Foilsíonn an tAire Humphreys agus an tAire O’Brien an tAthbhreithniú ar an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit, Joe O’Brien TD, foilsiú na tuarascála ar an Athbhreithniú ar an Scéim Sóisialta Tuaithe inniu.
Tharla an fógra ag an am céanna le cuairt a thug an tAire O’Brien ar Chuideachta Chomhpháirtíochta Iardheisceart Mhaigh Eo chun cuid den obair a dhéantar ar an scéim a fheiceáil go díreach.
Is scéim tacaíochta ioncaim í an Scéim Sóisialta Tuaithe a sholáthraíonn deiseanna fostaíochta páirtaimseartha d’fheirmeoirí a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh sonracha. Tá beagnach 3,000 duine rannpháirteach sa SST, le buiséad de €52 milliún don bhliain 2024.
Ba é cuspóir an athbhreithnithe seo ná scrúdú a dhéanamh ar ról an SST, a ábharthacht leanúnach don tírdhreach atá ag athrú, an maoiniú agus na hacmhainní a theastaíonn chomh maith leis na socruithe rialachais/bainistíochta cuí. Bhí an t-athbhreithniú fadréimseach agus scrúdaigh sé gach gné den scéim lena n-áirítear a réasúnaíocht, tionchar sochaíoch agus inbhuanaitheacht.
Chuir próiseas leathan comhairliúcháin, lena n-áirítear rannpháirtithe, maoirseoirí, comhlachtaí forfheidhmithe agus urraitheoirí tionscadail, chomh maith le Ranna Rialtais agus comhlachtaí ionadaíocha tionscail, faisnéis ar fáil d'athbhreithniú SST. D’úsáid an t-athbhreithniú seo anailís treochtaí, suirbhé, comhairliúchán poiblí agus imeachtaí ceardlainne pearsanta chun dearcadh na bpáirtithe leasmhara go léir agus an phobail i gcoitinne a fháil.
I measc na bpríomhthorthaí ón tuarascáil tá:
Tá 19 moladh sa tuarascáil chun dul i ngleic le hinbhuanaitheacht an SST chun leanúint de thacaíocht ioncaim, cuimsiú sóisialta agus seachadadh seirbhíse a sholáthar i bpobail tuaithe.
Tá an tuarascáil ar fáil ag www.gov.ie/RSSReview
Ag labhairt faoi sheoladh Athbhreithnithe SST, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí agus Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail araon, aithním an ról ríthábhachtach agus na tairbhí sochaíocha a bhaineann leis an Scéim Shóisialta Tuaithe i bpobail áitiúla ar fud na tíre.
Tacaíonn an SST le raon de sheirbhísí ríthábhachtacha áitiúla ar nós béilí ar rothaí, cothabháil áiseanna áitiúla, agus obair thábhachtach eile inár bpobail.
Bhreithnigh an t-athbhreithniú an ról tábhachtach a bhí ag an scéim SST chun gur féidir le daoine ar ioncam íseal leanúint ar aghaidh leis an bhfeirmeoireacht agus leis an iascaireacht agus iad ag cur lena bpobail. Tá fíorluach ag baint leis an idirnascadh seo, idir ghníomhaíocht feirmeoireachta agus iascaireachta agus na pobail áitiúla. Soláthróidh torthaí an athbhreithnithe solúbthacht bhreise do scéimeanna áitiúla agus feabhsóidh siad eispéireas rannpháirtithe SST, anois agus sa todhchaí.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach sa phróiseas athbhreithnithe lena n-áirítear an grúpa stiúrtha agus, go háirithe, na hoibrithe scéime agus na maoirseoirí a chuir a n-eispéireas, agus na torthaí agus na moltaí, isteach.
“Táim tiomanta don Scéim Shóisialta Tuaithe agus táim diongbháilte go dtosóimid leis an iliomad moltaí dearfacha sa tuarascáil seo a chur i bhfeidhm láithreach, i gcomhar leis an Aire O’Brien.”
Dúirt an tAire O’Brien:
“Thosaigh mé an t-athbhreithniú ar an SST mar theastaigh uaim cabhrú le todhchaí fhadtéarmach na scéime a chinntiú. Le blianta beaga anuas, thug mé cuairt ar roinnt scéimeanna SST i gcontaetha éagsúla, agus tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach agus do na deiseanna luachmhara atá curtha ar fáil ag an SST ó 2004 do rannpháirtithe agus an ról atá acu chun tacú le seachadadh príomhsheirbhísí dár bpobail áitiúla ar fud na tíre.
Is léiriú maith é leibhéal na freagartha ar an athbhreithniú seo ar an meas atá ar an scéim i bpobail tuaithe. Leag sé béim freisin ar an méadú ar cháilíocht shaol oibrithe SST trí shlándáil ioncaim mhéadaithe, an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic le cuimsiú sóisialta agus iargúltacht na tuaithe, agus ina theannta sin an luach a bhaineann le huaireanta oibre solúbtha a chinntíonn go gcoimeádtar gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus iascaireachta.
Fáiltím roimh fhoilsiú na tuarascála seo agus ba cheart go dtacódh na moltaí sa tuarascáil tuilleadh leis na scéimeanna a sholáthraíonn seirbhísí ríthábhachtacha do phobail áitiúla. Cuirfidh mo Roinn tús le hobair anois ar scrúdú a dhéanamh ar na moltaí chun iad a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.”
Nótaí don Eagarthóir:
Seoladh an Scéim Shóisialta Tuaithe (SST) i mBealtaine 2004 chun tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fheirmeoirí agus d’iascairí incháilithe atá ar ioncam íseal a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe fadtéarmacha, chomh maith le cur ar a gcumas a gcuid scileanna a úsáid chun seirbhísí a sholáthar ar mhaithe le pobail tuaithe.
Is chun tacú le heagraíochtaí áitiúla pobail, deonacha agus seachbhrabúsacha go príomha atá an obair atá déanta ar an SST, fad is nach gcuireann sé na seirbhísí nó an fhostaíocht atá ann cheana féin as áit. Baineann pobail leas as scileanna agus buanna feirmeoirí agus iascairí áitiúla mar is féidir iad a chur in oiriúint go héasca d’fhormhór na dtascanna.
Tá 3,350 áit rannpháirtí móide 139 áit maoirseoir ar fáil mar chuid den scéim.
Cuirtear an Scéim Sóisialta Tuaithe ar fáil trí 37 Comhlacht Forbartha Áitiúil agus Údarás na Gaeltachta. Tugtar Comhlachtaí Forfheidhmithe (CF) orthu seo freisin.
Is trí fhéinroghnú deonach a dhéantar rannpháirtíocht agus braitheann sé ar fholúntais a bheith ar fáil sa réimse ábhartha. Oibríonn rannpháirtithe 19.5 uair sa tseachtain.