Seoltar an feachtas éifeachtúlachta fuinnimh ‘Úsáid Níos Lú’ don gheimhreadh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Rialtas an chéad chéim eile den fheachtas ‘Úsáid Níos Lú’ dá chuid, rud a thacaíonn le daoine a n-úsáid fuinnimh a bhainistiú, airgead a shábháil agus astaíochtaí carbóin a laghdú.
Léirítear i dtaighde a rinne Amárach Research le déanaí thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide gurb ard fós atá an leibhéal imní i measc an phobail faoi chostais fuinnimh, agus billí fuinnimh ina bhfoinse brú costais do mhórán teaghlach.
I dtaighde breise ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), sainaithnítear na trí iompraíocht tomhaltais ardfhuinnimh is coitianta. Áirítear leo sin teirmeastait téimh a shocrú ag teocht ró-ard, triomadóirí a úsáid go minic, nó seomraí folmha a théamh.
Tá an taighde mar bhonn eolais faoi ‘Úsáid Níos Lú’, arb é feachtas fógraíochta ilardáin na Roinne é agus a thacaíonn le daoine a n-úsáid fuinnimh a bhainistiú agus páirt níos gníomhaí a ghlacadh san aistriú fuinnimh.
Ag labhairt dó faoin bhfeachtas, dúirt an tAire Eamon Ryan:
"Is eol dúinn go bhfuil a lán teaghlach ag streachailt le costais fuinnimh fós. Chun aghaidh a thabhairt air sin, chuireamar bearta éagsúla i bhfeidhm. Ina measc sin tá trí chreidmheas leictreachais is fiú €450 san iomlán, a n-eiseofar an dara tráinse díobh i mí Eanáir 2024. Tugtar leideanna úsáideacha le haghaidh fuinneamh a shábháil san fheachtas ‘Úsáid Níos Lú’. Luaitear ann freisin na tacaíochtaí ón Rialtas atá ag cabhrú le daoine iad féin a choinneáil te sa gheimhreadh.
"Luaitear sa straitéis a foilsíodh le déanaí dar teideal ‘Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030’ gur féidir leis an bhfuinneamh a chaomhnaímid rannchuidiú go mór le costais a laghdú do theaghlaigh aonair agus gur féidir leis ár slándáil fuinnimh fhoriomlán a mhéadú. Tá muintir na hÉireann ag freagairt go han-mhaith don fheachtas ‘Úsáid Níos Lú’ go dtí seo agus tá siad ag tosú ar a bhfuinneamh a úsáid sa bhaile ar bhealach níos éifeachtúla. Táimid ag tosú ar thairbhí na n-athruithe sin a fheiceáil cheana féin, agus na hastaíochtaí foriomlána ag laghdú faoi phas beag níos lú ná 2% agus laghdú dhá uair chomh mór sin le teacht i mbliana."
Leagtar an méid seo a leanas amach san fheachtas 'Úsáid Níos Lú':
Tá an feachtas ag obair i gcomhar le príomh-chomhpháirtithe amhail ALONE agus MABS chun a chinntiú go leanann na daoine is leochailí i leith costais fuinnimh den tacaíocht agus den fhaisnéis a theastaíonn uathu chun iad féin a choinneáil te agus folláin a fháil.
CRÍOCH
Príomh-chomhpháirt de straitéis an fheachtais 'Úsáid Níos Lú' is ea a chinntiú go bhfuil an Rialtas ag éisteacht go gníomhach le muintir na hÉireann agus ag tuiscint a riachtanas agus a n-ábhar imní, agus ag freagairt dóibh, chun an chomhairle agus an fhaisnéis is úsáidí a thabhairt i ndáil leis an staid fuinnimh a bhíonn ag athrú. Chun a chinntiú go mbaintear é sin amach, déanann Amárach taighde cainníochtúil gach mí. Déantar suirbhé ar ghrúpa atá ionadaíoch do mhuintir na tíre chun an fhreagairt do na teachtaireachtaí agus seintimint custaiméirí a thástáil.
Is é is Rianaire Iompraíochta Fuinnimh agus Taistil SEAI (BETT) ann ná suirbhé míosúil ar líne lena mbailítear sonraí críochnúla, cruinne agus gráinneacha faoi ghnáthiompraíochtaí laethúla fuinnimh mhuintir na hÉireann.
Leagtar béim san fheachtas um Úsáid Níos Lú ar conas is féidir leis an Rialtas, le teaghlaigh, le tiománaithe, le pobail agus le gnólachtaí obair le chéile chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú.
De bhreis ar Ranna Rialtais, tá gníomhaireachtaí fuinnimh Stáit amhail an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), SEAI, EirGrid, Líonraí BSL, Líonraí Gáis Éireann agus gníomhaireachtaí eile i mbun comhpháirtíochta san fheachtas seo agus soláthróidh siad faisnéis faoi na tacaíochtaí sonracha agus faoin gcomhairle shonrach is féidir leo a sholáthar.
I measc ár dteachtaireachtaí feachtais freisin tá atreorú chuig tacaíocht agus seirbhísí atá ar fáil trí eagraíochtaí amhail ALONE, SEAI, CRU agus MABS. Cabhraíonn an comhoibriú leis na heagraíochtaí sin linn cohóirt atá i mbaol a shroicheadh go héifeachtach agus is acmhainn bhunriachtanach ríluachmhar iad. Áirítear lenár gcomhpháirtíocht le ALONE líne chabhrach fóin chun a chinntiú gur féidir leis na daoine sin a bhfuil tacaíocht agus faisnéis maidir le húsáid fuinnimh á lorg acu an tacaíocht agus an fhaisnéis sin a rochtain go réidh gan dul ar líne.
Tá faisnéis faoi thacaíochtaí Rialtais agus faoi conas is féidir airgead a shábháil ar fáil ag gov.ie/ÚsáidNíosLú.
Rud eile atá á reáchtáil i gcomhthráth leis an bhfeachtas ‘Úsáid Níos Lú’ is ea an clár ‘Is this a good time?’ de chuid Líonraí BSL, atá mar chuid den tionscnamh ‘Beat the Peak’. Leis an tionscnamh sin, tugtar spreagadh agus cumhacht do chustaiméirí cónaithe agus do chustaiméirí tráchtála smacht a fháil ar a dtomhaltas fuinnimh agus é a laghdú ag buaic-amanna.
Is é an toradh atá ar úsáid leictreachais a laghdú le linn buaic-amanna éilimh ná go dtéitear chun tairbhe don tslándáil fuinnimh agus don inbhuanaitheacht trí úsáid a aistriú ag amanna ina bhféadfadh an leictreachas a bheith níos costasaí, níos déine ar charbón agus níos neamhshláine. Leis an bhfeachtas sin, comhlánaítear na teachtaireachtaí uile-Rialtais san fheachtas ‘Úsáid Níos Lú’ agus is comhpháirtí tábhachtach eile é in aistriú na hÉireann chuig córas fuinnimh a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de faoin mbliain 2050.
Leagtar béim san fheachtas ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ón Rialtas agus ó ghníomhaireachtaí. Áirítear iad seo a leanas leis na tacaíochtaí sin:
D’fhógair an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) moratóirí ar dhícheangal do gach custaiméir leictreachais agus gáis baile don gheimhreadh atá romhainn. Cumhdófar tréimhse sé mhí ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Márta 2024 leis an moratóir do chustaiméirí atá cláraithe mar chustaiméirí a bhfuil leochaileacht ar leith acu. Fadaíodh an moratóir do gach custaiméir baile arís i mbliana ón 1 Nollaig 2023 go dtí an 31 Eanáir 2024.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na moratóirí agus faoi chosaintí eile tomhaltóirí, téigh chuig suíomh gréasáin CRU.
atá leideanna agus comhairle faoi conas is féidir leat fanacht te agus tú ag sábháil fuinnimh ag an am céanna, mar aon le faisnéis faoi na tacaíochtaí uile atá ar fáil
Leideanna praiticiúla ó SEAI:
Faightear comhairle éifeachtúlachta fuinnimh laistigh den fheachtas ó shaineolaithe in Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Tá sí praiticiúil agus bunaithe ar fhianaise, agus mionsonraí á dtabhairt faoi na gníomhartha ar féidir leo an t-airgead is mó agus an fuinneamh is mó a shábháil. Spriocdhírítear ar thrí phríomhréimse sa chomhairle chun cabhrú leat do bhillí fuinnimh a ísliú:
Beidh tuilleadh leideanna agus faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin SEAI.
I mí na Samhna, d’fhoilsigh an Rialtas an tuarascáil dar teideal ‘Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030’, rud ina dtugtar breac-chuntas ar straitéis nua chun slándáil fuinnimh in Éirinn a chinntiú don deacáid seo, le linn aistriú inbhuanaithe chuig córas fuinnimh a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de a chinntiú faoin mbliain 2050.
I dteannta na scéime ‘Beat the Peak’ de chuid Líonraí BSL agus i dteannta taraifí buaice a bheith á dtabhairt isteach ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais, tá an feachtas ‘Úsáid Níos Lú’ ar cheann de bhearta sonracha an Rialtais a bhfuil mar aidhm leo an t-éileamh ar leictreachas a laghdú.
Tá na cláir sin ag tabhairt spreagadh do dhaoine ar fud na hÉireann a n-iompraíochtaí a athrú chun a bheith freagrúil don bhrú ar an gcóras ag buaic-amanna agus don inathraitheacht a bhaineann le córas atá faoi threoir ag foinsí fuinnimh in-athnuaite. Tá sé sin ina chuid an-tábhachtach d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála fuinnimh na hÉireann agus dá chinntiú go n-aistrímid go héifeachtach chuig córas fuinnimh a bheidh bunaithe ar leictreachas in-athnuaite dúchasach.