Fógraíonn an tAire borradh faoi fhoinsí fuinnimh in-athnuaite toisc go n-áirithíonn torthaí sealadacha an cheathrú ceant RESS dóthain cumhachta glaine do 500,000 teach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, torthaí sealadacha an ceathrú ceant faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS 4) inniu.
Ag teacht sna sála ar an rath a bhí ar na trí cheant roimhe, d’éirigh le RESS 4 breis agus 2 GWh (2,071 GWh) a áirithiú go sealadach. Is leor é sin chun suas le leathmhilliún teach a chumhachtú. Cabhróidh sé sin go mór le ceann amháin de na spriocanna atá ag Éirinn faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ón rialtas a chomhlíonadh, is é sin an sciar den leictreachas ar fad a thagann ó fhuinneamh in-athnuaite a mhéadú go 80% faoin mbliain 2030.
Tá soláthar tapa foinsí fuinnimh in-athnuaite ar talamh an deacáid seo ina chuid ríthábhachtach de shlándáil fuinnimh na hÉireann agus de chostais fuinnimh a laghdú do thithe agus do ghnólachtaí. Chun déanamh amhlaidh, is gá a chinntiú go gcoinneoidh cur i bhfeidhm feirmeacha gaoithe agus gréine ar talamh cab ar chab le fás ár ngeilleagair.
Trí thionscadail fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt arís eile, spreagfar geilleagair áitiúla agus meallfar infheistíocht. Tá fuinneamh in-athnuaite, go háirithe fuinneamh gaoithe, ag déanamh rannchuidiú suntasach le pobail ar fud na hÉireann cheana féin trí phoist agus cistí tairbhe pobail a chruthú agus trí ioncam a sholáthar d’údaráis áitiúla, arb ioncam é is féidir a athinfheistiú i bpobail agus seirbhísí áitiúla.
Príomhghnéithe de na torthaí:
Tar éis coigeartuithe a dhéanamh chun aird a thabhairt ar dhearaí sonracha scéime (innéacsú, fad conartha, agus araile), tá torthaí RESS 4 ag teacht go maith leis na torthaí a bhí ar cheantanna eile fuinnimh in-athnuaite a seoladh san Eoraip le déanaí a mhéid a bhaineann leis an méid a áirithíodh agus leis na praghsanna ceant a fuarthas. Is féidir amharc ar thorthaí sealadacha cheant RESS 4 anseo.
Tugadh forálacha nua riosca isteach in RESS 4 chun forbróirí agus tomhaltóirí araon a chosaint. Rinneadh athruithe ar an dearadh chun rioscaí féideartha agus aon phréimheanna gaolmhara riosca a laghdú, mar shampla moilleanna ar thaobh an Oibritheora Córais agus Athbhreithnithe Breithiúnacha. Cinnteoidh sé sin go soláthrófar an luach is fearr is féidir don tomhaltóir leictreachais.
Dúirt an tAire Ryan:
"Trí dhlús a chur leis an soláthar fuinnimh in-athnuaite, cabhrófar le teaghlaigh agus gnólachtaí na hÉireann a chosaint ar ardphraghsanna breoslaí iontaise. Chun a chinntiú go leanfaidh praghsanna de bheith ag titim do theaghlaigh agus gnólachtaí na hÉireann i gceantanna RESS amach anseo, is gá go dtiocfadh píblíne níos láidre de thionscadail fuinnimh gaoithe agus fuinnimh gréine ar talamh chun cinn trínár gcóras pleanála agus go nascfadh siad lenár n-eangach.
"A bhuí le torthaí sealadacha an cheathrú ceant faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) ar talamh, cabhrófar leis an oiread foinsí fuinnimh in-athnuaite is féidir a nascadh leis an eangach leictreachais ar an gcostas is ísle don tomhaltóir.
"Tá an meánphraghas ceant de €96.85 in aghaidh na meigeavatuaire níos ísle ná é sin a fuarthas in RESS 2 agus in RESS 3 araon, agus is airde i bhfad an méid a áirithíodh sa cheant seo ná é sin a áirithíodh in RESS 3. Mealladh infheistíocht idirnáisiúnta mhór in Éirinn a bhuí leis an gceant bliantúil RESS. Dá bharr sin, cruthaíodh fostaíocht inbhuanaithe agus baineadh dea-thorthaí amach dár bpobail agus dár ngeilleagair áitiúla.
"Tá rathúnas i ndán d’Éirinn i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, agus táimid uaillmhianach mar thír ina leith sin. Mar thoradh ar an uaillmhian sin, cruthófar Éire a bheidh neamhspleách ó thaobh fuinnimh de agus ag a mbeidh soláthar leictreachais cobhsaí ar phraghas cobhsaí. Agus sinn ag comhlíonadh na huaillmhéine atá againn trí RESS agus trí bhearta eile beartais, cruthófar na mílte agus na mílte post glas nua do phobail ar fud an Stáit agus meallfar infheistíocht."
Is í teicneolaíocht fuinnimh gaoithe ar talamh an cineál is saoire teicneolaíochta giniúna fuinnimh in-athnuaite is féidir a chur i bhfeidhm in Éirinn sa mheántéarma. Leis an teicneolaíocht sin, cuirfear go mór leis an gcumas a bheidh ag Éirinn infheistíocht a mhealladh agus iomaíochas a chothabháil thar an gcéad deacáid eile. Tá sé sin le feiceáil i dtorthaí cheant RESS 4. Tá ról lárnach le himirt ag fuinneamh gréine ar scála fóntais maidir lenár soláthar fuinnimh a éagsúlú agus maidir le tacú le fuinneamh gaoithe inár meascán fuinnimh in-athnuaite, agus leanann an scéim RESS le píblíne láidir tionscadal fuinnimh gréine a mhealladh.
Tugtar le fios in anailís ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta gurb é an toradh a bheidh ar fhuinneamh gaoithe ar talamh a sholáthar go luath sa deacáid seo ná go mbrúfar praghsanna leictreachais mórdhíola síos faoi suas le 10%, rud a thacóidh le hiomaíochas agus tairiscint infheistíochta na hÉireann trí infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh. Rinneadh athruithe dearaidh do RESS 4 chun roinnt rioscaí atá roimh fhorbróirí a mhaolú, ar mhaithe lena chinntiú go soláthrófaí luach níos fearr don chustaiméir leictreachais. Mar thoradh ar na hathruithe sin, agus ar an dul chun cinn teicneolaíochta a rinneadh, laghdaíodh go mór an costas a bhaineann le fuinneamh gaoithe agus fuinneamh gréine ar talamh.
Faoi mar a d’fhógair Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), tá Éire tar éis laghdú gan fasach a bhaint amach ar astaíochtaí a bhaineann le fuinneamh. Baineadh laghdú bliantúil 7.6% amach an bhliain seo caite, agus laghdú 21% ann ar astaíochtaí a bhaineann le leictreachas. Tharla sé sin beag beann ar an méadú mór a tháinig ar an daonra agus ar úsáid fuinnimh. Is féidir an laghdú sin a chur síos go díreach don mhéadú a tháinig le déanaí ar ghiniúint leictreachais in-athnuaite ó fhuinneamh gaoithe agus ó fhuinneamh gréine araon agus don úsáid mhéadaithe as leictreachas a allmhairíodh trí na hidirnascairí leis an mBreatain Mhór agus le Tuaisceart Éireann.
Rud atá ríthábhachtach maidir lenár spriocanna aeráide earnála a chomhlíonadh is ea dlús a chur le himscaradh giniúna fuinnimh in-athnuaite an deacáid seo, go háirithe i gcás fuinneamh gaoithe agus gréine ar talamh. Tháinig laghdú 50% ar úsáid breosla agus tháinig laghdú 80% ar úsáid ola inár n-earnáil leictreachais sa bhliain 2023. Cuirfear deireadh de réir a chéile le gual a úsáid faoi dheireadh na bliana 2025.
Coinníodh ar bun in RESS 4 an scéim Cistí Tairbhe Pobail a bunaíodh in RESS 1. Le cistí tairbhe pobail, ceanglaítear ar ghineadóirí €2 in aghaidh na meigeavatuaire a ghintear gach bliain a íoc le cistí do phobail a chónaíonn in aice láimhe fad atá an scéim tacaíochta ar siúl. Tacóidh na cistí le tionscnaimh phobail áitiúil agus leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe.
CRÍOCH
Fuair an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) ceadú státchabhrach ón Aontas Eorpach i mí Iúil 2020. Tá an scéim reatha ceadaithe suas go deireadh na bliana 2025. Beidh comórtais RESS tar éis na bliana 2025 faoi réir tuilleadh ceadaithe Státchabhrach a fháil ón gCoimisiún Eorpach.
Is é atá in RESS ná an toradh ar anailís eacnamaíoch neamhspleách, ar rannpháirtíocht an phobail agus ar chomhairliúchán leis an bpobal. Le linn RESS a fhorbairt, rinneadh athbhreithniú grinn ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta sa Ríocht Aontaithe, sa Danmhairg, sa Spáinn, sa Ghearmáin, i gCeanada agus in Albain, atá chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan maidir le giniúint leictreachais in-athnuaite a chomhtháthú.
Cé gur tharla sé in RESS 4 gur tháinig méadú ar mhéid na dtionscadal fuinnimh gaoithe a bhí páirteach agus ar éirigh leo sa cheant, tá an líon tionscadal fuinnimh gaoithe réasúnta íseal go fóill, go háirithe mar gheall ar scrogaill phleanála agus ar athbhreithnithe breithiúnacha a bheith á dtionscnamh in aghaidh tionscadal.
Tá géarghá ann le pleananna forbartha contae agus cathrach a ailíniú le spriocanna náisiúnta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite ar talamh, go háirithe le haghaidh fuinneamh gaoithe ar talamh, chun nach mbainfear an bonn d’infheistíocht agus chun nach moilleofar luas agus scála an tsoláthair a theastaíonn chun an geilleagar a dhícharbónú agus chun soláthar leictreachais atá slán agus inacmhainne a sholáthar do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Céim dhearfach ríthábhachtach i dtreo spriocanna náisiúnta leictreachais in-athnuaite na hÉireann a bhaint amach agus i dtreo tacú le hiomaíochas agus tairiscint infheistíochta na hÉireann ar mhaithe le hInfheistíocht Dhíreach Eachtrach a mhealladh is ea Spriocanna Réigiúnacha Leictreachais In-Athnuaite a chur ar áireamh sa Chéad dréacht-Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála.
Tá an meastachán ar an líon tithe a chumhachtófar ina léiriú ar an líon coibhéiseach tithe a d’fhéadfaí a chumhachtú bunaithe ar mheastachán ar an nginiúint bhliantúil ón toilleadh a áirithíodh in RESS 4 agus ar mheántomhaltas theaghlaigh na hÉireann, mar a thug an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) faoi deara.
Tá an rath ar cheantanna RESS ag brath ar an bpíblíne soláthair tionscadal leictreachais in-athnuaite, ar a rannpháirtíocht sa cheant, agus ar thosca margaidh, geografacha agus teicneolaíochta a bhíonn ag athrú. Trí shreabhadh leanúnach tionscadal a choinneáil ar bun, cabhraítear leis an soláthar tionscadal a chothromú bliain ar bhliain chun tacú le EirGrid agus le Líonraí BSL tionscadail fuinnimh in-athnuaite a nascadh leis an líonra leictreachais, agus tugtar méid áirithe intuarthachta don tionscal agus d’infheisteoirí.
Is é seo an ceathrú ceann de chúig cheant bheartaithe ar a laghad a chuirfear ar siúl idir na blianta 2020 agus 2025 agus lena gcomhlíonfar na spriocanna don bhliain 2030. Beidh an dearadh ar bhabhtaí beartaithe eile de cheantanna RESS tar éis na bliana 2025 faoi réir ceadú státchabhrach a fháil. Soláthraítear le RESS conairí trína bhféadfaidh forbróirí leictreachais in-athnuaite a dtionscadail a phleanáil agus a fhorbairt. Chomh maith leis sin, cuirfear ar chumas na hÉireann leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua de réir mar a thagann siad chun cinn. Féadfaidh tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bheith páirteach trí cheantanna atá tiomnaithe d’fhuinneamh amach ón gcósta