Taispeántas ar Líne na Cartlainne Náisiúnta maidir le Stát-Pháipéir 1990 fógartha ag an Aire Catherine Martin, T.D.
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., seoladh thaispeántas ar líne na Cartlainne Náisiúnta inniu maidir le comhaid an Rialtais i 1990 a cuireadh ar fáil le déanaí faoin Riail 30-bliain (An tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986).
Cinnteoidh an taispeántas go mbeidh teacht i gcónaí ag an bpobal ar na taifid seo a chlúdaíonn raon leathan imeachtaí in 1990 ó saoradh Nelson Mandela agus a chuairt ar Éirinn ina dhiaidh sin go hUachtaránacht na hÉireann ar an AE an t-am céanna le hAthaontú na Gearmáine go luathlaethanta Phróiseas Síochána Thuaisceart Éireann, cé go bhfuil foirgneamh na Cartlainne féin fós dúnta faoi shrianta reatha leibhéal 5.
Dúirt an tAire Martin,
“Tá áthas orm seoladh thaispeántas ar líne na Cartlainne Náisiúnta maidir le comhaid 1990 an Rialtais a fhógairt. Is eisceachtúil an acmhainn í lena n-áirítear stát-pháipéir cartlannaithe a bhaineann le himeachtaí suntasacha ag baile agus le himeachtaí idirnáisiúnta suntasacha i stair na tíre seo. De thoradh raon agus éagsúlacht na gcáipéisí beidh suim agus spreagadh le fáil ní hamháin do na staraithe ach dóibh siúd a bhfuil spéis acu i sa stair agus sa pholaitíocht chomh maith leis an bpobal i gcoitinne. Go traidisiúnta tugtar scéalta nár insíodh cheana chun solais leis na cartlanna seo chomh maith le léargas úrnua ar stair uileghabhálach na hÉireann. Táim ag súil go mbainfidh duine ar bith a bhfuil spéis mhór acu i bpáipéir de chuid an Rialtais leas arís as an obair thar na bearta atá déanta ag foirne na cartlainne na comhaid a chur ar fáil i mbliana i gcúinsí neamhghnácha."
Dúirt Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride,
“tá ríméad ar lucht na Cartlainne go raibh siad ábalta Stát-Pháipéir 1990 a eisiúint faoin riail 30 bliain mar chuid de thaispeántas spéisiúil ar líne a mbeidh teacht ag an bpobal air. Le dúnadh na Cartlainne Náisiúnta de bharr shrianta leibhéal 5 COVID, tugann an acmhainn ar líne seo léargas iontach ar roinnt de na himeachtaí atá tarlaithe le roinnt blianta anuas a mbeidh spéis ag daoine i ngach aoisghrúpa iontu."
Clúdaítear na himeachtaí/ábhair seo a leanas i Stát-Pháipéir 1990:
An Eoraip:
• Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, Eanáir go Meitheamh 1990, (lena n-áirítear cuairt an Choimisiúin Eorpaigh go hÉirinn, Eanáir 1990; turas an Taoisigh ar na phríomhchathracha, Bonn, an Róimh, Páras, 28-29 Márta 1990; Cruinniú Mullaigh, Baile Átha Cliath, Aibreán 1990; an Chomhairle Eorpach, Baile Átha Cliath, Meitheamh 1990);
• Athaontú na Gearmáine;
• Oirthear na hEorpa – an tionchar a bhí ag briseadh suas an APSS.
Idirnáisiúnta:
• Ionradh na hIaráice ar Chuáit;
• Saoradh Nelson Mandela;
• Cuairt Nelson Mandela ar Éirinn, Iúil 1990;
• Coimisiún Tríthaobhach: tuarascáil ar phlé faoi fhadhb Iosrael / na Palaistíne leis an Dr Garret FitzGerald don Choimisiún Tríthaobhach.
Angla-Éireannach:
• Luathlaethanta an Phróisis Síochána
• Lámhach Ghiobráltar;
• Caidrimh Angla-Éireannacha;
• Coinníollacha Príosúin – an Birmingham Six / an Guildford Four;
• Lámhach Arm na Breataine ar Aidan McAnespie ag seicphointe teorann Achadh na Cloiche, Co. Thír
Eoghain;
• Gníomhaíocht IRA sa Bhreatain;
• Comhdhálacha Idir-Rialtasacha Angla-Éireannach.
Intíre:
• Tubaiste Stardust: dréacht iml. 2 tuarascáil de Bhinse;
• Díráilliú traenach ag Clár Chlainne Mhuiris, Contae Mhaigh Eo;
• Ionchoisne ar aerthimpiste: Tuairt EI-BVV ag Mullach Eadrad, Contae Bhaile Átha Cliath;
• Fomhuireáin in uiscí na hÉireann;
• SEIF: feachtas faisnéise poiblí;
• An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987;
• Cuairt an Taoisigh Charlie Haughey ar SAM, Feabhra 1990;
• Cuairt an Taoisigh Charlie Haughey ar Pháras, Feabhra 1990;
Is féidir teacht ar an taispeántas ar líne ag www.nationalarchives.ie