Fáiltíonn OPW roimh An Chonair Phailneora ag Teach, Crannlann agus Gairdíní Fhóite – tionscadal breise um Bithéagsúlacht a fheidhmiú ag Láithreacha Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’oscail an tAire Stáit Patrick O’Donovan, T.D., an Chonair Phailneora ag Teach, Crannlann agus Gairdíní Fhóite, Corcaigh. Ceapadh an Chonair Phailneora mar chomhpháirtíocht idir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Iontaobhas Oidhreachta Éireann agus Tionscadal Éireann um Chaomhnú Beach. Is aidhm don chonair eispéireas cuairteoirí chuig na gairdíní iontacha seo a bhreisiú, an bhithéagsúlacht anseo a léiriú agus tuiscint nios fearr a thabhairt ar an gcothromaíocht íogair san timpeallacht anseo.
Tá dhá stáisiún déag ar an gconair; baineann gach ceann acu le pailniú agus bithéagsúlacht. Mínítear téamaí mar “Cad is Pailniú ann”, “Lóiste na mBeach”, “Plandaí a chothaíonn Pailniú”, chomh maith le faisnéis faoi na cineálacha éagsúlacha beach, Cráinbheach agus Beacha Oibre san áireamh. Féadfar fóin phóca a úsáid chun cóid QR a scanadh ag gach stáisiún chun eolas breise a bhaineann leis an suíomh sin a fháil. Is é an stad deireanach ar an gconair ná an Coirceog Faire, áit is féidir féachaint ar na beacha agus iad i mbun oibre.
Mar cheilúradh ar an Lá Idirnáisiúnta Bithéagsúlachta, beidh Lá Oscailte don phobal ar 22 Bealtaine agus ar 23 Bealtaine.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá díriú láidir ag OPW ar bhithéagsúlacht agus is mó gradam atá buaite ag láithreacha oidhreachta – Teach Bhaile an Chaisleáin, Páirc an Fhionnuisce agus Inis Cathaigh, mar shampla. Anseo ag Crannlann agus Gairdíní Fhóite tá béim ar leith ar phailneoirí. Tá súil agam go spreagfaidh an chonair seo daoine chun féachaint as an nua ar ár dtimpeallacht agus eolas a chur ar an bhfiadhúlra ann.”
Tá plandáil agus garraíodóireacht a chothaíonn pailniú ar bun ag cuid mhór de láithreacha OPW agus sa chaoi seo spreagtar an pobal um eolas a chur ar thábhacht na bithéagsúlachta agus a cothú. Is é mana an Lae Bithéagsúlachta i mbliana ná “Is cuid den réiteach sinn”; meabhraíonn sé sin dúinn uile ár gcion a dhéanamh chun an timpeallacht a chaomhnú. Cuirfidh an chonair phailneora nua seo ag Teach, Crannlann agus Gairdíní Fhóite le tuiscint cuairteoirí ar thábhacht phailnithe san éiceachóras againn.
Um breis eolais nó grianghraif déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland