Fógraíonn an tAire Martin Clár nua Ealaíontóra Cónaithe mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Martin, T.D., scéim nua Ealaíontóra Cónaithe chun saothair nua a chruthú agus chun rannpháirtíocht an phobail le hinstitiúidí Dheich mBliana na gCuimhneachán a chinntiú.
Tabharfar cuireadh d’ealaíontóirí machnamh a dhéanamh ar na bailiúcháin shaibhre atá á gcoimeád inár n-inistitiúid agus ár bhforais eile agus saothair nuálacha a chruthú chun lucht féachana nua a mhealladh.
Comhpháirtíocht atá sa chlár le hArd-Mhúsaem na hÉireann, le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, leis an gCartlann Náisiúnta, le Tionscadal Beyond 2022 agus leis an gCartlann Mhíleata mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021-2023.
Beidh saothar samhlaíoch agus lucht féachana nua i gcomhair na mbailiúchán iomadúil atá ag ár n-Institiúidí Náisiúnta Cultúrtha agus forais eile mar thoradh ar an gcomhoibriú a dhéanfaidh na cúig óstach. Bainfidh tréimhse chónaithe ar leith le gach Institiúid a óstálann ealaíontóir agus cuirfear táille €20,000 ar fáil do gach ealaíontóir (molann Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Cartlann Náisiúnta na hÉireann tréimhse chónaithe dhá bhliain le táille €40,000 thar an dá bhliain).
Ag trácht di ar an scéim mhaoinithe nua, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.:
“Agus muid ag druidim le tréimhse dheireanach Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus an tréimhse is dúshlánaí, is féidir le cláir mar seo roinnt de na bunfhoinsí saibhre atá againn a chur i mbéal an phobail ar bhealaí mealltacha agus samhlaíocha. Beidh ról tábhachtach ag saothair chruthaitheacha agus ealaíne i machnamh, taiscéalaíocht agus díospóireacht a spreagadh le linn tréimhse dheireanach Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021-2023, ag cur ar chumas daoine ó gach cúlra machnamh a dhéanamh ar ghnéithe dhúshlánacha agus dheacra agus na gnéithe sin a cheistiú.”
Sa bhliain 2021 díreofar ar chúig Institiúid a choimeádann nó a chuireann ábhar i láthair a bhfuil nasc díreach acu leis an tréimhse chun lucht féachana nua a mhealladh chuig na bailiúcháin nó cáipéisí stairiúla seo. Ba mhaith le lucht an chláir iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí nua chun dul i ngleic leis an gcuid seo dár stair agus chun tacú le fiosrúchán iontaofa stairiúil faoin tréimhse seo mar aon le húsáid acmhainní cartlainne a chur chun cinn. Tá sé mar chuspóir ag an gclár, chomh maith, tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus tábhacht an fhiosrúcháin ealaíonta a léiriú i gClár Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Beidh ealaíontóir cónaithe ag gach ceann de na cúig Insititiúid comhpháirtíochta sa Chlár ó dhisciplín faoi leith nó réimse disciplíní ealaíonta (ag brath ar riachtanais shaincheaptha nó béim shaincheaptha na hInstitiúide sin) chun bailiúcháin faoi leith a roghnaíonn an Institiúid a léiriú agus téama(í) a bhaineann le Deich mBliana na gCuimhneachán a léiriú.
Lean an tAire Martin uirthi:
“Mholfainn d’ealaíontóirí ó gach disciplín iarratas a dhéanamh ar an gClár seo. Tá súil againn go mbeidh saothar úrnua agus speisialta mar thoradh ar Chlár na nEalaíontóirí Cónaithe a mheallfaidh an lucht féachana atá ann agus daoine nua chun féachaint ar ár mbailiúcháin luachmhara náisiúnta; tugann sé deis d’ealaíontóirí cruthaitheacha forbairt a dhéanamh ar a gcruthaitheacht i dtimpeallacht ildhisciplíneach na nInstitiúidí seo chomh maith.”
Notaí
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag cur €125,000 ar fáil in 2021 do Chlár na nEalaíontóirí Cónaithe mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Roghnóidh gach Institiúid atá ag glacadh páirte a n-ealaíontóir cónaithe féin bunaithe ar chritéir chomhroinnte agus ar théamaí Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Tá roinnt de na hInstitiúidí tar éis an cineál ealaíontóra a bhfuil siad ag iarraidh obair leis/léi a shonrú agus tá roinnt eile oscailte do gach cineál ealaíontóra.
Is féidir riachtanais gach Institiúide a fheiceáil anseo: https://www.gov.ie/ga/feachtais/sceim-na-nealaiontoiri-conaithe-2021/