Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfaighidh os cionn 126,000 teaghlach Liúntas don Scoilbhliain Nua an tseachtain seo
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go bhfaighidh os cionn 126,000 teaghlach an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ón lá inniu ar aghaidh.
Tá an íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí ceaptha chun tacú le teaghlaigh incháilithe íoc as na costais a bhaineann le héidí scoile agus coisbhirt a cheannach roimh an téarma scoile atá le teacht.
Ciallaíonn sé sin go n-íocfar €160 i leith gach páiste atá idir 4-11 bhliain d'aois.
Agus íocfar €285 i leith gach páiste atá 12 bhliain agus níos sine atá ag freastal ar oideachas dara leibhéal.
San iomlán, déanfar íocaíochtaí ar fiú breis is €47.5 milliún san iomlán iad le 126,000 teaghlach, i leith níos mó ná 223,000 páiste. Cuirfear fógra amach faoin íocaíocht uathoibríoch chuig teaghlaigh tríd an bpost nó trína gcuntas MyWelfare.
Agus í ag trácht ar na híocaíochtaí, dúirt an tAire Humphreys:
“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil na híocaíochtaí 2024 faoin Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag tosú ón lá inniu ar aghaidh.
“Tá an scéim seo chomh tábhachtach sin ó thaobh tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí agus iad ag dul i ngleic leis na costais a bhaineann le filleadh ar scoil sna seachtainí amach romhainn.
“An tseachtain seo, eiseoidh mo Roinn íocaíochtaí uathoibríocha chuig 126,000 teaghlach i leith os cionn 223,000 páiste.
Tá an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua fós ar oscailt le haghaidh iarratas agus beidh go dtí an 30 Meán Fómhair agus moltar do theaghlaigh incháilithe cur isteach air. Déanfar cinntí i leith na gcásanna seo a phróiseáil de láimh, agus má tá duine ina theideal, eiseofar íocaíocht a luaithe is a phróiseáiltear iad.
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Is féidir leis na costais atá bainteach le páistí ag tosú agus ag filleadh ar scoil ualach airgeadais a chur ar theaghlaigh ar fud na tíre.
“Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain tacaíocht luachmhar go teaghlaigh chun cuidiú leis na costais sin agus molaim d'aon duine nach bhfuil iarratas curtha isteach acu chun a gcáilitheacht a sheiceáil don scéim seo.
“Tá an tacaíocht atá muid ag soláthar inniu ar bharr roinnt beart atá curtha i bhfeidhm againn chun teaghlaigh a thacú ar fud na tíre leis an gcostas maireachtála.
“Lena n-áirítear feidhmiú suntasach den chlár Béilí Teo Scoile agus an soláthar den Scéim Leabhar Scoile Saor in Aisce.
“Tá na tacaíochtaí seo i dteannta leis an íocaíocht dhúbailte den Sochar Linbh agus méaduithe ar an tairseach don Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht – rud a chuaigh chun sochair do na deicheanna míle de theaghlaigh i bhfostaíocht.
“Mar Aire, leanfaidh mé ar aghaidh le teaghlaigh i bhfostaíocht a thacú, iad a bheidh mar fhócas mór de chaibidlíocht na mBuiséad s'againne a bheidh ar siúl as seo go ceann roinnt seachtainí.”
Miondealú Contae ar Fhaighteoirí an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua an tseachtain seo:
Contae | Líon na dTeaghlach a thairbhíonn | Líon na Leanaí a thairbhíonn | |
Ceatharlach | 2,187 | 3,748 | |
An Cabhán | 2,174 | 3,991 | |
An Clár | 2,953 | 5,255 | |
Corcaigh | 11,842 | 20,562 | |
Dún na nGall | 5,897 | 10,615 | |
Baile Átha Cliath | 32,585 | 56,339 | |
Gaillimh | 5,647 | 10,278 | |
Ciarraí | 4,387 | 7,245 | |
Cill Dara | 5,126 | 9,010 | |
Cill Chainnigh | 1,973 | 3,463 | |
Laois | 2,419 | 4,446 | |
Liatroim | 1,043 | 1,871 | |
Luimneach | 5,566 | 9,918 | |
An Longfort | 1,653 | 3,139 | |
Lú | 5,040 | 8,949 | |
Maigh Eo | 3,745 | 6,868 | |
An Mhí | 4,553 | 8,036 | |
Muineachán | 1,725 | 3,208 | |
Uíbh Fhailí | 2,364 | 4,279 | |
Ros Comáin | 1,616 | 3,119 | |
Sligeach | 1,849 | 3,316 | |
Tiobraid Árann | 4,717 | 8,449 | |
Port Láirge | 3,989 | 6,893 | |
An Iarmhí | 2,766 | 4,884 | |
Loch Garman | 5,200 | 9,065 | |
Cill Mhantáin | 3,578 | 6,104 | |
Iomlán | 126,594 | 223,050 |
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe i dtreo costais a bhaineann le héadaí scoile agus coisbheart.
Is é €160 an liúntas a íoctar i leith gach leanbh incháilithe idir 4 - 11 bhliain d’aois ar an 30 Meán Fómhair 2023 nó roimhe agus íoctar liúntas €285 i leith gach leanbh incháilithe idir 12 - 22 bhliain d’aois ar an 30 Meán Fómhair 2024 nó roimhe. Ní mór do mhic léinn atá idir 18 - 22 bhliain d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas lánaimseartha dara leibhéal i scoil aitheanta nó i gcoláiste aitheanta i bhfómhar na bliana 2024 chun teidlíocht ar íocaíocht a choinneáil.
Tá línte teileafóin tiomnaithe á gcur ar fáil ag an Roinn ag 071-9193318 agus 0818-11-11-13 chun ceisteanna a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine ó 9.00am go 5.00pm. Is féidir ríomhphost a sheoladh ag bscfa@welfare.ie má tá aon cheist ag daoine maidir lena n-iarratas nó a dteidlíocht.
Táthar ag glacadh le hiarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 i mbliana.
Tá tuilleadh faisnéise faoi na critéir incháilitheachta a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le fáil ag Gov.ie/bscfa.