Tabharfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Nós Imeachta Níos Simplí Fógartha Chumasc Meán Isteach
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tabharfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Nós Imeachta Níos Simplí Fógartha Chumasc Meán Isteach
D’fhógair an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go gcuirfear tús oifigiúil Dé Céadaoin, an 10 Aibreán 2024 le Nós Imeachta Níos Simplí Fógartha Chumasc Meán.
Cuirtear cosaint thábhachtach ar fáil do phrionsabal iolrachas na meán i gcóras chumasc meán na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag tabhairt isteach Nós Imeachta Níos Simplí cur le héifeachtúlacht an phróisis chumasc meán agus cosaint láidir ar an iolrachas a choinneáil. Táthar ag súil go laghdófar sa Nós Imeachta Níos Simplí an t-ualach rialála ar ghnóthais agus go laghdófar leis na hamlínte le haghaidh formheasa i gcásanna nach bhfuil sprioc an idirbhirt ag feidhmiú sa Stát agus, mar sin, nach dócha go mbeidh tionchar aige ar iolrachas na meán sa Stát.
Tá an Nós Imeachta Níos Simplí á chur chun feidhme trí leasú a dhéanamh ar na Treoirlínte maidir le Cumaisc Meán. I gCuid 3.4 de na Treoirlínte leasaithe tugtar léargas ar na critéir nach mór a chomhlíonadh chun cumasc meán a mheas faoin Nós Imeachta Níos Simplí, agus na solúbthachtaí a thabharfar do chumaisc nó d’idirbhearta incháilithe. Agus na Treoirlínte á leasú, rinneadh roinnt athruithe teicniúla eile – lena n-áirítear athruithe ar ainm na Roinne a léiriú agus bunú Choimisiún na Meán le teacht in ionad Údarás Craolacháin na hÉireann.
Ag cur fáilte roimh thabhairt isteach an Nós Imeachta Níos Simplí, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Cuireann measúnú ar chumaisc meán cosaint thábhachtach ar fáil do mheáin shaora iolraíocha atá mar bhonn agus thaca ag ár ndaonlathas. Táthar ag súil go maolófar sa Nós Imeachta Níos Simplí Fógartha Chumasc Meán an t-ualach rialála ar ghnóthais trí cheanglais a laghdú maidir le fógra a thabhairt agus go mbeifear in ann cinntí a dhéanamh laistigh de fhrámaí ama níos giorra. Tá an Nós Imeachta Níos Simplí á thabhairt isteach tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí, agus gabhaimid buíochas le gach duine a chuir aighneachtaí isteach.”
Tosóidh an Roinn ag fáil fógraí faoin Nós Imeachta Fógartha Níos Simplí maidir le Cumasc Meán Dé Céadaoin, an 10 Aibreán 2024.
Ní mór do pháirtithe ar mhaith leo leas a bhaint as an Nós Imeachta Níos Simplí an fhéidearthacht seo a phlé leis an Roinn sula gcuireann siad fógra isteach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann na gcumaisc meán ag mediamergers@tcagsm.gov.ie