiúnta a fheabhsú; Comhordaitheoir – Sean Fair, Ollscoil Luimnigh
10. Géanómaíocht chomhtháiteach agus forbairt uirlisí den chéad ghlúin eile chun eitinn bólachta a rialú agus a dhíothú; Comhordaitheoir – David MacHugh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
11. Idirghabhálacha Trasdisciplíneacha chun Salmonella a Rialú ar Fheirmeacha Muc na hÉireann; Comhordaitheoir – Finola Leonard, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
12. Córais Feirmeoireachta Orgánach Athléimneach a Fhás: GRO-FarmS; Comhordaitheoir – Kevin Kilcline, Teagasc
13. Meonta Feirmeoireachta: Idirghabhálacha bunaithe ar fhianaise a fhorbairt chun meabhairshláinte feirmeoirí a fheabhsú; Comhordaitheoir – Tomás Russel, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
14. Coillearnacha Ársa Éireann; Comhordaitheoir – John Devaney, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
15. Luach Reatha agus Ionchasach an Bhithgheilleagair in Éirinn a bharrfheabhsú; Comhordaitheoir – Cathal O’Donoghue, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
16. Luachshocrú Comhtháirgí Ciorclacha Buaibheacha agus Caorach; Comhordaitheoir – Patrick Murray, Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne
17. Nuálaíocht saor ó ghlútan do chórais bhia nua, inbhuanaithe: Ó gheata na feirme go pláta an tomhaltóra; Comhordaitheoir – Eimear Gallagher, Teagasc
18. Acmhainneacht Phróitéine a Nochtadh trí Theicneolaíocht Choipthe; Comhordaitheoir – Olivia McAuliffe, Teagasc
19. Suirbhé Náisiúnta Cothaithe Réamhscoile II; Comhordaitheoir – Breige McNulty, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
20. Aimsiú agus Rialú Listeria monocytogenes i dtáirgeadh bia; Comhordaitheoir – Kaye Burgess, Teagasc
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na tionscadail rathúla anseo .
B. Gairm ar Thaighde Téamach RTBM 2023
Cuireann an Ghairm ar Thaighde Téamach RTBM 2023 an snáithe taighde théamaigh den tacaíocht do thaighde RTBM i bhfeidhm. Is féidir teacht ar níos mó faisnéise faoi na cúig shnáithe taighde atá i bhfeidhm ag an RTBM anseo .
Lorg an Ghairm moltaí thar chúig réimse théamacha: Maolú agus Oiriúnú Aeráide, Agra-Chomhshaoil, Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, Táirgeadh Ainmhithe & Plandaí inbhuanaithe, cliste, Sláinte & Leas, Bithgheilleagar, Geilleagar Tuaithe, Agra-Dhigitiú & Sonraí, agus Próiseáil agus Tomhaltas Bia atá Sábháilte, Cothaitheach agus Inbhuanaithe.
C. Staitisticí na Gairme
• 16 eagraíocht a dhéanann taighde
• 110 post taighde
• 48 post taighde iarchéime (41 PhD agus 7 MSc)
• 62 post taighde conartha
• Foinsí maoinithe:
o RTBM: €21.3 milliún
o DAERA NI: €1.9 milliún
o GCC: €0.5 milliún
o NPWS: €0.426 milliún
D. Institiúidí a fhaigheann maoiniú
• Teagasc,
• An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,
• Coláiste na hOllscoile, Corcaigh,
• Institiúid Agraibhia agus Eolaíochtaí Bitheacha,
• Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,
• Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann,
• Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan,
• Ollscoil Luimnigh,
• Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath,
• Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,
• Ollscoil na hÉireann, Má Nuad,
• Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne,
• Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt,
• Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh,
• Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
• Institiúid Náisiúnta Tyndall.