Déanann an tAire McConalogue comhghairdeas leis an Uachtarán Ó hUigínn as Bonn Agricola EBT na Náisiún Aontaithe a bheith bronnta air
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D comhghairdeas leis an Uachtarán Micheál Ó hUigínn, ar bronnadh bonn Agricola de chuid Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (ETB) air. Bronntar an bonn, a bhfuil an focal Laidine d’fheirmeoir air, ar phearsana idirnáisiúnta atá tar éis iarrachtaí iontacha a dhéanamh ar son shlándáil dhomhanda an tsoláthair bia, ar son mhaolú na bochtaineachta agus an cothú a chur chun cinn. Bhronn Ard-Stiúrthóir EBT, an Dr Qu Dongyu, Bonn Agricola ar an Uachtarán i searmanas in Áras an Uachtaráin Dé hAoine.
Tugann bronnadh an bhoinn aitheantas do “rannchuidiú agus tiomantas an Uachtaráin do leas gach pobail, le slándáil uilíoch bia a bhaint amach, agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur i gcrích”. Tarlaíonn sé seo tar éis d’Uachtarán Ó hUigínn freastal ar an bhFóram Domhanda Bia i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, a óstáladh ag ceanncheathrú EBT sa Róimh, áit ar thug sé dhá phríomhóráid ar ábhar na slándála bia. Tugadh faoin gcuairt sin mar chuid de chuairt seachtaine ar EBT agus ar an Róimh in éineacht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Déanaim comhghairdeas leis an Uachtarán Ó hUigínn as an ngradam a bronnadh air inniu. Tuigim gur phríomhthéama d'obair an Uachtaráin ab ea an géarghá atá le slándáil bia, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le bogadh ar aghaidh ó fhreagairtí éigeandála frithghníomhacha chun dul i ngleic le bunchúiseanna struchtúracha an ocrais.”
"Tá mo roinn mar cheannaire ar rannpháirteachas na hÉireann le EBT agus léiríonn an gradam a bronnadh ar Uachtarán Ó hUigínn inniu a thiomantas féin chomh maith le tiomantas na hÉireann d’iarrachtaí idirnáisiúnta Sprioc Forbartha Inbhuanaithe NA 2: Díothú an Ocrais a bhaint amach. Táim tar éis obair chuimsitheach a dhéanamh le EBT i rith mo chuid ama mar Aire agus béim áirithe ar chinntiú go bhfuil coincheap na gcóras bia inbhuanaithe agus táirgeadh beostoic atá inbhuanaithe á sní go daingean i mbeartais. Léiríonn sé seo na héachtaí ollmhóra atá bainte amach ag talmhaíocht na hÉireann agus ag ár bhfeirmeoirí agus iad mar cheannairí domhanda maidir le córais bhia inbhuanaithe faoinár Straitéis ar Fhís don Bhia 2023. Táimid ag súil le bheith ag obair le chéile le córais bhia a athrú ó bhonn, sa bhaile agus thar lear.”
"Ba mhór an onóir dúinn freisin Ard-Stiúrthóir EBT, an Dochtúir Qu Dongyu, a óstáil ar a chuairt ar Éirinn. Áiríodh mar chuid dá chúrsa taistil aird a tharraingt ar an gcuid is fearr de thalmhaíocht agus de bhia na hÉireann ón taighde ar ardchaighdeán i Scoil Talmhaíochta COBÁC go dtí cuairt siar chun obair OÉG ar fhorbairt inbhuanaithe agus Foras na Mara ar réimsí ar nós táirgeadh dobharshaothraithe a fheiceáil. Ní féidir linn, ach trí chomhoibriú idirnáisiúnta, slándáil dhomhanda bia a fheabhsú agus leanfaimid orainn le bheith i dteagmháil le EBT agus príomh-ról a imirt i leith na gceisteanna tábhachtacha seo."
DEIREADH
Nóta d’Eagarthóirí:
Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (EBT)
Is eagraíocht de chuid na Náisiún Aontaithe í EBT a bhfuil sainordú uirthi rannchuidiú le deireadh a chur leis an ocras, neamhshlándáil an tsoláthair bia, droch-chothú, le talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht a dhéanamh níos táirgiúla agus níos inbhuanaithe, le córais talmhaíochta agus bia atá cuimsitheach agus éifeachtúil a chumasú agus athléimneacht slite beatha a mhéadú i leith bagairtí agus géarchéimeanna.
Tá tuilleadh sonraí faoin gcomhpháirtíocht idir Éirinn agus EBT leagtha amach sa tuarascáil EBT + Ireland: Ag Obair i gComhpháirtíocht le Domhan Síochánta, Comhionann agus Inbhuanaithe a Bhaint Amach, atá ar fáil ag: Déanann EBT agus Éire ceiliúradh ar an gcomhpháirtíocht agus déantar athnuachan ar a dtiomantas don chomhpháirtíocht.
Thug An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara €4.4 milliún de mhaoiniú do EBT i 2023.