Robert Watt ceaptha ina Ard-Rúnaí ag an Roinn Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD inniu go bhfuil an tUasal Robert Watt ceaptha ina Ard-Rúnaí ag an Roinn Sláinte, tar éis ceadú na Comh-Aireachta.
Leanann ceapachán an Uasail Watt próiseas neamhspleách.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm go bhfuil Robert ag glacadh leis an ról fíorthábhachtach seo sa Roinn Sláinte. Tá an Roinn fós ag obair ar na dúshláin a bhaineann le COVID-19, tá sí i gceannas ar an gclár vacsaínithe agus ar chur i bhfeidhm Sláintecare. Tugann Robert neart taithí chuig an ról seo agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis."
Dúirt Robert Watt:
“Bhí an-áthas orm gur iarradh orm ról an Ard-Rúnaí Eatramhach sa Roinn Sláinte a ghlacadh níos luaithe i mbliana. Reáchtáladh comórtas oscailte TLAC agus tá áthas orm gur iarradh orm an ról seo a ghlacadh ar bhonn buan tar éis chruinniú an Rialtais inniu.
“Tá an tuarastal beartaithe don ról seo níos airde ná mo thuarastal reatha. Ní dóigh liom go bhfuil sé oiriúnach a leithéid de mhéadú pá a ghlacadh i bhfianaise na ndálaí eacnamaíocha deacra atá ann faoi láthair. Bhí sé ar intinn agam i gcónaí, dá gceapfaí sa ról seo mé, nach nglacfainn leis an méadú seo go dtí go dtosóidh an geilleagar ag téarnamh agus go dtiocfadh laghdú ar an dífhostaíocht.
“Táim ag tnúth le leanúint ag obair le mo chomhghleacaithe sa Roinn Sláinte ar na dúshláin go léir atá romhainn."
CRÍOCH