Tacaíochtaí ar fáil le haghaidh sealbhóirí tí san Oirdheisceart a raibh tionchar ag drochthuilte orthu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé curtha in iúl ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go dtacóidh a roinn le sealbhóirí tí san Oirdheisceart a raibh tionchar ag drochthuilte orthu.
Tá oifigigh Sheirbhís Leasa Pobail na roinne ag obair le Comhairle Contae Loch Garman agus le gníomhaireachtaí eile mar fhreagairt do na tuilte a tharla le déanaí.
Dúirt an tAire Humphreys go gcinntíonn an fhreagairt idirghníomhaireachta go gcuirfear tacaíochtaí ar fáil do na daoine cuí chomh tapa agus is féidir.
Tá tús curtha leis an scéim um Chúnamh Daonnúil i roinn an Aire.
De réir mar a bheidh tús á chur leis na hoibreacha glantacháin, cuirfear tacaíochtaí airgeadais ar fáil don na sealbhóirí tí ábhartha.
Is féidir le haon duine a bhfuil eolas ag teastáil uaidh/uaithi maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil teagmháil a dhéanamh leis an roinn trí ghlaoch ar an uimhir 087-9859290 nó ríomhphost a sheoladh chuig Kieran.Dunne1@welfare.ie
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:
"Tá oifigigh ó mo roinnse ag obair le gníomhaireachtaí áitiúla i Loch Garman agus i gcontaetha eile chun cabhrú leis na daoine a raibh tionchar ag na drochthuilte ar a gcuid tithe.
“Tá úsáid á baint as an Scéim um Chúnamh Daonnúil agus is féidir le haon teaghlaigh agus daoine a bhfuil cabhair ag teastáil uathu teagmháil a dhéanamh lenár bhfoirne Seirbhísí Leasa Pobail chun cabhair a fháil le tacaíocht airgeadais."
Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an phríomhroinn atá freagrach as déileáil le héigeandálaí adhaimsire agus tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) freagrach as gníomhaíochtaí faoisimh chaipitil tuilte. Tá ról tábhachtach ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, áfach, i ndáil le cabhrú le teaghlaigh díreach i ndiaidh teagmhas adhaimsire cosúil le tuilte faoin scéim um chúnamh daonnúil.
Is é cuspóir na scéime um chúnamh daonnúil cruatan a chosc trí thacaíocht airgeadais atá tástáilte ó thaobh acmhainne de a chur ar fáil do dhaoine a ndearna tuilte agus teagmhais adhaimsire damáiste dá dtithe agus daoine nach bhfuil ar a gcumas íoc as na costais a bhaineann le deisiúchán riachtanach, earraí tí agus deisiúchán struchtúrtha i gcásanna áirithe.
I ndiaidh teagmhas adhaimsire, déanann baill foirne i Seirbhís Leasa Pobail na roinne faireachán ar chúrsaí ar an talamh agus oibríonn siad leis na húdaráis áitiúla agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha eile d’fhonn a chinntiú go gcuirtear tacaíochtaí ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn tacaíochtaí uathu chomh tapa agus is féidir. Eisítear íocaíochtaí tacaíochta ioncaim éigeandála chun íoc as earraí riachtanacha cosúil le bia, éadaí agus earraí pearsanta chomh tapa agus is féidir i ndiaidh an teagmhais. B’fhéidir go dtógfadh sé níos mó ama tacaíochtaí eile a sholáthar chun earraí bána, troscán bunúsach agus earraí riachtanacha teaghlaigh eile a sholáthar de bhrí nach mbítear in ann léargas ceart a fháil ar an damáiste atá déanta do thithe go dtí go mbíonn an tuile imithe i léig agus go mbíonn na tithe tirim arís. Clúdaíonn an tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí na hoibreacha feabhais riachtanacha agus d’fhéadfaí go n-áireofaí i measc na n-oibreacha seo plástráil, tirimlíneáil, athleagan urlár, athshreangú leictreach agus péinteáil. D’fhéadfadh go mbeadh roinnt míonna caite sula mbeadh críoch curtha leis an gcéim seo den fhreagairt agus sula mbeadh na híocaíochtaí deiridh eisithe.