Leagann an tAire McConalogue béim ar an ngá atá le feirmeoirí a bheith i gcroílár an Idirphlé Straitéiseach maidir le Todhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tiocfaidh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh le chéile sa Bhruiséil inniu, áit a roinnfidh na hAirí a dtuairimí chun ullmhú don Idirphlé Straitéiseach maidir le Todhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach. Tá an cruinniú inniu tráthúil agus an Coimisiún chun an Idirphlé Straitéiseach maidir le Todhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach a bhfuiltear ag fanacht leis go cíocrach a sheoladh ar an 25 Eanáir 2024.
Ag labhairt ag an gComhairle, dúirt an tAire McConalogue:
“Ba chóir go mbeadh an próiseas a threorú ar mheasúnú fianaise-bhunaithe ar shaincheisteanna mar aon le tuiscint réadúil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn cúrsaí ar an bhfeirm. Thar aon ní eile, ní mór dúinn a aithint go bhfuil siad siúd, a dhéanfaidh an obair chun na torthaí a bhaint amach, i gcroílár an idirphlé.”
“Tá sé in am anois díriú ar an bhfeirmeoireacht.” Dhearbhaigh an tAire McConalogue “Caithfidh slándáil an tsoláthair bia san Eoraip a bheith i gcroílár na díospóireachta seo”.
Maidir le deighilt na díospóireachta sa Talmhaíocht, dúirt an tAire freisin:
“Tarlaíonn díospóireachtaí deighilte mar is beag tuiscint atá ann ar mhéid na n-athruithe seo agus an méid atá á bhaint amach ag feirmeoirí. Caithfimid é seo a chur in iúl ar bhealach níos fearr.”
I dteannta leis an Idirphlé Straitéiseach, pléifidh cruinniú na Comhairle Saincheisteanna Talmhaíochta a bhaineann le Trádáil, agus rialachán atá beartaithe maidir le creat faireacháin le haghaidh foraoisí Eorpacha athléimneacha mar phríomhábhair.
Tá roinnt ábhair “gnó eile” ar chlár oibre an lae freisin: smachtbhannaí atá beartaithe ar tháirgí talmhaíochta allmhairithe na Rúise, athnuachan ionchasach na bearta trádála uathrialacha (rialachán BTUnna), plé ar shaincheisteanna maidir le cur chun feidhme an chórais faireacháin limistéir, agus malartú tuairimí maidir le húsáid RENURE in oirchill meastóireacht ar an Treoir maidir le Níotráití, ról an CBT maidir le táirgeadh ardcháilíochta bia a chosaint, an treoir maidir le gnáthóga agus daonraí móra feoiliteoirí agus an Tionscnamh um athléimneacht na ndobharlach agus infhaighteacht uisce san Aontas Eorpach.