Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 12 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile aréir (Dé Céadaoin an 11 Márta) chun an fhianaise is déanaí ar leathadh COVID-19 a athbhreithniú. Mhol an Fhoireann go mbogfadh Éire chuig Céim an Mhoillithe.
Tá méadú suntasach tagtha le laethanta beaga anuas ar an líon cásanna a braitheadh in Éirinn, áit a bhfuil roinnt braislí ag teacht chun cinn i suíomhanna ospidéil, lena n-áirítear cásanna san aonad dianchúraim, agus a bhfuil roinnt cásanna ag teacht as tarchur sa phobal.
Léiriú soiléir gur cheart breithniú a dhéanamh ar scaradh sóisialta a thabhairt isteach atá sa chomhairle nua a chuir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú ar fáil inniu.
Leagadh béim inti go bhfuil cásanna agus básanna COVID-19 á mbrath lasmuigh de shlabhraí aitheanta tarchuir. Mhol sé freisin gur cheart bearta a dhéanamh go luath agus gur cheart na bearta sin a bheith cinntitheach, tapa, comhordaithe agus cuimsitheach.
Tá Éire ag tabhairt bearta nua isteach inniu mar chuid dár n-iarracht cur isteach ar tharchur COVID-19.
-más rud é go bhfuil níos mó ná 100 duine rannpháirteach iontu i gcás go bhfuil siad lonnaithe faoi dhíon
-más rud é go bhfuil níos mó ná 500 duine rannpháirteach iontu i gcás go bhfuil siad lonnaithe amuigh faoin spéir
Molann an Fhoireann freisin gur cheart na bearta sin a bheith i bhfeidhm go dtí an Domhnach an 29 Márta 2020. Déanfar athbhreithniú leanúnach ar thionchar na mbeart sin.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí agus an Earnáil Sláinte ina hiomláine ag ullmhú d’éifeachtaí COVID-19 ar mhuintir ár dtíre.
“Éilímid anois ar shaoránaigh cloí leis na bearta nua sin agus cabhrú linn na daoine is soghonta inár sochaí a chosaint, cur ar chumas ár seirbhíse sláinte cóireáil a chur in aghaidh an víris go héifeachtach agus gach duine dínn a choinneáil chomh sláintiúil agus is féidir.”
CRÍOCH
Is féidir an litir ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí chuig Simon Harris TD, an tAire Sláinte, a léamh anseo.
Letter from CMO to Minister for Health re COVID-19 (Coronavirus) - 12 March 2020
Letter from Chief Medical Officer, Dr Tony Holohan, to Minister for Health, Simon Harris TD, re COVID-19 (Coronavirus).
Míochaine, maidir le COVID-19 (Coróinvíreas).
Íoslódáil.
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
Is féidir le Covid-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear niúmóine.
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe: