Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh fhoilsiúchán Phlean Geimhridh FSS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. roimh fhoilsiúchán Phlean Geimhridh FSS do 2020/21.
Dúirt an tAire:
“Measfar go mbeidh an Geimhreadh seo an-dúshlánach ar fad de bharr na paindéime COVID-19. Is léiriú é ar ár dtiomantas dul i ngleic leis an dúshlán seo go bhfuil cinneadh déanta againn €600m breise a infheistiú sna seirbhísí sláinte an geimhreadh seo. Tá ár nOibrithe Cúraim Sláinte ag obair gan sos gan scíth le linn na paindéime seo, agus tacóidh an infheistíocht seo leo agus iad ag tabhairt aire dá n-othair, iad siúd a bhfuil COVID-19 acu agus iad siúd a bhfuil riachtanais sláínte eile acu araon.”
Úsáidfear an €600 milliún chun tacú le rolladh amach raon beartais dírithe go sonrach ar an nGeimhreadh, lena n-áirítear:
Dúirt an tAire:
“Táimid ag dul tríd am gan fasach agus tá sé sin le brath san infheistíocht mhór atá déanta ag an Rialtas i mbliana. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil FSS tiomanta líon an n-othar ar thralaithe ospidéil a laghdú chomh maith le líon na leapacha a mhéadú. Ach mar is eol dúinn, ní hé an cúram i dtimpeallachtaí ospidéil an t-aon saghas cúram sláinte atá ann. Is í aidhm an Phlean Geimhridh seo ná a chinntiú go mbeidh sé níos éasca go bhfreastalófaí ar othair sa timpeallacht phobail más féidir. Tá €138 milliún de chistiú an Phlean Geimridh á infheistiú i gcúram baile agus tacaíochtaí baile an geimhreadh seo, agus beidh 4.7 milliún uair breise ann don chúram baile.”
D’fháiltigh an tAire Donnelly roimh na tacaíochtaí breise sa Phlean do dhaoine atá i mbaol níos mó, lena n-áirítear seandaoine, daoine gan dídean, agus daoine a bhfuil galar ainsealach acu.
Dúirt sé:
“Is rud an-dearfach é an rolladh amach seo d’Fhoirne Speisialtóirí Pobail chun tacú le seanóirí agus leo siúd a bhfuil galar ainsealach acu. Cabhróidh na foirne seo leo fanacht sa bhaile, nó má tá cúram ospidéil de dhíth orthu, dul abhaile níos tapúla ina dhiaidh sin. Tugann an plean rochtain níos fearr do Dhochtúirí Teaghlaigh ar dhiagnóisic, rud a chabhróidh le hagaí feithimh d’othair a laghdú chomh maith leis an éileamh inár rannóga éigeandála a laghdú.”
DEIREADH