Ceapachán comhaltaí nua ar Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheap an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., na daoine seo a leanas mar chomhaltaí Bhord na Leabharlainne Náisiúnta:
• Michael Diviney
• An Dr Brian Lang
• Genevieve Wyeth
Rinneadh na ceapacháin seo i ndiaidh comórtais oscailte arna reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Rinneadh na ceapacháin i gcomhréir leis an Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997 agus is ar feadh tréimhse 5 bliana a mhairfidh siad.
Agus í ag fáiltiú roimh na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Is cúis áthais dom ceapachán triúr comhalta nua ar Bhord na Leabharlainne Náisiúnta a fhógairt. Tá mé muiníneach go gcinnteoidh na comhaltaí nua seo go bhfanfaidh an Leabharlann Náisiúnta mar cheann de na hInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta is iomráití in Éirinn. Gabhaim mo bhuíochas le gach comhalta Boird as a ndúthracht agus as a saineolas a chur ar fáil. Tá mé an-bhuíoch freisin astu siúd a bhfuil deireadh tagtha lena dtéarmaí, agus aithním an méid suntasach atá déanta acu le blianta anuas.”
Dúirt Eoin McVey, Cathaoirleach Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
“Fáiltím roimh cheapachán na gcomhaltaí Boird nua. Lena saineolas agus a gcúlraí, cabhróidh na comhaltaí nua seo go mór leis an mBord agus a ról á chomhlíonadh acu.”
CRÍOCH
NÓTAÍ CHUIG NA hEAGARTHÓIRÍ
Tá taithí de níos mó ná 30 bliain, 20 bliain ag leibhéal ardbhainistíochta san áireamh, ag Michael Diviney , san fhoilsitheoireacht chló agus dhigiteach, agus is sna margaidh oideachais phroifisiúnta, gnó, agus tríú-leibhéal atá a speisialtóireacht. Sa ról atá aige faoi láthair, is Ceannasaí Feidhmiúcháin ar Cheannaireacht Smaointe é an tUasal Diviney ag Cuntasóirí Cairte Éireann, áit ina raibh sé i gceannas ar an Roinn Foilsitheoireachta roimhe seo. D’obair sé le Thomson Reuters Round Hall, RTÉ, agus Reed Business Information chomh maith. Is céimí é de chuid Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (Litríocht Bhéarla) agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Bainistíocht agus Dlí), agus i measc a gcáilíochtaí speisialtóireachta agus a thaithí leathan, tá rannpháirtíocht le geallsealbhóirí, dlí na maoine intleachtúla, bainistíocht tionscadal, digitiú, agus, ar theacht ar ais go COBÁC dó, an Dioplóma Proifisiúnta sa Rialachas Chorparáideach.
Rinne Genevieve Wyeth staidéar ar an Eacnamaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus Dioplóma Iarchéime sa Chuntasaíocht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is Cuntasóir Cairte Comhalta í in Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn, tar éis di cáilíocht a fháil le KPMG. Chaith sí 18 mbliana ag Fyffes, ar dtugtaí Fyffes plc, áit a raibh róil éagsúla aici. Bhí sí ina Leasuachtarán Sinsearach don Airgeadas Chorparáideach idir 2008 agus 2021, agus bhí freagracht aici as cumaisc & éadálacha domhanda agus cúrsaí oibriúcháin. Tugann sí comhairle do bhoird éagsúla ar chúrsaí corparáideacha agus maoine. Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin í ar Ionad Cúram Leanaí Thamhlachta, áit ina bhfuil sí ina Cathaoirleach ar an Choiste Airgeadais agus is iarchomhalta í ar an Choiste Rialachais.
Rugadh agus cuireadh oideachas ar an Dr Brian Lang CBE, FRSE i nDún Éideann. Chuaigh sé i mbun taighde antraipeolaíoch shóisialta sa Chéinia sular chaith sé roinnt blianta ag léachtóireacht in Ollscoil Aarhus na Danmhairge. Rinne sé, agus é i Londain, tús a chur leis an Chiste um Chomóradh Oidhreachta Náisiúnta mar a chéad Stiúrthóir, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Stiúrthóir do Ghnóthaí Poiblí don Iontaobhas Náisiúnta. Ceapadh é in 1991 mar Phríomhfheidhmeannach agus Leaschathaoirleach ar Leabharlann na Breataine, áit inar thug sé straitéisí agus nósanna imeachta nua isteach i leith digitithe agus uathoibrithe, agus ag an am chéanna d’éascaigh sé críochnú rathúil cheanncheathrú nua na Leabharlainne in St Pancras in Londain. Rinne sé cathaoirleacht ar Fhóram Leabharlanna Náisiúnta na hEorpa agus choimeád sé caidrimh chruthaitheacha le mórleabharlanna an domhain. In 2000 ceapadh é mar Uachtarán agus Leas-Seansailéir ar Ollscoil Chill Rìmhinn. Bhí an Dr Lang ina chathaoirleach agus ina chomhalta ar Bhoird de mhórfhorais oidhreachta, leabharlanna agus ealaíon, cosúil leis an Chiste Crannchuir Oidhreachta, Músaeim Náisiúnta na hAlban agus Ceolfhoireann Náisiúnta Ríoga na hAlban.