Cuireann an tAire McGrath fáilte roimh fhoilsiú an ochtú Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tUas. Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais, tar éis fáilte a chur roimh fhoilsiú an ochtú Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach, rud a leagadh faoi bhráid na Dála agus atá foilsithe freisin ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin ag http://www.taxappeals.ie/en/annual-report .
Sa bhliain 2023, réitigh an Coimisiún beagán os cionn 1500 achomharc cánach dar luach iomlán €1.386 billiún, laghdaigh sé an líon achomharc a bhí idir lámha aige faoi bheagnach 25 faoin gcéad, sceidealaigh sé breis agus 400 éisteacht dar luach iomlán €1.4 billiún, agus d’eisigh sé 175 chinneadh dar luach iomlán €409 milliún nó mar sin. Agus an dul chun cinn suntasach a rinne an Coimisiún le linn na bliana 2023 á thabhairt faoi deara aige, dúirt an tAire:
“Leanann an Coimisiún um Achomhairc Chánach le próiseas achomhairc atá éifeachtúil, cóir agus cost-éifeachtúil a sholáthar do cháiníocóirí na tíre, ar próiseas é ina dtugtar modh inrochtana eile do shaoránaigh chun achomhairc chánach a dhéanamh seachas dul i muinín na gCúirteanna.”
Chuir an tAire fáilte freisin roimh an gCóras nua Bainistíochta Cásanna a tugadh isteach sa Choimisiún. Leis an gcóras sin, cuireadh cheana féin lena éifeachtúla atá próiseáil achomharc, agus cinntítear gur féidir le cáiníocóirí a n-achomharc a thaisceadh agus a bhainistiú go héasca. Dúirt an tAire:
“D’fhorbair an Coimisiún córas lánfheidhmiúil nua-aimseartha bainistíochta cásanna, lenar uathoibríodh líon suntasach próiseas agus lenar cuireadh feabhas eile ar a éifeachtúla atá an próiseas achomhairc do na páirtithe uile.”
Agus an Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisiún á seoladh aici i gcomhar leis an Aire, dúirt Marie-Claire Maney Uas., Cathaoirleach an Choimisiúin:
“Gach bliain, féachann an Coimisiún um Achomhairc Chánach le nua-aoisiú agus le héifeachtúlacht a mhéadú. Fianaise ar an tiomantas sin don nua-aoiseacht agus don éifeachtúlacht is ea an tairseach nua le haghaidh fógraí achomhairc ó cháiníocóirí a chomhdú agus an córas bainistíochta cásanna.”
Cumhdaíodh gach cuid den chóras cánach leis na hachomhairc ar bhreithnigh an Coimisiún iad sa bhliain 2023, lenar áiríodh Cáin Ioncaim, Cáin Bhreisluacha, Cáin Ghnóchan Caipitiúil, Cáin Fháltas Caipitiúil, Cáin Chorparáide, Cáin Chláraithe Feithiclí, agus muirir Chustam agus taraifí Custam.
CRÍOCH
Is é príomhaidhm an Choimisiúin um Achomhairc Chánach próiseas achomhairc cánach atá éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar. Bunaíodh an comhlacht i mí an Mhárta 2016, agus áit Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc á glacadh aige.
Éisteann Coimisinéirí Achomhairc achomhairc in aghaidh breitheanna agus cinntí ó na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cánacha agus dleachtanna, agus tugann siad breith orthu agus déanann siad cinneadh orthu.