An Taoiseach Simon Harris chun bualadh leis an bPríomh-Aire Donald Tusk sa Pholainn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Taoiseach Simon Harris sa Pholainn inniu chun freastal ar chruinniú déthaobhach le Príomh-Aire na Polainne, Donald Tusk.
Buailfidh an Taoiseach leis an bPríomh-Aire Tusk i Rzeszów in Oirthear na Polainne.
Pléifidh siad an sár-chaidreamh déthaobhach idir Éire agus an Pholainn, lena n-áirítear na naisc mhuintir-le-muintir, chultúrtha agus eacnamaíocha a dhoimhniú, ar a bhfuil ár gcomhbhallraíocht san Aontas Eorpach bunaithe.
Pléifidh an dá cheannaire an téarma atá le teacht agus an t-athrú institiúideach san EU agus uachtaránacht na Polainne ar an AE an bhliain seo chugainn.
Cuirfidh an Taoiseach Donald Tusk ar an eolas faoin a gcruinniú i gCív Dé Céadaoin le hUachtarán Zelenskyy agus táthar ag súil go bpléifidh siad cás na slándála san Eoraip freisin, lena n-áirítear fad na teorann atá ag an bPolainn leis an mBealarúis.
Pléifidh siad freisin an tubaiste dhaonnúil leanúnach sa Mheánoirthear.
CRÍOCH.