Feidhm Tugtha d’Fhórálacha Deireanacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Feidhm Tugtha d’Fhórálacha Deireanacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021
• Is caibidil nua é tosach feidhme an Ordaithe san aistear i dtreo seirbhíse poiblí dátheangach in Éirinn
• Breis cearta teanga do lucht labhartha na Gaeilge – postálacha ar na meáin shóisialta ina measc
• Dualgais bhreise ar chomhlachtaí poiblí ó thaobh úsáid na Gaeilge i gcomhfhreagras margaíochta; ainmniú comhlachtaí poiblí nua-bhunaithe agus lógónna.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne T.D., inniu go bhfuil ordú sínithe aige anois chun go dtiocfaidh feidhm le forálacha deireanacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ar an 21 Nollaig 2024, i ndáil leis an sprioc reachtúil a leagadh síos ina leith. I measc na bhforálacha seo, tá cinn shuntasacha a imreoidh tionchar mór ar chearta teanga mhuintir na hÉireann ón dáta sin ar aghaidh.
Le tosach feidhme na bhforálacha seo:
• beidh postálacha chuig comhlachtaí poiblí ar na meáin shóisialta anois le freagairt sa teanga oifigiúil ina fhaightear iad;
• beidh comhfhreagras a chuireann comhlachtaí poiblí amach ag an bpobal chun margaíocht a dhéanamh orthu féin nó a gcuid seirbhísí le déanamh i nGaeilge amháin nó go dátheangach;
• beidh ainmneacha comhlachtaí poiblí nua-bhunaithe le bheith i nGaeilge amháin agus beidh lógónna nua nó uasdátaithe de chuid comhlachtaí poiblí le bheith i nGaeilge nó go dátheangach - nós atá cruthaithe cheana féin le leithéidí Coimisiún na Meán, Tailte Éireann agus athbhrandáil Uisce Éireann;
• beidh gnéithe de sheirbhísí a chuireann páirtithe tríú páirtí ar fáil thar ceann na gcomhlachtaí poiblí le teacht faoin Acht anois chomh maith.
Leis seo chomh maith, beidh feidhm tugtha do na forálacha a bhaineann le cosaint a thabhairt d’úsáid agus taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge, lena n-áirítear an síneadh fada, mar aon le leagan amach foirmeacha oifigiúla i nGaeilge amháin nó go dátheangach. Beidh céim sa bhreis i gceist le feidhmiú na bhforálacha sonracha seo áfach ár ndóigh, sula mbeidh siad le brath ag an bpobal i ndáiríre, sa chaoi is go mbeidh comhlachtaí poiblí le forordú chuig na dualgais bhreise úd sin in am trátha. Táthar ag súil le tús a chur leis an bpróiseas seo sa chéad leath de 2025 in éindí leis na caighdeáin teanga.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Catherine Martin:
“Bliain mhór shuntasach don Ghaeilge a bheidh in 2025 a athróidh agus a neartóidh cearta teanga agus úsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí. Cuireann an tAcht bonn daingean faoi sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus tugann sé treoir shoiléir do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga. Táim muiníneach go gcuirfidh na forálacha nua seo feabhas suntasach ar chaighdeán agus ar mhéid na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge. Is céim ollmhór chun tosaigh é seo i bhforbairt na Gaeilge mar theanga bheo sa tseirbhís phoiblí.”
Dúirt an tAire Stáit Byrne:
“Tá obair stairiúil agus nuálach ar bun le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus is cinnte gur céim shuntasach eile chun cinn é tosach feidhme na bhforálacha seo. Tá an pobal ag súil le seirbhísí Gaeilge den scoth agus tá sé de cheart acu iad sin a fháil. Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh ó achtaíodh an tAcht leasaithe 3 bliana ó shin, agus beidh dlús ag teacht leis an obair seo anois sa chéad leath de 2025 chun a chinntiú go dtosaíonn na píosaí seo go léir ag teacht le chéile idir an Plean Náisiúnta agus Gníomhaíochta, na Caighdeáin Teanga agus na forálacha seo anois. Tá muid ag bogadh ar aghaidh anois ón teoiric go dtí an cleachtas. Cinntíonn an tAcht seo go mbeidh ár gcéad teanga oifigiúil sa Stát beo bríomhar inár saol laethúil.”
Beidh treoirlínte á n-eisiúint ag an Roinn i ndáil leis na dualgais nua seo roimh dheireadh Mhárta 2025 a thacóidh le comhlachtaí poiblí lena gcur i bhfeidhm agus a chuirfidh trédhearcacht ar fáil don phobal faoin méid ar féidir leo a bheith ag súil leis sa spás seo sa tréimhse amach romhainn.
Cuireann teacht i bhfeidhm iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 tús le ré nua do sheirbhísí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Leagtar creat soiléir san Acht le cinntiú go mbeidh rogha teanga ag an bpobal agus go gcuirfear seirbhísí ar fáil go dátheangach ar ardchaighdeán. Tá comhlachtaí poiblí ag ullmhú go gníomhach don athrú seo agus leanfaidh an Roinn le tacaíocht a chur ar fáil dóibh sna blianta beaga amach romhainn.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Leagan Alt 20(3) den acht céanna síos sprioc reachtúil go dtiocfaidh an tAcht i ngníomh laistigh de 3 bliana tar éis rith an Achta.
Ba bhliain shuntasach 2024 ó thaobh na Gaeilge san earnáil phoiblí. I measc buaicphointí na bliana bhí:
• Seoladh an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 i mí Dheireadh Fómhair. Is céim spreagúil chun tosaigh é an plean seo, an chéad cheann dá leithéid i stair an Stáit. Leagtar amach spriocanna uailmhianacha go 2030, ag díriú ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal. Tacófar leis seo trí dhá phlean gníomhaíochta 3 bliana, leis an gcéad cheann le foilsiú sa cúpla mí amach romhainn.
• Torthaí dearfacha le feiceáil cheana féin ar Alt 10A maidir le fógraíocht Ghaeilge . Léiríonn caiteachas €14.2 milliún ar fhógraíocht Ghaeilge in 2023 tiomantas láidir na gcomhlachtaí poiblí don teanga agus tá sé ag cur go mór le feiceálacht na Gaeilge sna meáin.
• Bunaíodh Coiste nua Logainmneacha ar bhonn reachtúil i mí Iúil. Tá saineolaithe cumasacha ó réimsí éagsúla ceaptha ar an gCoiste go dtí 2027. Díreoidh siad ar dhréachtorduithe logainmneacha a chur i gcrích do chontaetha na tíre, le tacaíocht ón mBrainse Logainmneacha.
• I mí Iúil freisin, seoladh Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí . Is am tráthúil é seo do bhunú an Ghréasáin agus méadú mór tagtha ar líon na ndaoine san earnáil phoiblí atá ag tabhairt faoi oiliúint Ghaeilge. Cuirtear deiseanna ar fáil d'fhostaithe na seirbhíse poiblí a gcuid Gaeilge a úsáid agus a fheabhsú ag an obair, le himeachtaí rialta ar siúl ar fud na tíre.
• Tugadh tosach feidhme i mí Iúil don fhoráil a chinnteoidh go n-eiseofar toghairmeacha giúiré go dátheangach as seo amach. Trí chomhoibriú idir an Roinn agus an tSeirbhís Cúirteanna, tá córas nua i bhfeidhm agus an tairseach ghiúiré in ann feidhmiú go hiomlán as Gaeilge.
Agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 tagtha i bhfeidhm ina iomláine anois, tá bliain mhór amach romhainn in 2025 maidir le treisiú cearta teanga agus úsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí. I measc na nithe móra a mbeifear ag gníomhú orthu, beidh an méid seo a leanas:
• Cuirfear tús go luath in 2025 leis an gcéad chomhairliúchán ar na Caighdeáin Teanga . Is forbairt thábhachtach a bheidh sna Caighdeáin Teanga nua a leagfaidh dualgais shoiléire ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí Gaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal.
• Cuirfear an chéad Phlean Gníomhaíochta faoin bPlean Náisiúnta i bhfeidhm don tréimhse 2025-2027 faoi bhráid an rialtais lena cheadú agus lena chur i bhfeidhm ar fud na seirbhíse poiblí. Leagfaidh an plean amach céimeanna soiléire do chomhlachtaí poiblí chun cuspóirí an Phlean Náisiúnta agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.
• I mí Eanáir 2025, socróidh an tAire dátaí faoina mbeidh oifigí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) ag feidhmiú trí Ghaeilge , agus faoina gcuirfear seirbhísí poiblí in LPT agus do LPT ar fáil trí Ghaeilge.
• Ag féachaint don sprioc earcaíochta 20% faoi 2030, cuirfear tús go luath in 2025 le mórfheachtais feasachta maidir le deiseanna gairme trí Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí.
• Forbrófar Scéim Printíseachta do Speisialtóirí Gaeilge in 2025 i gcomhar leis an Athbhreithniú ar an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge a chríochnófar in 2025.
Eolas faoi: