Osclaíonn an Coiste Frithchiníochais an Comhrá le Páirtithe Leasmhara maidir le Rochtain ar Cheartas
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (20 Bealtaine) sheol an Coiste Frithchiníochais Neamhspleách an chéad cheann dá imeachtaí le haghaidh comhrá le páirtithe leasmhara mar chuid dá fhorbairt ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta nua i gcoinne an Chiníochais.
Beidh an tOllamh Caroline Fennell ag óstáil an t-imeacht. Tá sí ina Cathaoirleach ar an gCoiste Frithchiníochais agus ina Coimisinéir le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Beidh deis ag eagraíochtaí neamhrialtasach a bhfuil saineolas acu ar an rochtain ar cheartas, ar chearta na mionlach eitneach agus réimsí bainteacha a gcuid dearcthaí a léiriú ar an mbealach ar cheart don Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais dul i ngleic leis an gcomhionannas ciníoch i réimse na rochtana ar cheartas.
Beidh ceisteanna maidir leis an idirdhealú, meicníochta gearáin, an tearcthuairisciú agus cineálacha sásaimh mar chuid den phlé. Cuimseofar ceisteanna a bhaineann le mná agus daoine óga freisin.
Chomh maith leis na himeachtaí le haghaidh comhrá le páirtithe leasmhara, tá comhairliúchán níos leithne á reáchtáil ag an gCoiste faoi láthair, agus fanfaidh sé ar oscailt go dtí an 14 Iúil.
Agus é ag cur fáilte roimh thús na comhráite leis na páirtithe leasmhara, dúirt Roderic O’Gorman T.D., an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an méid seo:
"Cuirim fáilte roimh thús na comhráite leis na páirtithe leasmhara a d’eagraigh an Coiste Frithchiníochais. Is fadhb leanúnaí agus casta é an ciníochas agus braitear a thionchair ar fud na sochaí. Agus muid ag forbairt polasaithe chun an ciníochas a fhreagairt, ní mór guth na daoine a théann an ciníochas i bhfeidhm orthu a chloisteáil agus guth a n-eagraíochtaí ionadaíocha. Beidh an comhairliúchán le heagraíochtaí atá gníomhach sa troid i gcoinne an chiníochais agus le daoine den phobal mar chabhair don Choiste agus iad ag forbairt Plean ar féidir a bheith éifeachtach chun dul i ngleic le gach saghas ciníochais atá in Éirinn sa lá atá inniu ann."
Dúirt an tOllamh Caroline Fennell, Cathaoirleach neamhspleách ar an gCoiste Frithchiníochais:
"Mar chathaoirleach ar an gCoiste Frithchiníochais, tá áthas orm an chéad cheann dár seisiúin chomhrá le páirtithe leasmhara a oscailt. Mar Ollamh le Dlí agus ball de Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, tuigim go rímhaith tábhacht an téama atá againn inniu, an Rochtain ar Cheartas, rud atá an-tábhachtach chun sochaí chothrom agus chomhionann a chur ar fáil. I gcaitheamh an tseisiúin seo agus na cinn atá le teacht, táim ag tnúth le tuairimí na rannpháirtithe a chloisteáil maidir leis an mbealach ar féidir linn Éire a dhéanamh mar áit níos fearr dá cónaitheoirí go léir, beag beann ar a n-eitneacht.
CRÍOCH
D’oscail comhairliúchán poiblí an Choiste Frithchiníochais faoi Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta nua i gcoinne an Chiníochais ar an 21 Aibreán agus leanann sé go dtí an 14 Iúil. Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ag antiracism@equality.gov.ie.
Beidh sraith seisiúin chomhrá le páirtithe leasmhara mar chuid den chomhairliúchán, agus tabharfaidh sí faoi na téamaí seo a leanas:
Tarlaíonn na comhráite seo le páirtithe leasmhara ar líne agus bíonn cuireadh ag teastáil. Níl siad le fáil do na meáin. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le cuspóir agus scóip an chomhairliúcháin, chomh maith le treoir maidir le haighneacht a dhéanamh, féach ar an Doiciméad Comhairliúcháin anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Tá Tuarascáil Eatramhach an Choiste arna fhoilsiú an 21 Aibreán 2021 ar fáil anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Tá an preasráiteas a eisíodh nuair a d'fhoilsigh an tAire O’Gorman Tuarascáil Eatramhach an Choiste, agus nuair a sheoladh céim an chomhairliúcháin phoiblí ar an 21 Aibreán 2021 ar fáil anseo (leagan Gaeilge).